Croithlí Mac Daithí wrote:
Dia daoibh, tá cúpla ceist agam faoi an ainm Daragh. Ar dtús cad é an leagan gaeilge do. An bhfuil sé Daragh, Dáire, Darach, Dara nó rudneacht eile? An bhfuil siad uillig gealach?
'Sé Dara/ Darach an leagan Gaelach de, ach ní bheadh iognadh orm dá mba rud é go bhfaightear Daragh/ Daradh insna lámhscríbhinníbh déanacha; ach go bhfios dom, is foirceann neamhstaireamhail é -
gh.
Is comhainmneacha iad Darach/ Dara, síolraítear ó thuisil agus ó dhíochlaontaibh/ ghasanna difriúla an fhocail dair 'oak'. Síolraíonn an ainm, Dáire ó fhocal eile; ach mar sin fhéinig, dh'fhéadfaidíst bheith fite fuaite le chéile anois; ach go stairiúil, ní hionann na hainmneacha sin.
Sa tseana-Ghaoluinn, bhí an an focal
dair 'oak' ina i-ghas (i-stem), mar sin do chríochnaigh an ginideach bhuatha leis an bhfoirceann -
o/-
a .i.
daro/ dara;* mar shampla: Cill Dara 'the chapel of oak'.
*Thá'n foirceann -
o níos sine.
Ach níos déanaí sa tSeana-Ghaoluinn, le tosach aimsir na Meán-Ghaoluinne - agus níos doithche fós, go háirithe leis an schwa - do thosnaigh córas na ngasanna ag titim isteach ar a chéile sa mhéid is go raibh éiginnteacht agus éagsúlacht ollmhór ann. Mar sin, bhí mearbhall ann chomh maith maidir leis an bhfocal 'dair', do chaithtí leo mar gas-g/ch (k) go minic - b'fhéidir de bharr chomhchosúlacht leis an bhfoirceann -(
a)
ir, cf.
cathair (gin. bhuatha, cathrach) - agus sin an chúis go bhfuil an ginideach 'darach' agat, óir 'sé an foirceann -
ach gnáthfhoirceann ghais-g.
'Sé 'darach' an ghnáthghinideach fós inniumh:
http://www.teanglann.ie/en/fgb/dairAch maireann an seana-ghindeach 'dara' mar leagan eagsúil de: (dara3):
http://www.teanglann.ie/en/fgb/dara De réir an e
DIL, tagann an aimn Darach ón ngáth Ainmneach iolra
daraig (gas-i):
http://www.dil.ie/14638Ach ní aontaím le sin, Do Dhéarfainn gur ón nginideach (gas-g) a thagann sé, .i.
darach fhéin.
Is iomaí a bhíonn an seana-ghinideach agat mar an ainmneach i gcás ainmneacha, go háirithe leis an gas-n; Bricrenn (<Bricriú), Goibhneann (< Goibhniú), Con (<Cú) srl... .
Dair:
http://www.dil.ie/14250An ainm Dara:
http://www.dil.ie/14636 An ainm Dáire:
http://www.dil.ie/14270Croithlí Mac Daithí wrote:
Secondly what's the vocative case of Daragh, I know that most names take a seimhú ( a Shéan, a Phadraig, ect) but that doesn't seen to work with Daragh. It comes out like A Yara or A Ara. Is there another form?
Masculine names are also palatalised where possible in the vocative, e.g. a Sheáin, a Mhichíl/ a Mhichil, a Thomáis, a Dhomhnaill.
-The vocative of Dara would be 'a Dhara'.
-If Dara is realised as Daragh in Irish, the vocative wold be 'a Dharaigh'. The pronunciation of the -
igh termination differs according to dialect; Munster is usually -
ig, unless it is followed by a pronoun; in Connachta it is usually something like -
iu; whereas in Ulster its usually -
í.
-Darach, traditionally speaking, should be 'a Dharaigh' (as it would be in Munster). But -
ach endings can resist palatalisation (esp. in Connachta; cf. a mhac), and therefore 'a Dharach' would be common.
Cian
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)