It is currently Sat 05 Sep 2026 7:18 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 2 posts ] 
Author Message
 Post subject: An ainm Daragh
PostPosted: Sat 12 Mar 2016 1:50 pm 
Offline

Joined: Wed 07 Oct 2015 3:31 pm
Posts: 7
Dia daoibh, tá cúpla ceist agam faoi an ainm Daragh. Ar dtús cad é an leagan gaeilge do. An bhfuil sé Daragh, Dáire, Darach, Dara nó rudneacht eile? An bhfuil siad uillig gealach?

Secondly what's the vocative case of Daragh, I know that most names take a seimhú ( a Shéan, a Phadraig, ect) but that doesn't seen to work with Daragh. It comes out like A Yara or A Ara. Is there another form?

Go raibh maith agaibh


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: An ainm Daragh
PostPosted: Sat 12 Mar 2016 5:47 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Croithlí Mac Daithí wrote:
Dia daoibh, tá cúpla ceist agam faoi an ainm Daragh. Ar dtús cad é an leagan gaeilge do. An bhfuil sé Daragh, Dáire, Darach, Dara nó rudneacht eile? An bhfuil siad uillig gealach?


'Sé Dara/ Darach an leagan Gaelach de, ach ní bheadh iognadh orm dá mba rud é go bhfaightear Daragh/ Daradh insna lámhscríbhinníbh déanacha; ach go bhfios dom, is foirceann neamhstaireamhail é -gh.

Is comhainmneacha iad Darach/ Dara, síolraítear ó thuisil agus ó dhíochlaontaibh/ ghasanna difriúla an fhocail dair 'oak'. Síolraíonn an ainm, Dáire ó fhocal eile; ach mar sin fhéinig, dh'fhéadfaidíst bheith fite fuaite le chéile anois; ach go stairiúil, ní hionann na hainmneacha sin.

Sa tseana-Ghaoluinn, bhí an an focal dair 'oak' ina i-ghas (i-stem), mar sin do chríochnaigh an ginideach bhuatha leis an bhfoirceann -o/-a .i. daro/ dara;* mar shampla: Cill Dara 'the chapel of oak'.

*Thá'n foirceann -o níos sine.

Ach níos déanaí sa tSeana-Ghaoluinn, le tosach aimsir na Meán-Ghaoluinne - agus níos doithche fós, go háirithe leis an schwa - do thosnaigh córas na ngasanna ag titim isteach ar a chéile sa mhéid is go raibh éiginnteacht agus éagsúlacht ollmhór ann. Mar sin, bhí mearbhall ann chomh maith maidir leis an bhfocal 'dair', do chaithtí leo mar gas-g/ch (k) go minic - b'fhéidir de bharr chomhchosúlacht leis an bhfoirceann -(a)ir, cf. cathair (gin. bhuatha, cathrach) - agus sin an chúis go bhfuil an ginideach 'darach' agat, óir 'sé an foirceann -ach gnáthfhoirceann ghais-g.

'Sé 'darach' an ghnáthghinideach fós inniumh: http://www.teanglann.ie/en/fgb/dair
Ach maireann an seana-ghindeach 'dara' mar leagan eagsúil de: (dara3): http://www.teanglann.ie/en/fgb/dara

De réir an eDIL, tagann an aimn Darach ón ngáth Ainmneach iolra daraig (gas-i): http://www.dil.ie/14638

Ach ní aontaím le sin, Do Dhéarfainn gur ón nginideach (gas-g) a thagann sé, .i. darach fhéin.
Is iomaí a bhíonn an seana-ghinideach agat mar an ainmneach i gcás ainmneacha, go háirithe leis an gas-n; Bricrenn (<Bricriú), Goibhneann (< Goibhniú), Con (<Cú) srl... .

Dair: http://www.dil.ie/14250
An ainm Dara: http://www.dil.ie/14636
An ainm Dáire: http://www.dil.ie/14270

Croithlí Mac Daithí wrote:
Secondly what's the vocative case of Daragh, I know that most names take a seimhú ( a Shéan, a Phadraig, ect) but that doesn't seen to work with Daragh. It comes out like A Yara or A Ara. Is there another form?


Masculine names are also palatalised where possible in the vocative, e.g. a Sheáin, a Mhichíl/ a Mhichil, a Thomáis, a Dhomhnaill.

-The vocative of Dara would be 'a Dhara'.

-If Dara is realised as Daragh in Irish, the vocative wold be 'a Dharaigh'. The pronunciation of the -igh termination differs according to dialect; Munster is usually -ig, unless it is followed by a pronoun; in Connachta it is usually something like -iu; whereas in Ulster its usually -í.

-Darach, traditionally speaking, should be 'a Dharaigh' (as it would be in Munster). But -ach endings can resist palatalisation (esp. in Connachta; cf. a mhac), and therefore 'a Dharach' would be common.

Cian

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice


I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 2 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Bing [Bot], Google [Bot] and 807 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group