It is currently Sun 02 Aug 2026 9:17 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 59 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4, 5, 6
Author Message
PostPosted: Sat 11 Jul 2026 5:10 am 
Offline

Joined: Thu 04 Jun 2026 6:47 am
Posts: 2
djwebb2021 wrote:
I think newly generated compounds are all weird in Irish.

tosnaíod: this is present subjunctive. See ceannaíod in https://corkirish.wordpress.com/verb-co ... /ceannaim/capcut Of course, sara dtosnaíod can be sara dtosnód, as the future often/usually does replace the present subjunctive.

cáilmhar: having noticed dúilmhar frequently in PUL's works, I believe the -mhar ending to be always broad.


thanks for clarifying tosnaíod as the present subjunctive; that makes a lot more sense now.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 26 Jul 2026 4:33 am 
Offline

Joined: Thu 02 Nov 2023 11:42 pm
Posts: 724
Location: Denver, Colorado
djwebb2021 wrote:
agus bheartaigh sé, dá bhrí sin, filleadh thar n-ais go Calcutta. Ar an mbóthar do, tar éis cheithre chéad míle ’ chur de agus dhá chéad míle fós le dul aige, thúirlig sé dá chapall agus chuaigh ag lámhach sa mhothar ar thaobh na slí. Nuair d’fhíll, is amhlaidh a bhí ná a sheirbhíseach agus na capaill gofa ag cúigear cneamhairí agus iad ag déanamh foghla ar a chuid bagáiste. Do phreab sé chúthu agus scaoil leó agus chuir pileár i mbolg duine acu. Do scaoil duine acu-san leis thar n-ais le ceann dá phiostail féin, gur ghuin sa truigh é. Do bhailíodar leó ansan leis an sluid, agus b’éigin dom dhriotháir dhá chéad míle ’ chur de sa riocht san, é gunta go holc, gan fáil ar chúnamh aige sa dúthaigh bhrothallach san, agus tosach saosúir na báistí ann fairis sin. Do sheasaimh an misneach agus an corp sláintiúil do agus do shrois sé Calcutta fé dheireadh, mar a bhfuair sé leigheas gan mhoíll.
Ní raibh sé dearúdta ag á cháirde ansúd agus tar éis tamaill, ó thárla go caothúil Major Palmer ag dul suas go Poonah ’na Chómhnaitheach ag cúirt Peshwa na Mahrattas, sholáthraíodar leitreacha adhmholtha dho le breith ag triall ar an gcúirt sin agus ghluais sé i bhfochair Major Palmer fé mhór-shláinte agus fé mheanmnain, agus súil aige go mbeadh, ar a laíghead, ceannas catha órdanáis aige. Ó shin i leith, ní bhfuaras tásc ná tuairisc ar an gcrích d’imigh air, ach tá mo mhuinín agus mo dhóchas as gur crích fhónta é. Do bhí corp sláintiúil aige agus misneach seasmhach, bhí sé dea-labhartha agus tá, ní foláir, aibiú tagaithe fén am so ar a mheón, agus eólas ar chúrsaí saeil, ó éagsamhlacht na n‑eachtraithe ’ thárla dho. Táim ag brath le dóchas go mbuailfead arís leis agus is me ’ bheidh áthasach de chionn na teangmhála san.
An tarna driotháir do bhí agam, Matthew, níorbh ionann meón do in aon chor agus do William; ba lú teasaí é agus ba mhó go mór an stuaim a bhí ann; ba thostach é agus ba thugtha do mhachnamh. ’Nár measc féin thugaimís an Spectator air, ó ghiorracht a aghaidh agus ón dtost a chleachtadh sé; ach bíodh ná raibh chómh ré‑bhriathrach le Will agus ná tagadh leis, a dháltha-súd, suaithinseacht mhór, a bhíodh go minic ar bheagán brí, a dhéanamh, agus bíodh go raibh sé támáilthe do-ghluaiste ’na mheón i slí go mbíodh sé go minic seachmallach i láthair cuideachtan, do bhí sprid fáin agus díscire ann ba threise ná éinne againn. Ba mhór aige taisteal, agus eachtraithe, ar a son féin. Dá dheascaibh sin, sara raibh sé na chúig bliana fichead slán, bhí cuaird Shasana tugtha fé dhó nú trí aige, agus bliain caite in America aige, agus an fhaid chéanna in sna hÍndiatha Thiar. Ar fhilleadh ón áit dheiridh sin do, duairt sé liom go raibh beartaithe aige dul anonn sa bhFrainnc agus dul in’ óglach i seirbhís na Poblachta. Thugas mo chómhairle agus mo chúnamh do chuige sin. Thárla san i Mí Lúnasa den bhliain . Do ghluais sé anonn, más ea, go Hamburg, chuaigh as san go Dunkirk agus, arna thairiscint féin dóibh in’ Éireannach gur mhór aige d’onóir cead seirbhíse d’fháil in armála na Frainnce, do cuireadh láithreach i bpríosún ar amhras é. D’fhan ansan go Beallthaine, , nuair a scaoileadh é ar órdú Choiste an Chaomhnaithe Phoiblí, agus, ar dhul go Havre de Grâce do, chuaigh sé ar bórd luinge go hAmerica, mar a dtáinig sé slán an tarna huair um Nollaig le línn dom féin bheith, leis, ann ag feitheamh le luíng a bhéarfadh sa bhFrainnc me, i dtreó go rabhamair araon in America i ganfhios dá chéile, ní is oth liom féin go mór, mar ón gcuma atá ar mo chúrsaí‑se fé láthair, níor chuid ba lú ná an baol atá ann ná teangmhóimís choíche arís le chéile; ach ní dual dom an mí-dhóchas.


