Labhrás wrote:
Séamus wrote:
Tá "Duinnín Bleachtaire ar an Sceilg" le Biddy Jenkinson á léamh agam. In abairt amháin deir sí gur chuir sin feilc ar an nDuinníneach. An bhfuil fhios ag aoinne can is brí le ''feilc" An abairt iomlán : Chuir éamh géar caointeach,agus iarmhéil a d'freagair é feilc ar an nDuinníneach.
feirc, b'fhéidir?
(
http://www.teanglann.ie/en/fgb/feilc ->
http://www.teanglann.ie/en/fgb/feirc)
Deirtear i dTeanglann gur ionnan ''feilc'' agus ''feirc". An bhrí a thugann siad ar ''feirc" is ea:
feirc, f. (gs. ~e, pl. ~eanna).1. (Of hat, cap) Peak; cock, tilt. ~ a chur ar hata, ar chaipín; hata, caipín, a chur ar ~, to tilt, cock, a hat, a cap. 2. Fringe. 3. (Of knife, dagger) Haft, hilt. Go ~, up to the hilt. Chuir sé an scian go ~ ann, he buried the knife in him. 4. Protruding part; paunch.
Ní dheineann sé seo ciall ar bith i gcomthéacs na h-abairte!