Seo mapa 'dh'aimsíos a luann gaeltachtaí na hÉireann agus na hAlban agus na Manann, agus leis sin na teangacha Ceilteacha a labhruítuí, tráth éigint, i Meirice:
https://drive.google.com/file/d/1LgrasN ... sp=sharingCad é an tuairim atá agaibh ar seo? Níl mórán eólais agam-sa ar an ábhar so, sochas an chanúint atá agam-sa. Cad tá i gceart nú ná fuil i gceart aige cruthaitheóir an mhapa so? Dinim amach dréir an mhéid atá luaite aige gur ceann dosna canúintí Mumhan a labhruítuí i dTalamh an Éisc. An raibh a gcanúint féin aige muíntir na háite sin, nú an raibh blas éigint na hÉireann ar a gcuid cainnte? Tá sé cluiste agam go bhfuil
Gàidhlig Chanada beó láidir fós ar an oileán, agus a gcanúint féin aigen muíntir sin. Ní raibh sé ar eólas agam i n-ao' chor gur chosúla Gaelainn Inis Oírr lé Gaelainn na Mumhan ná Gaelainn Chonnacht.