There is a fragment missing between this section and the last section that David posted:
Quote:
Do chuir an cúrsa san, agus an cogadh d’éirigh idir Shasana agus an Fhrainnc, deireadh thar fóir le haon dóchas a bhí aige go bhfaghadh sé dul chun cinn, agus bheartuigh sé d’á bhrí sin...


Notes:
tar éis: t'réis is the most common form in CDh, but tar éis is also found alongside t'éis, th'éis, and dh'éis.
cheithre chéad: cheithre céad in the original. The former is correct. Likely a typo
sa mhothar: 'in the thicket'. San mothar in the original, another typo
is amhlaidh a bhí ná a sheirbhíseach: 'thus there was but his servant...'
gofa: gafa in CDh.
cneamhaire: 'rogue'
ag déanamh foghla: 'plundering'
chúthu: pronounced chútha in CDh (spelt chucu in GC)
scaoil [sé] leo: 'he shot at them'
piléar: p'léar in CDh, pronounced /p´l´e:r/. Normally éa is pronounced as /ia/ in most dialects of Munster (not, for example, Waterford Irish, however), but maintains the pronunciation /e:/ when in the second syllable of a word or when following r- at the beginning of a word. There is also a rule in which a weak vowel (/ə/) may be deleted when preceding a stressed syllable beginning with n, l, r. The vowel éa remains /e:/, as originally it was (or is, as it still may be pronounced /p´əl´e:r/) a two syllable word.
b'éigin: b'éigint/b'éigean/b'éigeant in CDh.
riocht: one of the few words that maintains a slender r- at the start of the word (/r´uxt/)
sa dúthaigh bhrothallach san: san dúthaigh bhrothallaigh in the original, with the dative form of the adjective. This form is out of use in modern CDh. However, the adjective may be lenited when following a dative noun.
saosúr: this is the form used in CDh Irish. séasúr is given in the original
fairis: farais in CDh
[font=]shrois[/font]: = shroich in GC. The former form is most common in modern CD, though shroich is found as well.
ní raibh sé dearúdta ag á cháirde: ní raibh sé imithe i ndearmad ag a cháirde in the original
imithe: pronounced /im´əhə/ or /m´ihə/
dearmad: dearúd in Munster
cómhnaitheach: 'resident'
leitreacha: pronounced leitireacha
adhmholadh: 'panegyric'
i bhfochair: 'together with'
meanmain: somheanmain in the original.
ní bhfuaras: ní bhfuaireas or ní fuaireas in CDh.
tásc ná tuairisc: táisc ná tuairisc is most common in CDh.
crích: this dative form now almost entirely replaces the nomitinative form (críoch) in the dialect
thárla dho: thárlaidh do in CDh
a dháltha-súd: a dhált(h)a súd or a dhála súd (?) in CDh.
fé dhó nú trí: 'twice or thrice'
arna: form of ar a used alongside the verbal noun.
tairiscint: tairgsint in the original. Many verbal nouns with (slender) -sc- in their endings may often change to an ending in -gs- or -cs- in CDh. For example: tairiscint ~ tairgsint, feiscint ~ feicsint, tuiscint ~ tuigsint ~ tuicsint

