It is currently Mon 02 Dec 2024 11:30 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 2 posts ] 
Author Message
PostPosted: Fri 25 Oct 2024 4:06 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1329
published in Béaloideas in 1960 and transcribed in semiphonetic notation by Gearóid Ó Murchú:

Quote:
Treaiv an Cnuc atá Rót ar dTúis

Bhí dhá bhulán an fadó, bulán óg agus seanabhulán. An chéad lá a goug an bulán óg i dteaunta an tseanabhuláin a treau, bhí an bulán óg ana-hasbúil, a cheann san aéur, fúnn air chun treaha, agus shíl sé ná faghach sé a dhóhin de choíchi. "An dtreauhimíd an cnuc úd haul leis?" ar sisean leis an tseanabhulán. "Treaiv an cnuc atá rót ar dtúis", arsan seanabhulán. "Nuer a bheg san déanta agut, féataimíd bheh a caint ar an gcnuc eli". Ach bueleag amach é sar a raibh leah an chéad chnuic treafa 'ge, agus níor louir sé a huile ar an gcnuc úd haul.

Nuair a bhefá a teacht har rud éigin a bhí le déanav agut ná raibh a teacht suas in ao'chor go fóil, déarfaí leat aire thúirt don rud a bhí ar siúl agat. Nuair a bheadh san déanta, d'fhéadfa louirt ar an tarna rud. Sin é an brí ahá leis.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 25 Oct 2024 3:38 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1329
Treaiḃ an Cnoc atá Roṁat ar dTúis

Ḃí ḋá ḃullán ann fad ó, bullán óg agus sean-ḃullán. An ċéad lá a gaḃaḋ an bullán óg i dteannta an tsean-ḃulláin ag treaḃaḋ, ḃí an bullán óg ana-ṫeasbaṁail, a ċeann san aiḋéar, fonn air ċun treaḃṫa, agus ṡíl sé ná faiġeaḋ sé a ḋótain de ċoiḋċe. "An dtreaḃfaimíd an cnoc úd ṫall leis?", ar seisean leis an tsean-ḃullán. "Treaiḃ an cnoc atá roṁat ar dtúis", ars'an sean-ḃullán. "Nuair a ḃeiḋ san déanta agat, féadfaimíd ḃeiṫ ag cainnt ar an gcnoc eile". Aċt buaileaḋ amaċ é sar a raiḃ leaṫ an ċéad ċnuic treaḃṫa aige, agus níor laḃair sé a ṫuilleaḋ ar an gcnoc úd ṫall.

Nuair a ḃeiḋfeá ag teaċt ṫar rud éigin a ḃí le déanaṁ agat ná raiḃ ag teaċt suas in aon ċor go fóil, déarfaiḋe leat aire a ṫaḃairt do'n rud a ḃí ar siuḃal agat. Nuair a ḃeaḋ san déanta, d'ḟéadfá laḃairt ar an tarna rud. Sin é an brí aṫá leis.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 2 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot] and 14 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group