Cúmhaí wrote:
Má fhéachann tú ar an nuacht ar TG4, ní fear atá acu mar phríomhdhuine. Is mná atá acu mar léitheoirí, go bhfeicim. Ach tá fir ann freisin le haghaidh na dtuairiscí spóirt.
Tá an ceart agat go bhfuil Gaeilge Chonamara ag an bpríomhmhná, ach tá comhairleoir polaitaíochta acu ón Rinn, darb ainm "Sorcha." Is annamh an lá nach mbíonn sí ag caint faoi rud éigin.
Go ginearálta bíonn iriseoirí éagsúla acu leis na canúintí éagsúla. An t-aon fhadhb atá leis an gclár ná go mbíonn droch-Ghaeilge acu siúd a dhéantar agallamh leo go minic. Ach ní féidir é sin a sheachaint más in Éirinn atá tú.
GRMA