_________________
I'm an intermediate speaker of the Corca Dhuibhne dialect of Irish and also have knowledge on the old spelling
Soir gaċ síar, fé ḋeireaḋ thíar


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 26 Jul 2026 6:15 am 
Offline

Joined: Thu 02 Nov 2023 11:42 pm
Posts: 724
Location: Denver, Colorado
I would like to apologize. For whatever reason the notes that I made on this section didn't save when I submitted the post, which I didn't realize until now. I am also working on transliterating this text in a phonological spelling derived highly off of that used by Kenneth Jackson in his Scéalta ón mBlascaod. If anyone is interested in seeing that please let me know.

_________________
I'm an intermediate speaker of the Corca Dhuibhne dialect of Irish and also have knowledge on the old spelling
Soir gaċ síar, fé ḋeireaḋ thíar


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 26 Jul 2026 7:59 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1759
Do you regard imithe i ndearúd as being a correct phrase in Irish? I adjusted this because it struck me as weird.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 27 Jul 2026 3:50 am 
Offline

Joined: Thu 02 Nov 2023 11:42 pm
Posts: 724
Location: Denver, Colorado
djwebb2021 wrote:
Do bhain oiread san eachtraithe dhúinn araon, agus sinn tagaithe slán chómh hilmhinic ó chúrsaí baeil, go bhfuil cineál de dhán-chreideamh tagaithe dhom agus mar sin tá súil agam go bhfeicfead an lá, agus nára fada go dtí san, nuair ’ bheidh mo mhuíntir ar fad le chéile ath-uair, agus measaim go mbeidh, nú gur ceart go mbeadh, an éirim chun éachta tráite fén am san ionainn go léir.
Dáltha William tá tréith filíochta i Matthew agus cheap sé iarrachtaí beaga den chineál fhionóideach, agus ní mí-shlachtmhar in aon chor iad. Buachaill groí is ea é agus tá grá dílis agam do. ’Sé a aos, i láthair na huaire, a sé nú a seacht fichead de bhlianta. Poblachtaí dílis dúthrachtach is ea Matthew agus thabharfadh sé a bhfuil aige, measaim, ar son a chuid prínseabal. Ní fheadar conas a ghoíll an tréimhse fhada ’ thug sé i bpríosún Franncach air, ach, mura bhfuil dearúd orm, ní dó’ go dtáinig athrú ar bith ar a mheón dá dheascaibh. Is mó measarthacht ar gach slí é ná William nú me féin: mar tá éileamh mór againn-na araon ar shúbhachas agus ar chaitheamh aimsire, agus claonadh chun gaigíochta ná fuil in aon chor ansúd. B’fhéidir ná déanfadh beagán beag den locht san aon díobháil do, agus nár lú-de a thaithneamhaí é.
Is óige go mór mo threas driotháir, Arthur, ná éinne againn, óir is sa bhliain 1782 a rugadh é agus fágann san cheithre bliana déag d’aois anois é. Dar liom, nuair a dh’fhásfaidh sé, is é William in’ ath-bhreith a bheidh ann, ’na mheón agus ’na phearsain. Buachaill breá praitinniúil is ea é, é chómh díomhaoin le lúidín a’ phíobaire (dár ndáltha go léir siar go heireaball), tréithe éirimiúlachta ann, agus é chómh dána le león. Do bheartaigh m’athair atúrnae ’ dhéanamh de agus gan buachaill riamh ar an saol ba neamh-oiriúnaí don ghairm sin ná é. Ó bhí an éirim ba dhual do óna mhuíntir ann chun fánaíochta, b’é a mhian féin dul le máirnéalacht. Do bhí an t-athair ceann-tréan, bhí súd féin amhlaidh agus ba bhaol an buachaill a dhul ar neamaitheas nuair d’éirigh liom‑sa a thathant ar an athair cead a thabhairt é ’ leogaint ar mhuir-eachtra amháin, pé sceal é. Dá bhrí sin, d’imigh sé ar luíng i dteannta captaein dárbh ainm Moyler sa Phoirtingéil. Tuairim dhá bhliain déag d’aois ’ bhí sé an uair sin. Ar fhilleadh dho do thaithn an fharraige chómh mór san leis go ndeighidh sé ’na phríntíseach fé bhannaí chun an Chaptaein Moyler, agus chuaigh sé siúd ar eachtra go Lúndain, agus ar an tarna heachtra go dtí an Poirtingéil. Ar fhilleadh dho ón dturas deiridh sin, theangmhaigh sé liom‑sa i mBéal Feirste le línn dom bheith ag imeacht go hAmerica agus do chin sé ar dhul liom. Thaithn liom é ’ bheith ’nár dteannta, agus mar sin ghluais sé thar an aigéan Atlantach arís in éineacht liom‑sa, agus d’fhan thall nú gur chineas ar dhul sa bhFrainnc nuair a bheartaíos é ’ chur go hÉirinn chun a dh’fhógairt dom cháirde ansúd cad a bhí ar siúl agam. Do chuireas é, dá bhrí sin, ar bórd an Susanna fén gCaptaein Baird ag Philadelphia, an 10ú lá de mhí na Nollag, 1795. Ó shin i leith, toisc imeachtaí an tsaeil, níorbh fhéidir liom a thásc a chlos, ach tá muinín agam gur shrois sé ceann cúrsa go slán agus gur chuir sé an gnó a tugadh do chun críche go feidhmiúil discréideach.
Óig-bhean álainn is ea mo dhrifiúr Mary. Tá aici go huile na tréithe meóin atá ionainn-na, mar aon leis an mánlacht go léir a bhaineann leis na mnáibh. Dá mb’fhear í, bheadh sí díreach ar nós duine againn‑na, agus fé mar atá, toisc gur tógadh i measc buachaillí í—óir ní raibh riamh againn ach aon drifiúr amháin eile, a cailleadh ’na leanbh—tá nós machnaimh na bhfear tagaithe dhi, gan baint ón mbuigeacht bhanda san ’na hiompar is cuí dá chineál agus dá haois. Nuair a cuireadh ar díbirt go hAmerica me, fé mar ’ neósad síos anso, bheartaigh sí bheith páirteach i m’annró, agus mar sin tá sise leis, ar nós na coda eile againn, tar éis turais an aigéin Atlantaigh a chur di.


