It is currently Sat 08 Feb 2025 4:40 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 
Author Message
PostPosted: Sun 19 Jan 2025 1:21 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1420
I believe this is now known as the Third Sunday in Ordinary Time, and will fall on Jan 26th this year.

XII. An Tríú Domhnach tar éis an Epiphaní
Léitear an Soíscéal. (Maitiú 8.)
A phobal Dé, tá a lán nithe sa tSoíscéal san agus d’fhéadfí seanmóin mhór fhada ’ dhéanamh ar gach ní dhíobh. D’fhéadfí mórán cainnte ’ dhéanamh ar leigheas an lobhair agus ar conas mar adúradh leis dul agus é féin a thispeáint do sna sagairt, de réir dhlí Mhaoise. Solaoid roimh ré ab eadh an mhíorúilt sin ar shácraimínt na haithrí a bhí ag an Slánaitheóir le cur ar bun. B’é an lobhra an peaca marbh, agus b’é an leigheas an maithiúnachas a tugtar don duine nuair a gheibheann sé an aspalóid. Ní féidir labhairt libh inniu ar na nithibh go léir atá sa tSoíscéal san, agus dá bhrí sin ní foláir ní acu do thoghadh agus labhairt libh air.
Iarrfad oraibh, dá bhrí sin, úr n-aigne ’ thabhairt don chainnt aduairt an taoiseach i dtaobh a mhic. “A Thiarna”, ar seisean: “Tá mo mhac ’na luí sa bhaile agus tá droch-bhreóiteacht air, agus tá pianta móra air”. “Tiocfad-sa agus leighisfead é”, arsan Slánaitheóir. Ba dhó’ le héinne gur cheart go mbeadh áthas mór ar an nduin’ uasal agus go ndéarfadh sé leis an Slánaitheóir teacht. Ní duairt. Duairt sé a mhalairt. “A Thiarna”, ar seisean, “ní fiú mise go dtiocfá-sa isteach im thigh. Ní gá an trioblóid sin do chur ort. Níl agat ach an focal do rá agus beidh mo mhac slán”. Tugaidh fé ndeara anois, a phobal, an chuid eile de chainnt an duin’ uasail sin. Tispeánann a chainnt gurbh oificeach airm é. “Is duine mise atá fé smacht, agus go bhfuil saighdiúirí fúm, agus nuair adeirim le fear acu imeacht, imíonn sé; nú nuair adeirim le fear teacht, tagann sé; nú nuair adeirim lem sheirbhíseach rud a dhéanamh, deineann sé é”.
Cad é an bhaint a bhí ag an gcainnt sin leis an mbreóiteacht a bhí ar an mbuachaill? Nú cad é an bhaint a bhí ag an gcainnt sin leis an bhfocal eile a bhí ráite ag an nduin’ uasal, “Abair an focal agus beidh mo mhac slán?” Seo mar a bhain an dá chainnt le chéile. Thispeáin an duin’ uasal gur chreid sé an uile shaghas breóiteachta ’ bheith fé smacht an tSlánaitheóra, díreach mar a bhí a shaighdiúirí agus a sheirbhísigh féna smacht féin. Ní raibh aige féin ach an focal do rá leis an saighdiúir nú leis an seirbhíseach, agus láithreach bonn, gan smiog a rá ’na choinnibh, do déanfí rud air. Ar an gcuma gcéanna, dar leis, bhí an bhreóiteacht fé smacht an tSlánaitheóra agus ní raibh ag an Slánaitheóir ach an focal a rá agus dhéanfadh an bhreóiteacht rud air. Dá n-abradh sé léi imeacht, d’imeódh sí laithreach. “Níl agat ach an focal a rá”, ar seisean, “agus beidh mo mhac slán”. Ní hiúnadh gur mhol an Slánaitheóir creideamh an duine. “Go deimhin, adeirim libh”, arsan Slánaitheóir leis an muíntir a bhí láithreach, “ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh in Israel”.
Duine iasachta ab ea an duin’ uasal san. Bhí sé daingean i gcónaí in aigne na nIúdach gur acu féin a bhí gach aon rud i bhfuirm creidimh agus ná féadfadh aon rud i bhfuirm creidimh a bheith ag na Gíntibh bochta iasachta. Bhíodar lán d’uabhar, agus de mhór-is-fiú, agus d’éirí-in-áirde mar gheall air sin. Thug an Slánaitheóir asachán trom dóibh nuair aduairt sé leó go bhfuair sé sa duine iasachta san creideamh ná fuair sé in éinne acu féin, tar éis ar dheineadar riamh de mhaíomh as gurbh iad sliocht Ábrahaim iad. Ansan duairt sé leó focal ba ghéire go mór ná an t-asachán. “Tiocfaidh”, ar seisean, “a lán, ón ndomhan tiar agus ón ndomhan toir, agus luífid siad in ucht Ábrahaim agus in ucht Isaac agus in ucht Iácoib, i ríocht na bhflaitheas, agus caithfar clann na ríochta amach sa dorchadas mar a mbeidh gol agus díoscán fiacal”.
Cheap na Iúdaigh, ó b’iad sliocht Ábrahaim iad, ná raibh aon bhaol orthu; go raibh deimhne acu ar dhul go flaitheas Dé ar ball pé cuma ’na gcaithfidís a saol anso. Cheapadar, leis, ná raibh aon bhreith ag na Gíntibh ar dhul go flaitheas Dé in aon chor, toisc gan fuil Ábrahaim a bheith iontu. Bhí ár Slánaitheóir coitianta dhá ínsint dóibh go raibh dearúd sa méid sin orthu; nárbh aon tairbhe dhóibh i láthair Dé fuil Ábrahaim a bheith iontu gan creideamh Ábrahaim a bheith acu; ná raibh creideamh Ábrahaim acu, mar dá mbeadh go nglacfaidís an Slánaitheóir; dá leanaidís de réir an fhuadair a bhí fúthu go gcaillfidís ríocht na bhflaitheas, agus go dtiocfadh na Gínte laistigh díobh in oidhreacht Ábrahaim agus Isaac agus Iácoib; nárbh iad na daoine ’na raibh fuil Ábrahaim iontu do raghadh go flaitheas Dé, ach na daoine ’ bheadh dílis do Dhia, mar a bhí Ábraham, agus do chimeádfadh aitheanta Dé; gur chuma cad í an treibh dhaonna as a dtiocfaidís sin, agus go mbeidís ’na gclaínn ag Ábraham chómh maith díreach agus dá mba ar a shliocht do shíolthóidís. Níor thaithn cainnt den tsórd san leis na Iúdaigh. Bhí an chainnt sin bun-os-cionn ar fad leis an aigne a bhí acu féin i dtaobh flaithis Dé, agus i dtaobh na ndaoine a bhí le dul ann agus i dtaobh na ndaoine ná raibh le dul ann. In inead éisteacht leis an bhfírinne agus iad féin d’úmhlú i láthair an tSlánaitheóra, is amhlaidh a tháinig fearg orthu agus chuireadar stailc suas, agus fé dheireadh do chuireadar an Slánaitheóir chun báis. Ansan do fíoradh dóibh an focal aduairt an Slánaitheóir leó: tháinig na Gínte iasachta isteach ó gach aon pháirt den domhan, agus do deineadh clann Dé dhíobh, agus do tugadh an teideal dóibh chun na hoidhreachta, an teideal chun ríochta na bhflaitheas; agus an tsliocht go raibh an ríocht san geallta dhóibh ó thosach, do caitheadh amach iad mar gheall ar a n-easúmhlaíocht féin. Ná measadh éinne gur deineadh aon ní i bhfuirm éagóra orthu. Arís agus arís eile, d’iarr an Slánaitheóir féin orthu, moladh go deó leis, a súile ’ dh’oscailt agus féachaint chúthu féin. “Mura maith libh”, ar seisean leó, “mo chainnt do chreidiúint, creididh na míorúiltí atá agam á dhéanamh os cómhair úr súl!” Níor tháinig an scéal i ganfhios orthu in aon chor. Chonacadar míorúiltí nárbh fhéidir d’aon duine ’ dhéanamh gan cómhacht Dé ’ bheith aige. Chonacadar an duine a bhí cheithre lá sínte san uaigh, chonacadar dá thógaint as an uaigh é, beó bríomhar, le haon fhocal amháin ón Slánaitheóir. Chonacadar an dá mhíorúilt seo atá áirithe i Soíscéal an lae inniu