micab wrote:
Féach ar irishgaelictranslator.com agus an chuma atá ar an suíomh sin inniu.Camléirithe ag bualadh bob ar dhaoine , an suíomh tréigthe ag baill a tháinig trasna go dtí IGLF.Tá sé thar am bac a chur ar téacs ar bith nach litreacha Rómhánach iad .
Ba cúnamh é chun stop a chur leo siúd nach bhfuil suim acu eolas, teanga ná cultúr a chur chun cinn.
Tá an cineál céanna ar an suíomh IGT chomh maith agus is cosúil go bhfuil "bailitheoir nascanna" ag obair chun go bhfuair siad seoladh IGLF.
Thug mé comhairle roinnt seachtainí ó shin go raibh rudaí i gcontúirt agus is cosúil gur sin mar atá.
Tá fadhb ollmhór ag an domhan inniu leis an idirlíon gan teorann agus muna ndéantar modhnóireacht , tógfaidh na droch bhaill ceannas agus sin é deireadh an scéil.Tá stair le seo .i. MySpace,Bebo etc , táim ag déanamh fáistine faoin meán shóisialta Facebook,Twitter,LinkedIn ,Instagram,WhatsApp go mbeidh deireadh le cuid acu faoi cheann cúig bhliana.
Tá an iomarca daoine ag fáil bréan don tseafóid atá a chur orthu agus stopfaidh an droch phoiblaíocht na comhlachtaí móra ag cur fógraí orthu.
Faoi láthair tá na páipéir nuachta ag laghdú de réir an lae agus ag cailleadh léitheoirí , fógraí etc.
Chomh dearfa is tá an Cháisc ar an Domhnach tá an scéal céanna i ndán de chuid dóibh siúd a luaigh mé
Tá mé ag ceapadh go bhfaghann muid réidh le spam scuipí go maith anseo.
Ná himigh uainn.