Notes:
an éirim chun éachta: most often an éirim chuin éacht in CDh: nouns ending in -acht which would normally be third declension in the standard are most often treated as fourth declension in the dialect (i.e., no distinct genitive form)
den chineál fhionóideach: de'n cineál fonómhaideach in the original. The unlenited/uneclipsed c- of chineál is a typo. Lenition of fonóideach would be optional. Attributing adjectives more often only lenite when attributing feminine adjectives in the dative (as in the nominative), but can lenite as well when attributing masculine nouns. As Diarmaid Ó Sé has illustrated, attributing adjectives can also lenite when attributing nouns defined by another leniting determiner (e.g. possessive pronouns, prepositions, etc.), though as I said don (/den) more often causes eclipses in CDh.
in aon chor: the -n of aon is nearly always lenited in native speech: in ao' chor
i láthair na huaire: ar láthair na huaire in the original. 'At the present moment'. Both forms work. As I mentioned prepositions making up temporal adverbs have quite a bit of variety
dúthrachtach: pronounced dúrthachtach in CDh. When in the middle of a word, -thr-, -thl-, and -thn- are almost always pronounced -rth-, -lth-, and -nth-.
prínseabal: priúnsabal in CDh.
mura: muna is more common in CDh but still found alongside mura
subhachas: pronounced súchas
gaigíochta: gaigíocht in CDh
beagán beag: '(to some) slight extent'
atúrnae: with the stress on the first syllable
bhí an éirim ba dhual do óna mhuinntir: in the original: bhí an éirim ba dhual muinntir do. Both forms are correct
neamaitheas: neamhmaitheas in the original. Labial consonants often do not lenite when following other labial consonants (similar to the way in which dentals don't lenite after dentals). The prefix nea- here is really neamh-, though the final -mh is elided when preceding consonants, therefor the -maitheas resists lenition due to the presence of a preceding labial.
i dteannta captaein: fara captaen in the original. I believe that the preposition fara/farae is more common in CDh than in Muskerry, though it is used less nowadays in the dialect.
thaitn: also found in the dialect is thaithn
deighidh: dependent past form of téigh. This form is not present in CDh
mnáibh: more often mná in CDh. The dative plural is found mostly in certain fixed expression in the modern dialect.
'neósad: future form of 'nis (inis), which is an irregular verb in Munster Irish

_________________
I'm an intermediate speaker of the Corca Dhuibhne dialect of Irish and also have knowledge on the old spelling
Soir gaċ síar, fé ḋeireaḋ thíar


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 27 Jul 2026 4:04 am 
Offline

Joined: Thu 02 Nov 2023 11:42 pm
Posts: 724
Location: Denver, Colorado
djwebb2021 wrote:
Do you regard imithe i ndearúd as being a correct phrase in Irish? I adjusted this because it struck me as weird.


