It is currently Wed 04 Dec 2024 5:18 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 14 posts ]  Go to page 1, 2  Next
Author Message
PostPosted: Thu 21 Nov 2024 3:15 pm 
Offline

Joined: Thu 02 Nov 2023 11:42 pm
Posts: 113
Location: Denver, Colorado
D'aimsíos an leabhar Mo Thinteán Féin nuair a bhíos i gCorca Dhuibhne lé linn cúpla seachtain, leabhar atá scríobha lé Tomás Ó Conchubhair as Gleann na hUamha (Gleann na hUgha mar atá litrithe aige Tomás) atá suite i dTuaisceart Chorca Dhuibhne (an téarma ceart é seo?), is dóigh liom. Nuair a thosaíos á léamh, thugas fé ndeara na deifreacha atá i gcuid cainnte Thomáis ná cuid cainnte a lán cainteoirí Duibhneach (ar nós Peig Sayer agus Tomás Ó Criomhthain agus araile). Is féidir ana-chuid desna deifreacha so a dh'fheiscint ar an gcéad leathanach:

Quote:
"I think I heard a piscín when I was passing the house". B'shin iad na focail a labhair Mary Mhacha na Bó (Ní Dhomhnaill) ar an bhfichiú lá de Mheán Fomhair 1942. Bhí sí ag gabháil soir an bhóthair ónár dtig nuair a chuir duine des na comharsain ceist uirthi, "An bhfuil leanbh nua saolaithe thiar i dtig Tom Connor"? An freagra thuas, b'shin a thug sí agus ar an gcaoi sin sea tugadh le fios do mhuintir Dhuibhneach go rabhas tar éis teacht ar an saol. Ní raibh na modhanna nua aimsire le scéalta a scaipeadh ag muintir na linne sin agus atá againn anois. Seo é an piscín céanna, seanchat anois, i mbun phinn. Tháinig ceathrar dearthár agus driofúr amháin (Mossie, Mary, Dan, Charlie agus Máirtín) ar ball.

Dormer beag le trí sheomra leapan thuas staighre a bhí inár dtigne i nGleann na hUgha i gCorca Dhuibhne. Ba sa tseomra ag barr an staighre sea tháinig mé ar an saol. Seantig a bhí ann a tógadh dos na sappers a bhí ag cur na léarscáileanna ordanáis i dtol a chéile sa chéad leath den naoú haois déag. Tugadh 'Langford's House' air freisin mar go raibh fear leis an ainm sin ina chónaí ann ar feadh tréimhse agus é ina saoiste ag Lord Hexton i bhfeighil na gcaorach i Macha na Bó. Caoirigh Albanach a bhí sa ghleann ag an am. Bhí siopa beag sa teach níos déanaí. Mór an trua nach raibh sé amhlaidh le linn ár n-óige. Geallaimse duit go mbainfimís súp as na milseáin agus eile a bheadh ann. Bhí an tig folamh ar feadh scaitheamh ní foláir mar gur ann a lonnaigh muintir Fhlatharta nuair a díbríodh iad as a sealbhas de bharr ...


Is dóigh liom go bhfuil cuid cainnte Thomáis níos cosúla lésna canúintí atá labhartha i gCúige Chonnacht ná lé Gaelainn ChDh, ar shlite áirithe. Mar shampla, tá sean- (gan séimhiú má tá d, t, s á leanúint) in ionad seana-, agus deartháir (ach driofúr) in ionad driotháir, agus aois in ionad aos (ach is dóigh liom go mbíonn aois á rá aige a lán daoine chómh maith), agus freisin in ionad leischómh maith. Chómh maith leis sin, tá an focal teach aige in áit tig(h) go minic (ach níl sé sin lé feiscint sa leathanach thuas), agus buineann sé úsáid as an bhfocal sea níos minice ná a bheinn ag súil leis, m.sh. 'Ba sa tseomra ag barr an staighre sea tháinig mé ar an saol.' in ionad 'Ba sa tseomra ag barr an staighre a tháinig [thánag?] ar an saol.'

Brón orm as an post ana-mhuar, agus go raibh míle maith agaibh as an gcuidiú.

_________________
I'm an intermediate speaker of the Corca Dhuibhne dialect of Irish and also have knowledge on the old spelling
Soir gaċ síar, fé ḋeireaḋ thíar


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 21 Nov 2024 9:58 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Jul 2024 5:15 pm
Posts: 10
B'fhéidir gur amhlaidh a caighdeánaíodh an leabhar san sarar foilsíodh é.

Ach tá scéal eile is cosmhail gur thit a leithéid amach. Bíodh gur i gCorca Dhuibhne a rugadh Tomás Ó Conchubhair, is féidir go raibh sé 'na chónaí in áiteanna éagsamhala i gcaitheamh a shaoil.

