Tuigtar dom ná cuirtí séimhiú ar ainmfhoclaibh dílse mar mharc an ghinidigh sa tSeana-Ghaelainn ná sa Ghaelainn Chlasaiceach – athrú nua na Nua-Ghaelainne atá i bhfoirmeacha mar
tigh Shéamais nó
tigh Bhríd. Ní raibh ná “functional genitive” sna Meánaoiseannaibh (.i. séimhiú ar fhrásaí ainmfhoclacha cinnte sa ghinideach, m.sh.
tigh mhac an fhir;
teagh meic an fhir a bheadh i nGaelainn Chlasaiceach ina inead) – ach bhí riail ann dárbh ainm
sléagar agus baintí úsáid aisti i bhfilíocht na scol uaireanta chun séimhithe a chur ar an bhfocal nó a bhainte as.
(Tugaidh fé ndeara leis ná cuirtar séimhiú ar ainmneachaibh dílse atá baininscneach i nAlbain don chuid is mó,
taigh Sheumais ach
taigh Brìde nó
taigh Màiri a deirtar ann is minice go bhfios dom, tá samplaí mar
an seòmar àrd Caisteal mór Dhùin-àluinn (= ‘i seomra ard Chaiseal mór Dhún Álainn’ nó mar sin) le fáil leis sa chéad úrscéal do chuid Gaelainne na hAlba,
Dùn Àluinn).
Mar sin, bheidís frásaí mar
lá [fhéil]le Bríde nó
lá [fhéi]le Pádraig (más rud é gur cuireadh
sléagar ar
féile) rialta do réir na gramadaí clasaicí agus is dócha go bhfuilid siad gan séimhiú i gcónaí toisc gur frásaí cailcithe gurb’ ea iad, mar a dúirt djwebb.