ILF - Irish Language Forum https://irishlanguageforum.com/ |
|
Gaelscéal Editorial 4th July 2012 https://irishlanguageforum.com/viewtopic.php?f=37&t=1296 |
Page 1 of 1 |
Author: | Braoin [ Mon 09 Jul 2012 12:31 am ] |
Post subject: | Gaelscéal Editorial 4th July 2012 |
Eagarfhocal Gaelscéal 4 Iúil 2012 Gaelscéal Editorial 4th July 2012 SOUNDFILE: https://www.box.com/s/d585193fbf893f5f075b xxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxx IRISH LANGUAGE ORIGINAL: Baol ann go bhfillfear ar mheon ‘Croppies lie down’ Tríd is tríd, cuireadh an-fháilte roimh chinneadh Martin McGuinness, Leas-Uachtarán Shinn Féin, buaileadh le Banríon Shasana, Eilís a II, i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. Tugtar ‘The Queen’ uirthi sna meáin Bhéarla ach ní luaitear aon bhanríon i mBunreacht na hÉireann agus cloífidh Gaelscéal leis sin. Banríon Shasana atá inti go fóill. Tá Aontachtaithe an Tuaiscirt ag glacadh le croitheadh láimhe Martin McGuinness leis an mBanríon mar bhua amach is amach. “There are also perfectly fair comments to be made about it being the final surrender of Sinn Féin’s core ideology,” a scríobh an colúnaí Aontachtach, Michael Shilliday, sa pháipéar Aontachtach, “The Belfast Newsletter.” Ní raibh a chomhghleacaí sa Newsletter, Alex Kane, chomh sásta céanna ach dar leis: “..this generation of IRA/Sinn Féin republicanism has already joined a very long line of losers.” Tá baol ann go bhfuil roinnt Aontachtaithe ag filleadh ar mheon ‘Croppies lie down’ leis an gcaint seo gur ‘ghéill’ an tIRA. Tá a fhios againn na fadhbanna ollmhóra a chothaigh an ceiliúradh a dhéantar ar an mbua a fuair Liam Oráisteach ar Chaitlicigh na hÉireann in 1690 - an bhfuil aithris á dhéanamh air sin anois? Tá baol ann go láidreoidh an ‘triumphalism’ seo lámh na ‘n-easaontóirí’, iad siúd a chreideann sa ghunna i gcónaí, faraor, ach tá lúcháir na nAontachtaithe intuigthe. Tá ceisteanna á gcur ag go leor poblachtach, cén fáth ar throid muid? Cén fáth ar chaith muid ár n-óige i bpriosún? Cén fáth ar mharaigh muid daoine ar a shon seo? “Meeting with and recognising Elizabeth Windsor as head of the British state in Ireland is but another step along the disreputable path of reformism and one more premeditated and calculated step further away from the revolutionary goal of establishing a free, sovereign and socialist Republic in Ireland,” Breandán Mac Cionnaith ón bpáirtí poblachtach, Éirígí. Ní bheadh Sinn Féin ar aon fhocal le dream ar bith acu seo ar ndóigh. Dar leo, is poblachtaigh Éireannacha iad go fóill agus cibé rud atá ar bun acu, is ar son na cúise atá sé, ar son Éire Aontaithe. Is cosúla, áfach, gur shocraigh siad buaileadh le hEilís a II de bhrí gur síleadh go ndearnadh botún anuraidh nuair nár bhuail siad léi go hoifigiúil agus í ar cuairt i bPoblacht na hÉireann den chéad uair riamh. Ach, más ceadmhach é sin go fóill, an féidir linn ceist a chur? Cá bhfuil ‘Acht na Gaeilge’? An féidir a rá gur baineadh ‘cothrom na féinne’ amach sa Tuaisceart gan é? Gan Acht Gaeilge, bí cinnte go bhfuil an ceart ag na hAontachtaithe - tá an bua acu amach is amach. Chomh maith leis sin, cé gur beag an baol go bhfeicfidh duine ar bith beo Éire Aontaithe, de bhrí gur beag an baol go mbeidh reifreann ann sa mheántréimhse fiú - an féidir linn ceist a chur. Ní mór dúshlán na dtuairimí seafóideacha atá ag na Páirtithe Aontachtacha faoin teanga a thabhairt seachas a bheith ag fústráil timpeall ag iarraidh biogóideacht a shásamh, rud nach bhfuil indéanta. Ach an ndéanfar íobairt as an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe chun na hAontachtaithe a shásamh? Iarrfaidh Aontachtaithe