I haven't encountered this form before. However I expect that it is correct given Ó Siochradha's possession of the language, albeit perhaps less common/natural

_________________
I'm an intermediate speaker of the Corca Dhuibhne dialect of Irish and also have knowledge on the old spelling
Soir gaċ síar, fé ḋeireaḋ thíar


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 01 Aug 2026 9:15 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Jul 2024 5:15 pm
Posts: 44
Tá an leabhar go léir, gach aon leathanach de, curtha suas ar archive.org: https://archive.org/details/beatha-wolfe-tone. Tá mo chuid oibre goidithe agat, a Chló Ros Nua, a bhithiúnaigh!
Ach is maith é sin. Tá leabhair eile le scanáil agus le cur amach agam mar r-leabhair agus tá súil agam go mbeidh ionam an bheart so do chur i bhfeidhm. Ní deirim ná gur spreagadh me leis.
Séamus O'Neill wrote:
I am also working on transliterating this text in a phonological spelling derived highly off of that used by Kenneth Jackson in his Scéalta ón mBlascaod. If anyone is interested in seeing that please let me know.
Ba mhaith liom an leagan san do léamh, a chara.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 02 Aug 2026 6:22 am 
Offline

Joined: Thu 02 Nov 2023 11:42 pm
Posts: 724
Location: Denver, Colorado
Here is my phonetic version based off of Kenneth Jackson's transcription used in Scéalta na mBlascaod. Because Jackson's spelling was used to convey the exact speech of Peig Sayers as it was recorded, it is difficult to implement it into a context in which the aim is to document the general speech of the dialect, rather than one single person's speech as was spoken at a given time. I have tried my best to use the most common form of a word given the existence of multiple different forms. I have used Ó Sé's Gaeilge Chorca Dhuibhne heavily to help implament this, as well as consulting the corpas which I have collected so far, comparing the frequency of certain forms to others. The spelling system is designed to be as intuitive as possible, and when it has lost that element I will point out the correct pronunciation and why I have chosen to spell it that way. In any situation in which the a certain word has its stress on a syllable not expected in accordence to the most basic patterns illustrated by Ó Sé in his book I have mentioned, I will use the symbol ` for short vowels and ̌ for long vowels. I have decided to use -(e)àch(-) for stressed -(e)ach(-) (when not in the first syllable), simply for the purpose of clarification/abiding to the simplest/most consistent spelling possible. I have kept words with long vowels based on a root containing broad/slender -mh- in which the vowel has become vocalised for the purpose of showing that the vowel may/may not be nasalised. I don't mean to discourage anyone else from posting transcriptions/notes, especially David who's transcription is just as valuable if not more.

