It is currently Wed 24 Jun 2026 11:23 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 12 posts ]  Go to page 1, 2  Next
Author Message
PostPosted: Wed 20 Sep 2023 9:21 pm 
Offline

Joined: Wed 20 Sep 2023 9:13 pm
Posts: 171
Is this even active? B'fhuil sé seo i gcóir? Ní chím-se acht teachtaireachtaí as an mbliadhan 2014 nó a leithéid de sin. Agus ceapaim ná bíonn acht duine amháin ag déineamh aon sgríbhneóireachta annso. B'fhéidir ná fuil an ceart agam acht má tháir annso, má's é do thoil é, iarraim ort freagairt dhom le "thá mé annseo" nó a leithéid. Míle buidheachas.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 20 Sep 2023 10:56 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1758
Ceanntuigheoireacht6 wrote:
Is this even active? B'fhuil sé seo i gcóir? Ní chím-se acht teachtaireachtaí as an mbliadhan 2014 nó a leithéid de sin. Agus ceapaim ná bíonn acht duine amháin ag déineamh aon sgríbhneóireachta annso. B'fhéidir ná fuil an ceart agam acht má tháir annso, má's é do thoil é, iarraim ort freagairt dhom le "thá mé annseo" nó a leithéid. Míle buidheachas.


A Cheanntuigheóireacht! Tá níos mó ná duine amháin annso (cé 'thá i gceist agat? me féin?), gan aon dabht, acht bíd na daoine is mó eólas ar an nGhaedhilg annso ó am go h-am, agus ní h-i gcónaí a bítar ag suighe ar an bhfóram ag feitheamh le ceisteanna gan ghus ar na tatúnna, is deallruightheach. Ní'l fhios agam cár ghoibh An Londubh agus Labhrás, mar shampla, acht bíd siad annso go réasúnta minic, ach is é is fada ó bhí Bríd Mhór (cainnteóir dúchais ó Chonamara) ar an suideamh, is baoghalach. Tim agus Ade, 'siad is mó a fhreagrann na ceisteanna ónár bpoiblidheacht (má thá a leithéid ann!).

B'fheárr liom go mór allagamh níos suimeamhla ná an rubáiste go léir gan stad i dtaobh na dtatúnna a bheith ar siubhal, agus glacfad páirt go toiltheanach 'na leithéid dá mbeadh daoine eile ann gur mhaith leó rud a phléidh i nGaedhilg agus gan bheith ag cabhrughadh le daoine ná cuireann aon tsuim sa Ghaedhilg....


Last edited by djwebb2021 on Thu 21 Sep 2023 8:46 pm, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 21 Sep 2023 1:23 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1758
Dáltha an sgéil, cad is brí le "ceanntuigheoireacht"? Thatching roofs? A' bhfuil an focal san ar bith? Níor thánag-sa air, agus cuireann sé ar mearathall me, a d'iarraidh a dhéanamh amach conas is féidir é ' fhuaimniughadh...


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 21 Sep 2023 10:27 pm 
Offline

Joined: Wed 20 Sep 2023 9:13 pm
Posts: 171
ní dheineas acht an céad focal annamh arbh fhéidir liom smaoineamh air mar thá gach ainm i gcóir anois annseo. in ainm dé, cím anois gach aon teachtaireacht ar an leathanach mhór. is léir go bhfuil an áit seo i gcóir. amadán is eadh me. nínim i dtaithighe leis an internet. acht thá an ceart agat maidir le brígh an fhocail.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 21 Sep 2023 10:35 pm 
Offline

Joined: Wed 20 Sep 2023 9:13 pm
Posts: 171
agus a dwjebb go raibh mais agat as freagairt ar an gceist amaideach a dh'fhiafruigheas-sa. brón orm aríst. is cainnteóir dúthchais mise féin acht thá mo chuid cainnte marbh in éag anois agus ní dheinfeadh mo chuid gaoluinne a chuir i gcóir acht mearabhall a chur ar "ghaeilgeoirí" agus ní dhein mo chuid gaoluinne a labhairt acht aragóint do thosnughadh le gach aon duine a thangbhuigheas air go dtí anois. acht do chonnacthas cúpla duine annseo a bhíodh ag sgríobhadh as sean-ghaoluinn annseo ar an adhbhar san ceapaim go mb'fhéidir nác mar an gcéadna a bheidh an sgéal annso fhéin.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 21 Sep 2023 11:24 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1758
Ceanntuigheoireacht6 wrote:
agus a dwjebb go raibh mais agat as freagairt ar an gceist amaideach a dh'fhiafruigheas-sa. brón orm aríst. is cainnteóir dúthchais mise féin acht thá mo chuid cainnte marbh in éag anois agus ní dheinfeadh mo chuid gaoluinne a chuir i gcóir acht mearabhall a chur ar "ghaeilgeoirí" agus ní dhein mo chuid gaoluinne a labhairt acht aragóint do thosnughadh le gach aon duine a thangbhuigheas air go dtí anois. acht do chonnacthas cúpla duine annseo a bhíodh ag sgríobhadh as sean-ghaoluinn annseo ar an adhbhar san ceapaim go mb'fhéidir nác mar an gcéadna a bheidh an sgéal annso fhéin.