deireadh a chur le cibé cosaint a bheas fágtha ag an nGaeltacht, le comharthaíocht dhátheangach, deireadh le háit na Gaeilge sa chóras oideachais agus le stádas oifigiúil na teanga. An féidir linn a bheith cinnte nach bhfaigheadh siad a leithéid? An bhfuil aon ‘chomhréiteach’ nach ndéanfar? Sin ceist atá ar Shinn Féin a fhreagairt. Ná déanaimis dearmad, nach bhfuil aon tábhacht le ‘hÉire Aontaithe’ i gcomparáid leis an tábhacht atá leis an nGaeilge. xxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxx ENGLISH TRANSLATIONS and BREAKDOWN OF PHRASES: Baol ann go bhfillfear ar mheon ‘Croppies lie down’ There is a danger of a return to the ‘Croppies lie down’ attitude baol ann = tá baol ann = there is a danger go bhfillfear ar mheon xx = that there will be a return to the xx attitude meon xx = an xx attitude fillfear ar xx = there will be a return to xx Tríd is tríd, cuireadh an-fháilte roimh chinneadh Martin McGuinness, Leas-Uachtarán Shinn Féin, buaileadh le Banríon Shasana, Eilís a II, i mBéal Feirste an tseachtain seo caite. In the main, the decision of Martin McGuinness, Vice-President of Sinn Féin, to meet Queen Elizabeth II was very welcomed in Belfast last week. tríd is tríd = in the main / in general cuireadh an-fháilte roimh xx = xx was made very welcome cinneadh Martin McGuinness = Martin McGuinness’s decision leas-uachtarán = vice-president Sinn Féin = the republican party Uachtarán Shinn Féin = the Sinn Féin president buaileadh le Banríon Shasana = to meet the Queen Béal Feirste = Belfast an tseachtain seo caite = an tseachtain seo atá caite (the ‘atá’ is not said or written) = last week Tugtar ‘The Queen’ uirthi sna meáin Bhéarla ach ní luaitear aon bhanríon i mBunreacht na hÉireann agus cloífidh Gaelscéal leis sin. She is called ‘The Queen’ in the English language media but there is no mention of any queen in the Irish Constitution and Gaelscéal will abide by this. Tugtar ‘The Queen’ uirthi = She is called ‘The Queen’ sna meáin Bhéarla = in the English language media ach ní luaitear aon bhanríon = but any queen is not mentioned i mBunreacht na hÉireann = in the Irish Constitution An Bunreacht = the Constitution Bunreacht na hÉireann = the Irish Constitution agus cloífidh Gaelscéal leis sin. = and Gaelscéal will abide by this. Cloífidh mé leis an riail = I will obey/abide by the rule leis sin = with that agus leis sin d’imigh sé = and with that he left níl baint agam leis sin = I have no connection with that / I have nothing to do with that Banríon Shasana atá inti go fóill. She is still the Queen of England. an bhanríon = the queen pálás na banríona = the queen’s palace pálás na mbanríonacha = the queens’ palace Sasana = England Rí Shasana = the King of England Banríon Shasana = the Queen of England teach atá ann = it is a house / it is a house there fear atá ann = he is a man / it is a man there bean atá inti = she is a woman bean atá ann = it is a woman there go fóill = yet / still (in the sense of time) Tá Aontachtaithe an Tuaiscirt ag glacadh le croitheadh láimhe Martin McGuinness leis an mBanríon mar bhua amach is amach. The Northern Unionists are accepting the handshake of Martin McGuinness with the Queen as an out and out victory. an tAontachtaí = the Unionist na hAontachtaithe = the Unionists an Tuaisceart = the North an Tuaiscirt = of the North tá xx ag glacadh le yy = xx is accepting yy an bua = the victory fuair mé an bua = I won / was victorious amach is amach = out and out / outright “There are also perfectly fair comments to be made about it being the final surrender of Sinn Féin’s core ideology,” a scríobh an colúnaí Aontachtach, Michael