djwebb2021 wrote:
Ó Mhuscrige, nú rud mar sin, a tháinig logainm Múscraí, agus is treibh ársa iad lucht Mhuscrige, ach is rófhada amach sa stair iad chun eólaís chirt a bheith againn ar cé hiad féin, is dócha. Fear Manach - fuirm lofa de Menapii is é é - duairt Ptolemy go raibh treibh éigint dárbh ainm Menapii in áit éigint in Éirinn agus do chuireadar fúthu ar bhruach Loch Erne agus is mar Fhear Manach a thugadh orthu 'na dhiaidh sin. Is dócha ná raibh an focal ceart ag Ptolemy, mar ná raibh leitir P i Seana-Ghaelainn, agus mar sin is dóíchí gur Menacii a thugaidís sin orthu féin agus uaidh sin tá "Fear Manach" againn.
Ana-shuímiúil.
_________________
The dialect I use is Munster Irish, particularly Cork Irish, so words or phrases I use might not be correct for other areas.
Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal