Do chuireas ana-spéis sa bhlúire seo le Solzhenitsyn a luais. Agus is dócha go bhfuil an ceart aige. Na leabhair thosaigh i gcló, ba mhó an Almáinneach a chuir amach iad. Dá dheascaibh sin tá cosmhalacht anois idir theangthachaibh atá in Oirthir na hEórpa.
Tá rialacha gramadúla fé leith sa Pholainnis agus 'sé ceann is mó díobh 'ná abairt do scoltadh agus gach briathar is an clásal a bhaineann leis do chur ó chéile le camógaibh. Tá focail áirithe leis agus ní foláir camóg a scríobh rómpu, mar shampla “ale, że, ponieważ” ('ach, go, i dtaobh is go') srl, féach: Wiem, że nic nie wiem. Tá a fhios agam nách eol dom pioc.
Ní deirim gur ceart é nó nách ceart é, ach deirim gurb amhlaidh mar atá an scéal agam. Sin é an chuma atá ar mo bhéas scríbhneoireachta.
Bhíos ag machnamh ar an gceist agus ag cuardú d'aiste éigin mar gheall air. Is cuimhin liom aon duine fé leith a sheasaimh an fód i dtró go mbeadh cead a rogha rud do dhéanamh agus camóga do chur sna h-aistí féin. Tá ceann dá aistíbh le fáil anso, má's maith leat é ' lé' i bPolainnis: Tadeusz Boy-Żeleński (Boy), O święte prawo do przecinka:
https://bibliotekacyfrowa.ujk.edu.pl/Co ... 9_1927.pdfCúpla abairt is suimiúla dar liom thíos. Tá súil agam nár chuireas droch-Ghaelainn ar an ndea-Pholainnis sin.
„Całe moje życie pisarskie jest głuchą walką o przecinek.” — “Níl im bheathaidh ach iomarbháigh ar son na camóige.”
„»Bo przecinek to nie konwencja, to myśl, to życie, to cząstka duszy pisarza« pisałem przed kilku laty. Nie damy ziemi skąd nasz ród!…”* — ”Óir ní gnás amháin an camóg, ach smaoineamh, beatha, cuid anama le scríbhneoir, 'sé a scríobh tá cúpla bliain ó shin. An chuid tailimh ónar ár gcine féin, ní leogfam uainn í!”*
„Głównym celem przecinka jest osiągnięcie przejrzystości zadania; tem samem logika tego zdania powinna przedewszystkiem rozstrzygać o takiem lub innem postawieniu przecinka.” — “'Sé cruinneas an abairt toisc bunaidh fé ndeara camóg d'úsáid. Ansan, ba chóir gurbh é déanamh céille an abairt seo an abhar chun camóg do chur in áit éigin seachas an áit éigin eile.”
*Tagrann Boy don chéad líne dána le Maria Konopnicka fén dteideal “Rota”. Recte: “Nie rzucim ziemi, skąd nasz ród”.