againn. Chonacadar gur ar éigin a chuir ár Slánaitheóir cor de gan mhíorúilt éigin uathásach a dhéanamh, i gcaitheamh na dtrí mblian a thug sé ag cur an chreidimh ar bun, i dtreó go nduairt an Soíscéalaí, ’na dhiaidh san, dá scrítí i leabhraibh na míorúiltí go léir, ná faigheadh na leabhair slí sa domhan! Chonacadar gach aon rud dob fhéidir a thispeáint dóibh chun iad do chur ar a leas, ach ní raibh aon mhaith ann. Bhí ’ fhios acu, dá n-admhaídís an Slánaitheóir, nárbh fholáir dóibh iad féin d’úmhlú, agus druím lámha ’ thabhairt leis an saol so, agus le saibhreas an tsaeil seo agus le pléisiúr an tsaeil seo. Ní raibh aon phioc dá fhonn orthu rud den tsórd san a dhéanamh. Déarfadh duine, pé neamh‑fhonn a bheadh orthu rud den tsórd san a dhéanamh, gur chóir go ndéanfaidís é nuair a chonacadar cómhacht Dé ag oibriú ar a n-aghaidh amach insna míorúiltí móra. Níor dheineadar. Is uathásach an cumas atá ag an nduine ar a dhá shúil a dhúnadh in aghaidh na fírinne nuair ná taithnean an fhírinne leis. Ní gá dhúinn dul chómh fada siar le haimsir na nIúdach chun solaoide ’ dh’fháil ar an méid sin. Tá ár ndóthain solaoidí againn le feiscint air anois ’nár n-aimsir féin. An duine go bhfuil droch‑bhéas éigin aige, agus nách maith leis an droch‑bhéas a chaitheamh uaidh, tabharfar cómhairle dho. Neósfar an fhírinne dho. Neósfar do go bhfuil tine ifrinn ar dearg-lasadh fé n-a chosaibh agus ná feadair sé cad é an neómat a thitfeadh sé isteach. Déarfar leis gur fearra dho an droch‑bhéas a chaitheamh uaidh sara mbeidh sé ró‑dhéanach. Éistfidh sé leis an gcómhairle. Cromfaidh sé a cheann. Níl sa chómhairle dho ach “scéal á ínsint do chapall agus an capall ’na chodladh”. B’fhéidir gur droch‑bhéas meisce atá aige. Déarfar leis an t-ól a chaitheamh uaidh. Ní dhéanfaidh sé ach a cheann a chromadh agus an focal do scaoileadh thairis. B’fheárr leis go mór ná tráchtfí in aon chor ar an scéal, go leogfí dho a bhraon dí ’ dh’ól ar a shuaimhneas agus a mheisce ’ chur de ar a shuaimhneas, agus gan bheith dhá bhodhradh le neamh ná le hifreann ná le haon rud a bhaineann leó. Tá ’ fhios aige go dian‑mhaith cad ’tá ’na chómhair thall, chómh maith díreach agus tá ’ fhios ag an gcómhairleach é, ach b’fheárr leis gan cuímhneamh in aon chor air. Tá ’ fhios aige, má chuímhníonn sé puínn air, go n-éireóidh a choínsias ’na choinnibh agus go gcaithfidh sé an droch‑bhéas a chur uaidh. B’fheárr leis go mór a shúile ’ chimeád dúnta agus a choínsias ’ fhágáilt ’na chodladh, agus comáint leis ar an ndroch‑bhéas. Tá go maith. Comáineadh sé leis. Dúiseóidh an bás a choínsias mura ndúisídh aon rud eile é. Ansan tá rud ’na chómhair. Cad ’tá ’na chómhair ansan? Do chuir an Slánaitheóir féin ainm ar an rud atá i gcómhair an duine sin. “Caithfar clann na ríochta amach sa dorchadas mar a mbeidh gol agus díoscán fiacal”. Is é an Slánaitheóir féin aduairt an focal. “Gol agus díoscán fiacal”, ar seisean. Is gránna an oscailt súl é tar éis codlata! Beidh an codladh go léir imithe ansan, imithe glan. Ní thiocfaidh aon néal eile codlata ar an nduine sin ar feadh na síoraíochta. Ansan is ea ’ chífar an fhírinne go soiléir; gur pleisiúr gan ghus pléisiúr na beatha so, pé saghas é, peocu ól é, nú ithe, nú uabhar, nú sainnt, nú drúis, nú pé an‑mhian eile é ’na leogfaidh an duine dho an lámh uachtair a dh’fháil air. Ansan is ea ’ chífar an fhírinne, ach beidh sé ró‑dhéanach an uair sin.
Tá againn, a phobal, sa tSoíscéal san a léas díbh, trí nithe ón Slánaitheóir, dhá mhíorúilt agus foláramh. Do leighis sé an lobhar chómh luath agus d’iarr an lobhar air é. Do leighis sé mac an taoisigh céad. Ansan do thug sé an foláramh uaidh. Dhein an lobhar gníomh creidimh sarar leighseadh é. “A Thiarna”, ar seisean, “más toil leat é, is féidir duit me ’ ghlanadh”. Dhein an taoiseach céad gníomh creidimh sarar leighseadh a mhac. “Abair an focal”, ar seisean, “agus beidh mo mhac slán”. D’admhaigh gach duine den bheirt go raibh cómhacht Dé ag an Slánaitheóir, gurbh é Mac Dé é, gurbh é Slánaitheóir an domhain é. Thispeáin an dá leigheas go raibh an fhírinne ag an mbeirt. Ansan do thug an Slánaitheóir an foláramh úd uaidh i dtaobh clainne na ríochta, go gcaithfí amach iad sa dorchadas mar a mbeadh an gol agus an díoscán fiacal, nuair ná hadmhóidís an Slánaitheóir agus iompáil óna ndroch‑bhéasaibh agus ó phléisiúr na beatha so.
An foláramh céanna, a phobal, a thug Críost do sna Iúdaigh an lá úd, tugann Eaglais Chríost dúinn‑na inniu é sa tSoíscéal san a léas díbh. Oireann an foláramh dúinn‑na chómh maith díreach agus d’oir sé do sna Iúdaigh. Tá an díth céille céanna ar a lán againn a bhí ar na Iúdaigh. Tá an dúil chéanna ag á lán againn i bpléisiúr na beatha so, agus an leisce chéanna orainn roimh aon tsaghas pionóis a chur orainn féin ná aon smachtú ’ dhéanamh ar ár ndroch‑mhianaibh ná ar ár ndroch‑bhéasaibh. Tá an olla‑bhodhaire chéanna orainn a bhí ar na Iúdaigh. Airímíd foláramh an tSlánaitheóra, sa tSoíscéal, dhá rá linn go hárd, mar aduairt sé leis na Iúdaigh, má leanaimíd mar atá againn ná fuil aon bhreith againn ar sholas na bhflaitheas a dh’fheiscint go deó.
A Chríostaithe! Is é Mac Dé a thugann an foláramh san dúinn. Is É féin a cheannaigh dúinn solas na bhflaitheas, agus deir sé linn, amach as a bhéal naofa féin, go mbeidh an ceannach in aistear má leanaimíd pléisiúr na beatha so. Tógaimís, dá bhrí sin, ár gcroí agus ár n-aigne suas chun Dé. Ceapaimís go daingean ’nár n-aigne, pé rud a dhéanfaidh ár mbeatha ar an saol so, ná loitfimíd orainn féin an oidhreacht a cheannaigh an Slánaitheóir dúinn nuair a dhoirt sé a chuid fola ró‑naofa ar chrann na cruise ar ár son. Iarraimís go húmhal ar Dhia a ghrásta do bhronnadh go líonmhar orainn i dtreó go bhféadfaimís an aigne sin do chur i ngníomh. Anois atá againn a shocrú ceocu de dhá ní a bheidh againn ar ball, ar feadh na síoraíochta, an solas nú an dorchadas, áthas agus aoibhneas na bhflaitheas nú gol agus díoscán fiacal i dtine ifrinn. Go dtugaidh Dia dhúinn an solas, agus go saoraidh Dia sinn ar an ndorchadas. Amen.


Last edited by djwebb2021 on Mon 20 Jan 2025 10:22 pm, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 19 Jan 2025 2:16 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1420
olla-bhodhaire, which was ollbhodaire in the original text - I inserted an extra vowel, seems to mean "immense deafness", as of people totally refusing to listen to Christ.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 20 Jan 2025 10:21 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1420
You can always compare these sermons to what your priests actually say on Sunday - the RC church today mainly focuses on refugees and transgenderism rather than the original teaching of the church. Ua Laoghaire's sermons contain the church's true teaching.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 70 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group