Daoine mar chách a b’ea m’athair agus mo mháthair, ach ó’n ngeár-thuairisc seo, agus ó’n méid atá agùm lé cur leis am’ thaobh féin, is folas, dar lium, nár chosúil a gclann a n-ao’ chor lé daoin’ eile, ach go reibh is gach duine ’cu sprid fhiain chuin fánaíocht a bhíon lé fáil, b’fhéidir, uaireanta ’ nduin’ aonair, ach gur anamh a ghaibhean sé a’ chlann uile go fiú na mná. Bhí cuaird tuca eigem’ dhritháir Liam eir an Eóraip, an Asia agus an Afraic sara reibh sé a de’ fihead do bhlianaibh. Tá Maitiú tréis bheith a Meirice fé dhó, sa hÍndiaithe Thiar trus, gan trácht eir umad trus go Sasana agus a chuaird agus a thréimhse príosúin sa’ bhFrainnc, agus sun uile déunta eigè sara reibh sé a seacht fihead do bhlianaibh. Eir aois a ceathair déug tá trus tuca heana eig’ Artúr eir Shasana, dhá thrus eir a’ bPoirtingéil agus dhá thrus thar muar-mhuir a’ dol go Meirice ’gus a’ file. Tá mo dhrifiúr Máire tréis dol tharais a’ muar-mhuir chéuna agus tá súil agùm go ndéunfaig go luath aruíst é dol thar n-ais abhàile dhi. Ní thráchtaim ansò eir mo bhean-chéile ná eir ár mbeirt bhuachailí ’gus a’ cailín níne, ná reibh an té ba shine ’cu ach hocht bliana agus an té a b’óige dhá bhliain d’aois nuair a sheólamair go Meirice. Agus, do réir mar cíotar dom, níl ao’ deimhne àn go bhfuil deire eir fad lé n-ár n-eachtaraithe go fóil.
Tráchtfad anìs oram féin. Mise, mar dúrt, sínsear chluine mo thuismitheóirí, agus ba mhuar a’ bháig a bhí dhom. Cuireach me a n-aois a hocht nú a nao eir scoil sár-mha’ Béurla bhí eige Sisson Darling, duine go rabhas fé chomaoin mhuar eigè trí mhéid a chineáltas agus a dhúrthacht dom. Ghaibh sé cúram thar cách dom. Tá irim agùm fós dò. Bhín ana-dhíomhaoin agus ní bhíoch ao’ rod ach corp náire ghríosaíoch chuin saothair me. Mar sin féin nuair a bhíoch na scrúdúcháin phoiblí a’ drideam lin—bhídís eir siúl gach ráithe ’gus bhíoch ár muíntir agus ár gcáirde uile do láthair—dhinin saothar seal agus d’eidhríoch lium do ghnáth óir tá sé nú seacht do dhuaiseana agùm a ghnóthaíos a mbrainnsí éugsúla eir ao’ scrúdúchán amháin, as ocht matamaitice, uimhireacht, léitheóireacht, agus cleachta na meall-chruine, ⁊rl. Theipeach síoraí oram a dhá n-abhar léin, scríobh, agus Teagasc Críostaí. Ní dh’fhéudfain choíhe thúirt oram féin stuidéar a dhéunamh eir a’ gceann deirig acù sun.
Tréis tuairim trí bliana chaitheamh fara Mr. Darling, agus gbháilt trí chúrsa eir fora-mhuar foghlama ’ Bhéurla, mhol sé go láidir dom’ athair me chur eir scoil Laidine agus me dh’ulamhú a gcómhair na hOl-Scoile. Chuir sé a n-úil dò gur bhuachail breá me, go raibh éirimí nea-choitìanta anùm, a gcómhair mhatamaitice go ró-speisìalta, agus go mbo mhíle trua mo thairife a chaitheamh gan mhathas a ngairim gnótha nuair bo dheimhnitheach é, dá dtugtaí ideàchas fial dom, go dtugfach lium bheith am’ Fellow a gCláiste na Tríonóide, ní ba mhuar mar chéim nea-spleáchais, gan trácht eir a’ nglór a leanfach é.

