It's here at page 328 -
http://www.cumannchluainard.com/wp-cont ... -ceoil.pdfA lot of other gems too.
A direct quote -
Molaim sú an ghráin eorna go deo deo 'gus a choíchín
Nach mairg nach mbíonn tóir ar Rí Seoirse ar a dhéanamh
Seán Ford a bheith ina ghiúistis, is é ’chomhairleodh na daoine
Mar is é chuir mise ag foghlaim le ócam a spíonadh
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin
Go bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
Is nach mise a bhíonn go brónach gach Domhnach is lá saoire,
'mo sheasamh amuigh sa ghairdín, istigh i bhfáinne is mé ag gabhail timpeall
Go sileann ó mo shúile sruth deor nuair a smaoinim
Gurb olc an obair Domhnaigh bheith i gcónaí ar an gcaoi seo
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin
Go bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
Is osclaíodh dom an stór a raibh ócam thar maoil ann
Is thug mé lán mo ghabhlach liom, mo dhóthain go ceann míosa,
Is nach mise a bhain gáire as an ngarda a bhí i mo thimpeall
Nuair a d'fhiafraigh mé den cheannfort cé air ar fhás an fionnach
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin
Go bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
Bhí mise maidin shamhraidh is mo leaba déanta síos agam
Nuair a chonaic mé an ceannfort 's é ag gluaiseacht go dtí mé.
''Is b'in é an chaoi a bhfuil tusa, is an méid atá le déanamh?
Do dhá láimh i do phóca is ócam le spíonadh?''
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin
Go bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
Céard a deir tú le Mac Uí Lochlainn a chuaigh a chodladh dó go suaimhneach,
Nuair a d'ionsaigh na luchain a chuid ícaim san oíche.
Is maidin lá arna mhárach, bhí an ceannfort á inseacht
ó, a dhiabhail, a deir an gobharnóir, ''tá an diabhail uilig déanta.''
Is randa dideloram 'sé ócam an phríosúin
Is nach bhfága sú an ghráin eorna na hÓglaigh dá spíonadh
Crossed with Redwolf