Séamus O'Neill wrote:
a tháinig [thánag?] ar an saol

'thána'? (Is é an leagan a scríobh Pádraig Ó Siochfhradha anso, l. 2)

Do chuireas spéis id phost, go raibh maith agat.
Agus gabh mo leithscéal as mo chuid Gaelainne briste.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 22 Nov 2024 2:09 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1333
Aontaím le Gréasaghas. Is é is dóichí ná gur "ceartaíodh" an Ghaelainn do bhí 'na láimhscríbhinníbh, agus mar sin ní Gaelainn Chorca Dhuíbhne i gceart an rud a fachtar sa leabhar. Deintar an rud céanna le gach leabhairín ó údar Gaeltachta.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 22 Nov 2024 2:57 pm 
Offline

Joined: Thu 02 Nov 2023 11:42 pm
Posts: 113
Location: Denver, Colorado
Go raibh míle maith agaibh. Is dócha ná fuil an leabhar so scríofa i nGaelainn i gceart, ach oiread i nGaeilge (Chaighdeánach) i gceart, mar tá frásaí áirithe ann as an gcanúint agus frásaí eile as an gcaighdeán. Is mór an trua é ná féidir leabhair canúnach a bheith scríofa sa chanúint sin ar na saolta so. Tá a fhios agam gur dh'fhiafraíos an cheist seo cheanna, agus tá brón orm mar sin, ach an bhfuil aon chur amach agaibh ar údar as taobh thuaidh an oileáin?

_________________
I'm an intermediate speaker of the Corca Dhuibhne dialect of Irish and also have knowledge on the old spelling
Soir gaċ síar, fé ḋeireaḋ thíar


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 23 Nov 2024 8:54 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Jul 2024 5:15 pm
Posts: 10
Samhlaítear dom go mbionn leabhair curtha in eagar ag Cumann Staire Uíbh Laoire scríofa i nGaelainn na Mumhan, díreach fé mar a labhradar na daoine fadó í.
Féach ar an mblúire san ón leabhar "Seanachas Phatsy Chit 1"
Patsy Chit wrote:
An Mhóin Dhubh
Tá cuid don mhóin dhubh agus bíonn sé ana-bhog. Bíonn sé lán d’uisce. Is deocair é sin a bhaint, uaireanta, mar bíonn an bannc ró-bhog féd chosaibh agus d’imeofá síos tríd. Is é a rud a dheinid siad leis sin ná cúpla clár ’fháil agus iad a bhualadh féd chosaibh. Chaithfeadh sé bheith in aon phíosa amháin. Ní raghai’ sé sin síos nuair a bheadh sé go maith leathan agat. Féadfair seasamh air sin agus bheith a’ baint leat agus é ’aistriú siar fé mar a bheifeá a’ baint. D’fhéadfá fód mór de sin a bhaint – mar bíonn seó uisce ann, agus do réir mar a bheidh sé a’ triomú beidh sé a’ dul i laighead.

Tá tuiseal tabharthach san uimhir iolra ann leis!
(Tá an scéilín go léir le fáil ar an leathanach so: https://www.siopaleabhar.com/en/tairgi/ ... 5-edition/)
Táim tar éis ceannach cúpla ceann acu agus níl deimhne agam fós ar cad í an Ghaelainn atá ann. Mar sin, ná tóg orm é mura bhfuil sí chomh blasta agus a tá sí sa chuid so a chuireas síos!


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 24 Nov 2024 1:28 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1333
Gréasaghas wrote:
Táim tar éis ceannach cúpla ceann acu


>>> táim t'réis cúpla ceann díobh a cheanach...


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sun 24 Nov 2024 6:50 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Jul 2024 5:15 pm
Posts: 10
djwebb2021 wrote:
>>> táim t'réis cúpla ceann díobh a cheanach...

Á mhuise, tá an ceart agat, gan amhras. Go raibh maith agat.
Níl ' fhios agam anois an chun a mhalairt do scríobh a bhíos (agus do dhearmhadas an méid a scríos d'aithléamh), nó an amhlaidh ' theip orm glan Gaelainn chruinn do chur síos.
Ní dóigh liom gurb olc an greim a bhfuaras ar conas abairtí gearr (gearra?) do dhéanamh… ach ní mór dom tuilleadh cleachtaí ' dhéanamh d'fhonn mé bheith ábalta ar iad do chur le chéile mar ba cheart.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 25 Nov 2024 10:03 pm 
Offline

Joined: Thu 02 Nov 2023 11:42 pm
Posts: 113
Location: Denver, Colorado
Go raibh míle maith agat aríst, a Gréasaghas. An bhfuil aon eolas agat ar leabhair eile atá curtha in eagar leis an gcumann san?

_________________
I'm an intermediate speaker of the Corca Dhuibhne dialect of Irish and also have knowledge on the old spelling
Soir gaċ síar, fé ḋeireaḋ thíar


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 25 Nov 2024 10:19 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1333
Séamus, have you read An Mám ó Dheas? See https://www.litriocht.com/t%C3%A1irge/an-mam-dheas/ It is a biography of a native speaker from Baile an Lochaigh who moved to Australia, edited by Pádraig Ó Fiannachta, the priest (now ar slí na fírinne, gura maith an mhaise dá anam é), who was also a native speaker of Kerry Irish.

I think it would be great if this forum started reading a book today, eg. we all did a page of An Mám ó Dheas a day and asked all our questions here and agreed on any lexical and grammatical queries.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 25 Nov 2024 10:20 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1333
I would certainly participate if there were a long-running an Mám ó Dheas thread.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 14 posts ]  Go to page 1, 2  Next

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 52 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
cron
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group