It is currently Tue 21 Mar 2023 6:26 pm

All times are UTC

Forum rules

Please click here to view the forum rules

Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 
Author Message
PostPosted: Wed 01 Feb 2023 7:22 am 
Offline

Joined: Thu 22 Dec 2011 6:28 am
Posts: 180
Location: Corcaigh
Lá Fhéile Bríde sona dhaoibh!

Tá ceist ghramadaí agam maidir leis an tuiseal ginideach sa tearma "brat Bhríde", mar a scríobhtar in Ó Dónaill. Cén fáth a bhfuil séimhiú ann? Is focal firinscneach, uatha é brat, sa tuiseal ainmneach, nach ea?

GRMA roimh ré.
Ade.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 01 Feb 2023 11:33 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 563
Ade wrote:
Lá Fhéile Bríde sona dhaoibh!

Tá ceist ghramadaí agam maidir leis an tuiseal ginideach sa tearma "brat Bhríde", mar a scríobhtar in Ó Dónaill. Cén fáth a bhfuil séimhiú ann? Is focal firinscneach, uatha é brat, sa tuiseal ainmneach, nach ea?

GRMA roimh ré.
Ade.

Is ainmfhocal dílis Bríd, agus is amhlaidh a curtar séimhiú ar gach ainmfhocal dílis sa tuiseal ginideach. Níl aon bhaint aige sin le hínscine an aimhfhocail a sheasaíonn roimis.

Ach, ós rud gur luais Lá 'le Bríde, b'fhéidir nár mhiste féachaint ar an gcás so: is cás cailcithe é seo, agus ná curtar séimhiú ar Lá 'le Pádraig ach chómh beag. Ach nuair a sheasaíonn ainm an naoimh ins gach frása eile, ins na frásannaibh neamh-chailcithe, ba chóir séimhiú a chur uirthi....

Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 01 Feb 2023 11:39 am 
Offline

Joined: Fri 09 Sep 2011 2:06 pm
Posts: 658
Ade wrote:
Lá Fhéile Bríde sona dhaoibh!

Tá ceist ghramadaí agam maidir leis an tuiseal ginideach sa tearma "brat Bhríde", mar a scríobhtar in Ó Dónaill. Cén fáth a bhfuil séimhiú ann? Is focal firinscneach, uatha é brat, sa tuiseal ainmneach, nach ea?

GRMA roimh ré.
Ade.

Séimhítear ainm dílis atá sa ghinideach: teach Sheáin, mac Mháire srl.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 01 Feb 2023 12:51 pm 
Offline

Joined: Thu 22 Dec 2011 6:28 am
Posts: 180
Location: Corcaigh
Go raibh maith agaibh beirt!

djwebb2021 wrote:
Ach, ós rud gur luais Lá 'le Bríde, b'fhéidir nár mhiste féachaint ar an gcás so: is cás cailcithe é seo, agus ná curtar séimhiú ar Lá 'le Pádraig ach chómh beag. Ach nuair a sheasaíonn ainm an naoimh ins gach frása eile, ins na frásannaibh neamh-chailcithe, ba chóir séimhiú a chur uirthi....

Is leor nod don eolach, ach is fearr freagra mar so dom amadach. Seans go raibh baint ag frásaí mar siúd agus an tuiseal ginideach le ainmneacha go ginearálta i m'intinn.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 01 Feb 2023 3:43 pm 
Offline

Joined: Fri 08 Jan 2016 11:37 pm
Posts: 221
Tuigtar dom ná cuirtí séimhiú ar ainmfhoclaibh dílse mar mharc an ghinidigh sa tSeana-Ghaelainn ná sa Ghaelainn Chlasaiceach – athrú nua na Nua-Ghaelainne atá i bhfoirmeacha mar tigh Shéamaistigh Bhríd. Ní raibh ná “functional genitive” sna Meánaoiseannaibh (.i. séimhiú ar fhrásaí ainmfhoclacha cinnte sa ghinideach, m.sh. tigh mhac an fhir; teagh meic an fhir a bheadh i nGaelainn Chlasaiceach ina inead) – ach bhí riail ann dárbh ainm sléagar agus baintí úsáid aisti i bhfilíocht na scol uaireanta chun séimhithe a chur ar an bhfocal nó a bhainte as.

(Tugaidh fé ndeara leis ná cuirtar séimhiú ar ainmneachaibh dílse atá baininscneach i nAlbain don chuid is mó, taigh Sheumais ach taigh Brìdetaigh Màiri a deirtar ann is minice go bhfios dom, tá samplaí mar an seòmar àrd Caisteal mór Dhùin-àluinn (= ‘i seomra ard Chaiseal mór Dhún Álainn’ nó mar sin) le fáil leis sa chéad úrscéal do chuid Gaelainne na hAlba, Dùn Àluinn).

Mar sin, bheidís frásaí mar lá [fhéil]le Brídelá [fhéi]le Pádraig (más rud é gur cuireadh sléagar ar féile) rialta do réir na gramadaí clasaicí agus is dócha go bhfuilid siad gan séimhiú i gcónaí toisc gur frásaí cailcithe gurb’ ea iad, mar a dúirt djwebb.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 02 Feb 2023 7:42 am 
Offline

Joined: Thu 22 Dec 2011 6:28 am
Posts: 180
Location: Corcaigh
silmeth wrote:

Ana-shuimiúil. :good:

Bhí mo bhotún soiléir domsa nuair a léigh mé freagra djwebb, ach is breá liom an míniú so chomh maith. Níl cliú agam fé Ghaelainn Chlasaiceach, mar sin is iontach léargas a fháil ar an ngramadach so.

Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 6 posts ] 

All times are UTC

Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 9 guests

You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group