Notes:
I was reluctant to decide how the issue of apostrophes should be handled when representing the ellision of a phoneme (e.g. dob' ea vs do b'ea vs do b' ea), but in the end it does not really affect the pronunciation. It is important to note that, though in modern CDh Irish it often does, the apostrophe mark does not necessarily mean that a consonant who's following vowel has been ellided must take on the quality of the following vowel (e.g. thus both d'ith with a broad d'- and a slender d'- are possible, albeit with the latter being more common). If a particle is completely ellided I do not use an apostrophe to represent its absence (e.g. é dol = é ag dul)
geár: double consonants as are found in the standard spelling system are avoided other than to represent a dyphthongised vowel (thus -mm(-) is also possible where it is avoided in the standard)
am': = im'. It takes on the quality of the following consonant (i.e. /ə/ before a broad vowel vs /ɪ/ before a slender vowel. Note that in two letter unstressed words the vowel used at the beginning of the word is a- (e.g. an), versus -o at the end (e.g. do, mo, etc.). When the vowel is not week the symbol ` is used (e.g. àn /an/ vs an /ən/, do /də/ vs /do/)
féin: I kept this instead of changing it to héin in order to express that it can be pronounced in both ways.
is: pronounced with a broad -s.
reibh: initial r- is always pronounced broad unless otherwise noted
as: = a before gach. Also exists the form ans.
chuin: also chun, though less common
b'fhéidir: also b'é', mb'é' exist.
ghaibhean: pronounced /ɣain/. In the middle of some words the consonant -bh-/-mh- has not been vocalised as would be expected for the dialect (e.g. uimhir: /iv´ir´/ instead of /i:r´/). When this occurs in a context relating to what would be expected to be a lengthened vowel (e.g. uimhir), I will keep the -bh- (and replace -mh- with -bh- to avoid ambiguity) to show that the consonant is still pronounced (though if the consonant has indeed become vocalised to a lengthened vowel, then that corresponding vowel will replace the consonant, e.g. duibhe --> duí), e.g. uimhir --> ibhir. However, because the lenited -bh-/-mh- may often be necessary to represent dyphthongisation as opposed to lengthening, those consonants are kept (-bh- representing a plain vocalised dyphthong, and -mh- representing a nasal one), and if ever arises a context in which that same consonant might not be alided, it will be represented by the letter -v- to avoid ambiguity (though this very seldome occurs). For example, if the word ghaibhean were not to be pronounced as /ɣain/, but instead /ɣav´ən/, the spelling ghaivean would be used.
I have kept most of the proper names partaining to people/countries as they were in Ó Siochfhradhas original version, as nowadays in the dialect there are many different forms to be expected.
sara: also sula
fihead: I have changed intervocalic -ch- to -h- when pronounced as /-h-/ (as it almost always is in the dialect), as has Jackson, and maintain -ch- when it may be pronounced either as /-x´-/ or /-h-/ (as in íche = oíche)
sun: I have chosen to spell this as sun instead of san to show that, though it often is unstressed, it is pronounced /sun/ when stressed as opposed to /san/.
déunta: I have chosen éu to represent the sound /ia/ vs éa representing long /e:/ when proceding a broad consonant
muar: also múr
dol: also dul
dhrifiúr: Ó Sé would have driofúr as the nominitive though I have found drifiúr to be more common.
ndéunfaig: Jackson often replaces unstressed -ai- with -ui-, though somewhat inconsistently (e.g. mostly for conjugated forms of the verb). I have decided not to do this. Since -a(i-) is already regularly pronounced /ə/ outside of stressed syllables there is not need to change it.
aruíst: also aruís
an té: I have most often heard the -n- pronounced, therefor I have chosen to keep it in the spelling. Under all other circumstances of the article before a consonant it is usually ellided, therefor I have chosen otherwise the spelling a'.
do réir: also déir, dréir
àn: also ann
anìs: the -n- may be either broad or slender in quality.
rod: also rud
drideam: also druideam, druidim, dridim, didim
bhídís: also bhídíst
do láthair: also a láthair
dhinin: also dhéinin
meall-chruine: not sure what this means
scríobh: scríobhadh in the original
fara: also farae
gbháilt: pronounced either /gva:lt´/ or /gwa:l´t´/. There is also gbháil

I understand how this spelling system could be very confusing. Please let me know if there is anything I should clarify/if there is any inconsistencies.

Gréasaghas wrote:
Tá an leabhar go léir, gach aon leathanach de, curtha suas ar archive.org: https://archive.org/details/beatha-wolfe-tone. Tá mo chuid oibre goidithe agat, a Chló Ros Nua, a bhithiúnaigh!
Ach is maith é sin. Tá leabhair eile le scanáil agus le cur amach agam mar r-leabhair agus tá súil agam go mbeidh ionam an bheart so do chur i bhfeidhm. Ní deirim ná gur spreagadh me leis.
Séamus O'Neill wrote:
I am also working on transliterating this text in a phonological spelling derived highly off of that used by Kenneth Jackson in his Scéalta ón mBlascaod. If anyone is interested in seeing that please let me know.
Ba mhaith liom an leagan san do léamh, a chara.


A Ghréasaghais, an mbeadh suim agat nó ag éinne eile i dtaifeadadh don leabhar?

_________________
I'm an intermediate speaker of the Corca Dhuibhne dialect of Irish and also have knowledge on the old spelling
Soir gaċ síar, fé ḋeireaḋ thíar


Last edited by Séamus O'Neill on Sun 02 Aug 2026 8:53 pm, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 02 Aug 2026 7:44 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Jul 2024 5:15 pm
Posts: 44
Séamus O'Neill wrote:
A Ghréasaghais, an mbeadh suim agat nó ag éinne eile i dtaifead don leabhar?

Beidh go deimhin, a Shéamuis, ach b'fhuath liom aonní ' chur d'fiachaibh ort.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 59 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3, 4, 5, 6

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 422 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
cron
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group