Fuair mé an teachtaireacht seo ar liosta Gaeilge-B (Ach cé a léanns sin fós?

)
Tá mé á chur anseo:
Dianchúrsa Gaeilge an SKSK i gKönigswinter ón 10ú go dtí an 13ú lá de mhí na BealtaineA chairde agus a fhoghlaimeoirí na Gaeilge,
Tá an-áthas orainn gur féidir linn dianchúrsa Gaeilge a chur ar fáil, den chéad uair riamh, i samhradh na bliana seo. Beidh sé ar siúl i gKönigswinter na Gearmáine ón deichú go dtí an tríú lá déag de mhí na Bealtaine. Dhá leibhéal a chuirfear ar fáil. Cainteoirí dúchais a bheas i mbun teagaisc don chuid is mó den am. Tá muid an-sásta go rabhamar in ann na teagascóirí seo a leanas a thabhairt isteach sa bhfoireann:
An Dochtúir Feargal Ó Béarra agus
An Dochtúir Mícheál Ó Flaithearta
Chomh maith leis na ranganna, beidh cúpla imeacht cultúrtha ar siúl freisin. I measc na n-imeachtaí atá eagraithe againn, tá seisiún ceoil, ceardlann damhsaí Gaelacha, agus seisiún amhránaíochta Gaeilge (idir shean agus nua). Ní gá a bheith páirteach sna himeachtaí siúd agus ní bheidh aon chostas le cois ag baint leo.
Leibhéil na gCúrsaí
1. Cúrsa a haon (Ardleibhéal)Feiliúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ar a gcompord á labhairt.
Cuspóir an chúrsa: níos mó den chruinneas cainte a bhaint amach.
Ní foláir do na rannpháirtithe leibhéal C 1–C 2 (Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a bheith acu.
2. Cúrsa a dó (Meánleibhéal)Feiliúnach do dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu.
Cuspóir an chúrsa: feabhas a chur ar na cuid scileanna cumarsáide: foghraíocht, nathanna, gramadach agus stór focal.
Ní foláir do na rannpháirtithe leibhéal B 1 (Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a bheith acu.
3. Cúrsa a trí (Bunleibhéal)Cúigear nó níos mó a theastóidh le go gcuirfear cúrsa ar bunleibhéal ar siúl. Sa gcás sin, cuirfear múinteoir breise ar fáil, múinteoir as an nGearmáin is dóichí. D'oirfeadh an bunchúrsa seo dóibh siúd a bhfuil beagán Gaeilge acu, de ghnáth ón ollscoil nó ó chúrsa Gaeilge samhraidh nó a leithéidí. Tabhair faoi deara, le do thoil: ní cúrsa do ghlantosaitheoirí nach bhfuil aon eolas acu ar an nGaeilge a bheidh anseo.
Cuspóir: athnuachana bunúsach chun athfhoghlaim agus athneartú a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge.
Ní foláir do na rannpháirtithe leibhéal A 1–A 2 (Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a bheith acu.
Maidir leis an leibhéal is fearr a d'fheilfeadh duitse, is féidir sin a fháil amach thrí fhéinmheasunú a dhéanamh. Féach mar shampla anseo:
https://www.maynoothuniversity.ie/sites ... ithe_0.pdf Dáta agus fad na gCúrsaí
Trí lá go leith (20 uair à 45 nóiméad), ón 10ú go dtí an 13ú lá de mhí na Bealtaine (Déardaoin Deascabhála, Dé hAoine, Dé Sathairn, Dé Domnaigh).
Amanna
Ar maidin agus tráthnóna, 9.30–16.30 (Sosanna idir 11.00–11.30, 13.00–15.00).
Táille Teagaisc
€ 120, nó € 100,00 ar lascaine (beidh táille laghdaithe ar fáil do mhic léinn, do phinsinéirí, dóibh siúd atá dífhostaithe, agus do bhallra an SKSK).
Clárú
Tá an tréimhse chlárúcháin ar oscailt anois go dtí an 15ú lá de Mhí Aibreáin. Moltar do dhaoine clárú gan mhoill. Tabhair faoi deara, le do thoil: ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha ach ar chuntar nach ngabhfar thar an uaslíon scoláirí.
An líon daoine is ísle do na cúrsaí agus an t-uaslíon scoláirí
Mura mbeidh níos mó ná cúigear scoláire ag iarradh freastal ar an gcúrsa, ní chuirfear ar siúl é. Ní ghlacfar le níos mó ná 15 scoláirí ar aon chúrsa.
Admháil
Tabharfar admháil do na daoine a bhfuil spéis acu freastal ar na cúrsaí ach dóthain daoine a bheith sna cúrsaí.
Ionad teagaisc
Kunstforum Palastweiher, Winzerstraße 7, 53639 Königswinter, An Ghearmáin.
Lóistín
Tá rogha fhairsing lóistín ar fáil i gKönigswinter. Más gá, seolfar chugat liosta na dtithe lóistín. Ina dhiaidh sin, ba cheart do na scoláirí féin teagmháil a dhéanamh le lucht an lóistín agus gach socrú a dhéanamh leo srl. Beidh mioneolas maidir le costais le fáil ó lucht an lóistín féin.
Má tá ceisteanna nó aiseolas agat, déan teagmháil linn, más é do thoil é, ag <mailto:eolas%40sksk.de>
eolas@sksk.de Le dea-mhéin
Irene Balles agus Felicitas Payk (ar son an choiste stiúrtha)
Is é príomhchuspóir an SKSK na ceithre theanga Cheilteacha a mhaireann beo fós - Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus an Bhriotáinis - a
theagasc. Thairis sin, cuirtear teagmhais chultúrtha ar fáil, ceol agus litríocht go háirithe, a bhaineann leis na tíortha ina labhraítear na teangacha sin.
Bíodh is go bhfuil nasc oifigiúil ag an SKSK le Rannóg an Léinn Cheiltigh i Roinn an Bhéarla, Ollscoil Bhonn, nach bhfuil ach cúpla míle ar shiúl uainn, is do dhuine ar bith a bhfuil suim aige iontu na cúrsaí agus na himeachtaí eile a chuirtear ar siúl.