Wes H. wrote:
Sheol mé tweet chuig na leaids i Rís agus thug siad cead na liricí a roinnt anseo:
Feicim Ór
Níl do gháirí sa le cloisteáil san áit seo
Tá do Mhama croí bhriste, le deora
Idir saoirse & daoirse, tá na mílte imigh uainn,
We thought those immigration songs were over my friend.
Tá mé ag siúl i mbróga m'athair
The land of the brave and the home of the free
Oh the land of the brave is no home for me
I mo chroí, feicim Leitir Móir agus Tír an Fhia,
Na daoine bochta a chuaigh romhainn a stór,
Mar nuair a smaoinín orthu, feicim ór
Caite siar, ag smaoiniú ar an dream a d'fhág mé shiar,
Nach mór an náire an scaradh 's éagóir
Mar nuair an smaoiním orthu, feicim ór.
Feicim ór, ór i gcroíachaí (gcroíthe) na ndaoine
I nádúr dheas mo mhuintir,
Feicim ór, ór ag imirt peil ar an Máimín, ag crochadh bratach Leitir Móir,
Féicim ór, Feicim ór, Feicim ór
Aiféala
Aiféal fadó an lá
Braon eile ón mbuidéal 's brón ar an mbás,
Scaoil amach an uaigneas, Scaoil isteach an ghrá
Siopa eile dúnta, 1,2,3
Níl tada istigh sa mbanc agam, i dtraipisí,
Ach seo an méid atá fhios againn
Béic amach ós ard
Solas i do shúile
Oh oh oh
Pilliúr leat sa mbaile
Solas i do shúile, níl tada fágtha againn
Bhí bóthar romhamsa fada ón lá
Thóig mé an casadh mí-cheart, b'sin é mo chrá
Murach thú bheith taobh liom, bheinnse fós ar strae
Ach tháinig tú ar nós aingeal in san oíche,
Tharraing tú ón bpoll mé, 's tá tú le' thaobh
Má bhí aiféala orm, níl sé orm níos mó
Solas i do shúile
Oh oh oh
Pilliúr leat sa mbaile
Solas i do shúile, níl tada fágtha againn
Aiféal fadó an lá
Braon eile ón mbuidéal 's brón ar an mbás,
Scaoil amach an uaigneas, Scaoil isteach an ghrá
Do you need translations for these, a ghliaire, or are can you follow the Irish well enough?
Redwolf