Séamus O'Neill wrote:
From an tOileánach:
Quote:
níl aon scéal ag teacht ach scéal is fearr ná a chéile
The English is 'the news is always getting worse'.
Is dóigh liom gur ag magadh atá sí, gurb íoróin atá ar siúl aici. Féach cuid den chaibidil a 4 de "Shéadna":
"Gobnait. —(…) Caithfead féin sgéal a dh’innsint dóibh.
Nóra. —"Níor chás duit!"
Duairt Nóra nár chás do Ghobnait é, ach ní baol ná gur mheas sí a rá gurbh é an t-athrach dob' fhíor.
Tá ceist eile agam ort, áfach, mar gheall ar an abairt a scríobh Tomás roimis an gceann a chuireas féin id phost síos: … "agus is dócha go mbeidh an t‑oileán so ar bheagán tighthe tráthnóna."
Ar mhiste leat do mhíniú dhom cad é an bhrí atá leis an bhfocal so 'bheith ar' atá ann? Tá eolas agam ar fhocal eile den tsórd san, mar shampla: "tá sé ar an ngarsún is fearr sa rang". Ach ní mheasaim gur mar a chéile iad.