Áine Óir wrote:
Mo leithscéal, is í seo an cheist dheireanach atá agam daoibh maidir leis an aistriúchán seo!
He would start to hate opening the door into this house full of ghosts.
Beagán ar bheagán thiocfadh gráin air roimh filleadh ar ais ar an teach seo, teach lán le taibhsí.
Dar le mo stiúrthóir níl an Ghaeilge soiléir go leor, ach ní thig liom aistriúchán eile a cheapadh... D'úsáid mé "roimh" toisc go bhfuil sé úsáidte agam san abairt a thagann díreach roimhe:
But he would start to dread it.
Ach thiocfadh drogall air roimh teacht abhaile
Céard a mheasann sibh?
An dtiocfadh leat níos mó den chomhthéacs a thabhairt dúinn?
- 'opening the door into this house' - Ciall litriúil nó 'figurative'?
- An bhfuil an doras oscailte aige cheana féin, nó an bhfuil an doras le hoscailt go fóill?
- '...drogall air roimh...' An é 'drogall' an focal cuí?
- Go bhfios domhsa, ní bhíonn 'gráin/fuath' ag duine 'roimh' rud: 'ar' nó 'do' na réamhfhocail a ghabhann leo de ghnáth.
- Nár mhínigh sé/sí duit an fáth ar mheas sé/sí nach raibh an Ghaeilge soiléir go leor?