Lughaidh wrote:
Bhí léachtóir Gaeilg agam san ollscoil (!) a theagasc dúinn "an tstair" (history) "cuirtear t- roimhe siocair gur focal baininscneach atá ann"... Ag an am sin bhí Gaeilg líofa agam cheana féin, b'fhearr liom fanacht in mo thost, nó ní maith liom náire a chur ar dhaoiní eile... ach rinn mé facepalm...
Chuir mac léinn ceist orthaí "goidé mar a fhuaimnithear é?"... stad an léachtóir ar feadh tamailt (caithfidh go dtug sí fá dear go rabh fadhb ineacht ann!) agus d'fhreagair sí "uhn tarr, ní fhuaimnithear an s".
Leig mé osna.
Sampla pianmhar é an ceann sin agat... Fair play don mhac léinn a cheistigh í, duine a smaoiníonn faoi rudaí go criticiúil ar a laghad. Seans maith nach labhrann an léactóir sin an teanga go minic, dá ndéanfadh sí ní cheapaim go ndéarfadh sí go gcuirfí "t" ansin.
Bhí múinteoirí mhaithe agamsa don chuid is mó (sa bhun is sa mheánscoil), ach fós chuirfeadh rudaí beaga isteach orm ó am go ham - agus níl Gaeilge fhoirfe agam féin in ao' chur!