Shilliday, sa pháipéar Aontachtach, “The Belfast Newsletter.” xx a scríobh an colúnaí = xx wrote the columnist Aontachtach = Unionist (adjective) sa pháipéar (sa bpáipéar) Aontachtach = in the Unionist paper Ní raibh a chomhghleacaí sa Newsletter, Alex Kane, chomh sásta céanna ach dar leis: “..this generation of IRA/Sinn Féin republicanism has already joined a very long line of losers.” His colleague Alex Kane was not quite so pleased but according to him:... Ní raibh xx = xx was not an comhghleacaí = the colleague a chomhghleacaí = his colleague chomh sásta céanna = quite so pleased/satisfied chomh maith céanna = quite as good ach = but dar leis = according to him / in his opinion dar leo = according to them / in their opinion dar liom = according to me / in my opinion dar leat = according to you / in your opinion Tá baol ann go bhfuil roinnt Aontachtaithe ag filleadh ar mheon ‘Croppies lie down’ leis an gcaint seo gur ‘ghéill’ an tIRA. Tá a fhios againn na fadhbanna ollmhóra a chothaigh an ceiliúradh a dhéantar ar an mbua a fuair Liam Oráisteach ar Chaitlicigh na hÉireann in 1690 - an bhfuil aithris á dhéanamh air sin anois? There is a danger that some Unionists are returning to the ‘Croppies le down’ attitude with this talk that the IRA ‘yielded’. We know the huge problems that the celebration of Liam of Orange’s victory over the Catholics of Ireland in 1690 created - is this now being imitated? Tá baol ann = There is a danger tá baol ann go bhfuil = there is a danger that roinnt = some ag filleadh = returning ag filleadh ar xx = returning to xx meon ‘Croppies lie down’ = ‘Croppies lie down’ attitude an chaint seo = this talk an chaint seo ar xx = this talk of xx leis an gcaint seo = with this talk gur ghéill xx = that xx yielded IRA = Irish Republican Army Tá a fhios againn = we know Tá a fhios agam = I know na fadhbanna ollmhóra = the huge/enormous problems a chothaigh xx = that xx stirred up / that xx fed (see other meanings of the verb ‘cothaigh’ in different contexts) an ceiliúradh a dhéantar ar xx = the celebration that is made of xx an bua a fuair Liam = the victory that William got Liam Oráisteach = William of Orange Caitlicigh na hÉireann = the Catholics of Ireland an bhfuil aithris á dhéanamh air sin = is that being imitated aithris a dhéanamh ar dhuine = to copy someone anois = now Tá baol ann go láidreoidh an ‘triumphalism’ seo lámh na ‘n-easaontóirí’, iad siúd a chreideann sa ghunna i gcónaí, faraor, ach tá luacháir na nAontachtaithe intuigthe. There is a risk/danger that this ‘triumphalism’ will strengthen the hand of the ‘dissenters’, those who still believe in the gun, alas, but the Unionists’ delight is understandable. láidreoidh xx an yy seo = xx will strengthen this yy láidrigh = strengthen (the verb) lámh na ‘n-easaontóirí’ = the hand of the dissenters an t-easaontóir = the dissenter iad siúd = those iad siúd a théann ar scoil = those who go to school iad siúd a chreideann = those who believe sa ghunna / sa ngunna = in the gun an gunna = the gun i gcónaí = presently / at this time / always tá sé ann i gcónaí = he/it is there presently (with the sense that he/it never really moved) (NB I myself have not seen this sense of ‘i gcónaí’ in the dictionary; perhaps it exists only in some spoken Irish - I will leave it to others to help us here...) bíonn sé ann i gcónaí = he/it ‘does be’ there always = he/it is always there faraor = alas ach = but an lúcháir = the joy / rejoicing / gladness (This was spelled ‘luachair’ in the original, and since I don’t think it has anything to do with something growing down by the waters edge, I took the liberty of changing it to ‘lúcháir’) tá lúcháir na nAontachtaithe intuigthe = the gladness of the Unionists is understandable na hAontachtaithe = the Unionists intuigthe = understandable Tá ceisteanna á gcur ag go leor poblachtach, cén fáth ar throid muid? Cén fáth ar chaith muid ár n-óige i bpriosún? Cén fáth ar mharaigh muid daoine ar a shon seo? Enough republicans are asking, why did we fight? Why did we spend our youth in prison? Why did we kill people for the sake of this? Tá ceisteanna á gcur ag xx = xx is asking questions ceist a chur = to ask a question Cuir ceist = ask / ask a question go leor daoine = enough people / many people an fear = the man na fir = the men teach na bhfear = the men’s house go leor fear = enough/many men an poblachtach = a republican na poblachtaigh = the republicans teach na bpoblachtach = the republicans’ house go leo poblachtach = enough/many republicans cén fáth ar throid muid? = why did we fight? Cén fáth ar chaith muid xx = why did we spend xx Cén fáth ar chaith muid xx = why did we shoot xx Cén fáth ar chaith muid xx = why did we smoke xx (NB: Be careful of contexts and word usage in Irish...) Chaith muid ár n-óige = we spent our youth an priosún = the prison i bpriosún = in prison Cén fáth ar mharaigh muid daoine = why did we kill people ar a shon seo = for the sake of this/him “Meeting with and recognising Elizabeth Windsor as head of the British state in Ireland is but another step along the disreputable path of reformism and one more premeditated and calculated step further away from the revolutionary goal of establishing a free, sovereign and socialist Republic in Ireland,” Breandán Mac Cionnaith ón bpáirtí poblachtach, Éirígí. Brendan Mac Cionnaith from the republican party Éirígí. an páirtí poblachtach = the republican party éirigh = rise/arise (verb) (speaking to one person) éirígí = rise/arise (speaking to more than one person) Ní bheadh Sinn Féin ar aon fhocal le dream ar bith acu seo ar ndóigh. Dar leo, is poblachtaigh Éireannacha iad go fóill agus cibé rud atá ar bun acu, is ar son na cúise atá sé, ar son Éire Aontaithe. Sinn Féin would not agree with any of these groups of course. In their opinion, they are Irish republicans still and anything they have established, it is for the cause, it is for a United Ireland. Ní bheadh xx ar aon fhocal le yy = xx would not be in agreement with yy dream ar bith acu seo = any of these crowds/groups an dream = the crowd/group/body of people ar ndóigh = of course Dar leo = in their opinion (this is covered previously) is poblachtaigh Éireannacha iad = They are Irish republicans is xx yy = yy is an xx is xx é = he/it is an xx is xx iad = they are (an) xx go fóill = yet cibé rud atá ar bun acu = whatever they have established / whatever they have going on cibé rud = whatever tá xx ar bun acu = they have established xx / they have xx going on / they are ‘in the business’ of xx an chúis = the cause ar son na cúise = for the cause in éadan na cúise = against the cause tá sé = it is ar son na cúise atá sé = for the cause it is / it is for the cause Éire Aontaithe = a United Ireland Is cosúla, áfach, gur shocraigh siad buaileadh le hEilís a II de bhrí gur síleadh go ndearnadh botún anuraidh nuair nár bhuail siad léi go hoifigiúil agus í ar cuairt i bPoblacht na hÉireann den chéad uair riamh. It is most likely, however, that they decided to meet Elizabeth II because it was thought that a mistake was made last year when they did not meet her officially while she was visiting the Republic of Ireland for the first time ever. Is cosúla gur xx = it is most/more likely that xx (NB: I would put this ‘is mó is cosúil