A Cheantuigheóireacht, an as Corca Dhuíbhne dhuit? Sgríobhann tú an chuid is mó dhe i nGaedhilg Chiarraidhe, agus ba mhaith liom-sa níos mó de'n chanamhaint sin d'fheisgint ar an suidheamh. Ná bíodh ceist ort mar gheall ar do chanamhaint, ach bí ag sgríobh leat gan aon chorrabhuais ort. Tá 's agam ná cuireann gach foghlamthóir fáilthe roimis na canamhaintí Gaedhaeltachta, agus bíd siad ag seasamh air nách ceart aon fhuirm Gaedhilge seochas an rud a múintar in sna sgoileannaibh, agus b'fhéidir gurb in é cúis gur éirigh argóint gach uair a dheinis iarracht ar an nGaedhilg a dh'úsáid ar an Idirlíon. Ach, mar le riaghlacha an fhóraim seo, tá fáilthe roim gach saghas Gaedhilge, agus is amhlaidh a thugaimíd áird ar roghanna na n-úsaideóirí a thagann 'nár dtreó, 'sé sin, má deireann duine gur maith leis freagra a dh'fhagháil i nGaedhilg Chonamara, ní bheinn a d'iarraidh Gaedhilg Chorcaighe a bhrughadh air....


Last edited by djwebb2021 on Fri 22 Sep 2023 2:17 am, edited 1 time in total.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 22 Sep 2023 1:00 am 
Offline

Joined: Wed 20 Sep 2023 9:13 pm
Posts: 171
a djwebb,

nín. b'as na déise mo chlann é, acht rugadh mise féinig i Meirice. Acht b'í an Ghaoluinn a' chéad teanga agam í agus ní féidir aon díosbóireacht a dhéineamh air sin. Amhthach, nínim chun rádh gur Éireannach me, mar ní rugadh i n-éirinn me. Thá Gaodhaluinn agus Béurla araon ar mo thoil agam acht thá maighstreacht níos cruinne déinnte agam ar an nGaoluinn. Labhraightear imeasg mise agus mo dhaoinibh muinnteardha í le linn m'óige agus bhíodh grádh i gcómhnuidhe agam do'n teanga.

Sí'n chúis a b'fhuil sean-chanamhaint as feidhm agam ná go bhfoghlumaigheas an teanga asta súd a d'airighinn í, shid iad mo shean-dhaoinibh muinnteardha agus me ag fás aníos, agus ar an adhbhar san ceapfá gur sean-duine mé féinig agus me ag labhairt dá n-aireóchthá mo chuid cainnte. Staid ait is eadh í gan amhras.

Cuireann mo chuid cainnte túis le aragóintí mar labhraím ar an nós úd ná féidir le aoinne a thuisgint, agus cuirím sean fhocail ná fuil aon bhríghthe leotha anois i gcóir go nádurrtha.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 22 Sep 2023 10:22 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1758
Agus, a Cheanntuigheóireacht, is dócha gur fhoghlamuighis cionnus an teanga a labhairt ód shinnsear, ach cad mar gheall ar sgríbhneóireacht na Gaedhilge? An amhlaidh do bhís ag léigheadh leabhar Gaedhilge sa bhaile led mhuinntir, nuair is Béarla ar fad is dócha do bheadh ann ar sgoil i Meirice? Cad iad na leabhair a léighis i nGaedhilg? 'Sé saothar an Athar Peadar (Ua Laoghaire) do léigheas féin, agus is ró-bheag aon rud ó chanamhaintibh eile seochas Gaedhilg Mhúsgraidhe do thugas súil tríd.

Ba mhaith liom éisteacht led chuid Gaedhilge, go mór-mór má's amhlaidh go bhfuil an tseana-chainnt agat. A' bhfuil aithne agat ar an leabhairín seo "Staraidheact: pieces for recitation in Irish", 1905? (https://archive.org/details/staraieatpi ... 0/mode/1up) Arbh fhéidir leat píosa beag a roghnughadh agus é ' léigheadh amach i gcómhad MP3 agus é ' chuir in áit éigint ar an Idirlíon i dtreó gur fhéadaimís éisteacht leat agus na nithe beaga ó sheana-chainnt na Déise a thabhairt fé ndeara?


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 22 Sep 2023 6:25 pm 
Offline

Joined: Wed 20 Sep 2023 9:13 pm
Posts: 171
B’as An Gleann is a Raibh Ann ar pdf online a d’fhoghlumaigheas conas í do sgríobhadh. Leabhair.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 22 Sep 2023 6:31 pm 
Offline

Joined: Wed 20 Sep 2023 9:13 pm
Posts: 171
B’fhéidir go ndéanfad san má’s féidir amach annso. Acht ní fheadair anois conas é do dheineamh.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 12 posts ]  Go to page 1, 2  Next

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 537 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group