Áine Óir wrote:
A chairde,
Aon moladh don bhfrása seo?
"...and posted photos on Facebook for the whole world to laugh at ''
...agus a phostáil grianghraif ar Facebook chun an domhan ar fad a chur ag gáire / ar mhaithe le gáire a dhéanamh don saol mór / a bhféadfadh gach uile dhuine beo bheith ag gáire fúthu ?
GRMA
Ní oibríonn an dara ceann, dar liom, ach déarfainn go bhfuil an dá leagan eile go breá.
Cur chuige eile:
(...grianghraif ar Facebook) mar ábhar gáire/magaidh don saol /domhan mór nó
chun go mbeadh siad (mbeidís
) mar ábhar gáire/magaidh ag an saol mór (nó
ina n-ábhar gáire/magaidh...)
Tá leagan maith curtha suas ag MacBoo fósta (caithfidh me a rá nach bhfaca mé an focal 'beithé' riamh go dtí seo).