gur xx’ - but then languages change and meanings change - and I will leave this open to discussion...) áfach = however gur shocraigh siad buaileadh le xx = that they decided to meet xx de bhrí gur síleadh gur xx = because it was thought that xx Síleadh gur mhaith an rud é = it was thought it would/was a good thing rinneadh botún = a mistake was made go ndearnadh botún anuraidh = that a mistake was made last year nuair nár bhuail siad léi = when they did not meet her go hoifigiúil = officially agus = and / while (the meaning here is ‘while’) agus í ar cuairt = while she is/was visiting den chéad uair riamh = for the first time ever Ach, más ceadmhach é sin go fóill, an féidir linn ceist a chur? But, if that is still permitted, can we pose a question? Ach = But más ceadmhach é = if it is permitted/allowed é sin = that go fóill = yet an féidir linn ceist a chur = can we ask a question an féidir linn? = can we? is féidir linn = we can ceist a chur = to ask / to ask a question Cá bhfuil ‘Acht na Gaeilge’? An féidir a rá gur baineadh ‘cothrom na féinne’ amach sa Tuaisceart gan é? Gan Acht Gaeilge, bí cinnte go bhfuil an ceart ag na hAontachtaithe - tá an bua acu amach is amach. Where is ‘the Irish Language Act’? Can it be said that ‘fairness’ was reached in the North without it? Without an Irish Language Act, be sure that the Unionists are correct - they have won outright. Cá bhfuil xx? = Where is xx? Acht na Gaeilge = the Irish Language Act Acht Gaeilge = an Irish Language Act An féidir a rá? = Can it be said? gur baineadh xx amach = that xx was reached cothrom na féinne = fairness / justice sa Tuaisceart = in the North gan é = without it bí cinnte go bhfuil xx ... = be sure that xx is ... tá an ceart aige = he is right tá an ceart aici = she is right tá an ceart ag xx = xx is right tá an ceart ag na hAontachtaithe = the Unionists are right tá an bua acu = they are victorious amach is amach = outright Chomh maith leis sin, cé gur beag an baol go bhfeicfidh duine ar bith beo Éire Aontaithe, de bhrí gur beag an baol go mbeidh reifreann ann sa mheántréimhse fiú - an féidir linn ceist a chur. As well as that, even though there is little danger of anybody seeing a United Ireland, because there is little danger that there will even be a referendum in the meantime - can we pose a question? Chomh maith leis sin = as well as that cé gur beag an baol = even thought there is little danger / chance ‘Beag an baol!’ = Fat chance! go bhfeicfidh duine ar bith beo = that anybody at all will see duine ar bith = anybody duine ar bith beo = anybody at all / nobody de bhrí gur imigh xx = because xx went beag an baol = there is little chance/danger go mbeidh reifreann ann = that there will be a referendum sa mheántréimhse fiú = in the intervening period even fiú = even an féidir linn ceist a chur = can we pose a question Ní mór dúshlán na dtuairimí seafóideacha atá ag na Páirtithe Aontachtacha faoin teanga a thabhairt seachas a bheith ag fústráil timpeall ag iarraidh biogóideacht a shásamh, rud nach bhfuil indéanta. The nonsensical opinions that the Unionist Parties have of the language most be tackled instead of fidgeting about trying to satisfy bigotry, a thing that is not possible to do. Ní mór dúshlán na dtuairimí seafóideacha atá ag na Páirtithe Aontachtacha faoin teanga a thabhairt seachas a bheith ag fústráil timpeall ag iarraidh biogóideacht a shásamh, rud nach bhfuil indéanta. dúshlán xx a thabhairt = to challenge xx an tuairim = the opinion dúshlán na dtuairimí a thabhairt = to challenge the opinions an tseafóid = the nonsense seafóideach = nonsensical seachas = instead ag fústráil timpeall = fidgeting/messing about ag iarraidh xx a shásamh = trying/wanting to satisfy xx biogóideacht = bigotry rud atá indéanta = a thing that can be done rud nach bhfuil indéanta = a thing that cannot be done Ach an ndéanfar íobairt as an Ghaeilge in Éirinn Aontaithe chun na hAontachtaithe a shásamh? But will the Irish language in Ireland be sacrificed to please the Unionists? Ach = But an ndéanfar íobairt as xx = will a sacrifice be made of xx an Ghaeilge = the Irish language Éire = Ireland in Éirinn = in Ireland Aontaithe = Unified chun xx a shásamh = to please xx chun na hAontachtaithe a shásamh = to please the Unionists Iarrfaidh Aontachtaithe deireadh a chur le cibé cosaint a bheas fágtha ag an nGaeltacht, le comharthaíocht dhátheangach, deireadh le háit na Gaeilge sa chóras oideachais agus le stádas oifigiúil na teanga. Unionists will try/want to put an end to whatever defense that the Irish speaking district will have left, to bilingual signposting, an end to the place of the Irish language in the education system and to the official status of the language. Iarrfaidh Aontachtaithe = Unionists will want/try deireadh a chur le xx = to put an end to xx cibé = whatever an chosaint = the defense cén xx a bheas/bheidh fágtha ag yy? = what xx will yy have left/remaining? an ghaeltacht = the Irish speaking district cibé cosaint a bheas fágtha ag an nGaeltacht = whatever defense the gaeltacht will have left an chomharthaíocht dhátheangach = the bilingual signage an Ghaeilge = the Irish language deireadh le háit na Gaeilge = an end to the place of the Irish language sa chóras oideachais = in the education system an córas oideachais = the education system an roinn oideachais = the education department agus = and le = to/with/at stádas oifigiúil = official status an teanga = the language stádas na teanga = the status of the language An féidir linn a bheith cinnte nach bhfaigheadh siad a leithéid? An bhfuil aon ‘chomhréiteach’ nach ndéanfar? Sin ceist atá ar Shinn Féin a fhreagairt. Ná déanaimis dearmad, nach bhfuil aon tábhacht le ‘hÉire Aontaithe’ i gcomparáid leis an tábhacht atá leis an nGaeilge. Can we be sure that they would not get such? Is there any ‘compromise’ that will not be made? That is a question that Sinn Féin must answer. Let us not forget that a ‘United Ireland’ has no importance in comparison to the importance of the Irish language. An féidir linn a bheith cinnte = Can we be sure nach bhfaigheadh siad xx = that they would not get xx ní bhfaighidh siad xx = they will not get xx a leithéid = the likes of it / such Ní bheidh a leithéid ann arís = his likes will not be again (on obituary...) comhréiteach = compromise An bhfuil aon xx? = Is there any xx? xx nach ndéanfar = an xx that will not be done/made Sin ceist atá air a fhreagairt = that is a question he must answer Sin ceist atá uirthi a fhreagairt = that is a question she must answer Sin ceist atá ar Shinn Féin a fhreagairt = that is a question that Sinn Féin must answer Ná déanaimis dearmad = Let us not forget ná déan dearmad nach bhfuil xx ann = do not forget that xx is not there an tábhacht = the importance aon tábhacht = any importance an bhfuil aon tábhacht le xx? = Is there any importance to xx / Has xx any importance? i gcomparáid le xx = in comparison to xx an chomparáid = the comparison an tábhacht atá leis an nGaeilge = the importance that is with the Irish language / the importance that the Irish language has / the importance of Irish tábhacht na Gaeilge = the importance of Irish |
Page 1 of 1 | All times are UTC |
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group http://www.phpbb.com/ |