Dia dhaoibh!
Do cheapainn gur cheart dhom a leithéid den chleachtadh so ' dhéanamh.
Ansan, i dtaobh is gur tugadh an dúshlán so fúm, tar éis machnaimh beag a dhéanamh dhom, do shíleas nárbh fholáir dom é ' fhreagairt.
Dheineas taifead ansan. Is é ceann de shalmaibh an athar Peadar a thoghas 'ná Sailm 22 (nó 23 mar a thugann na Giúdaigh air).
Éistidh leis, a chairde, agus tugaidh cabhar dom i dtreó go gcuirfinn mo chuid Gaelainne i gruinneas, más é bhúr dtoil é.
https://drive.google.com/drive/folders/ ... -HRrPbh1nYI thought that I should do something like this for practice. Here's Psalm 23 (22 in the Septuagint and the Vulgate).
I'd be very grateful if you could point out my mistakes and advise me how to improve.
Sailm 22 (dhá dheich a dó) [23]
1 Sailm ó Dháivid.
Is é an Tiarna do rialann me agus ní bheidh aon rud in easnamh orm.
2 In áit fhósaíochta atáim socair aige.
Do thóg sé me ar an uisce do shásaíonn.
3 Do chas sé m’anam thar n-ais.
Do stiúraigh sé me ar chosánaibh na fíoraontachta,
ar son a ainme féin.
4 Óir más i lár scamaill an bháis féin a shiúlód ní bheidh eagla orm roim dhrochní toisc thu ’ bheith
agam. Do shlat agus do bhachall,
sin iad a thug sólás dom.
5 Do ghléasais bórd dom os mo chómhair,
in aghaidh na muíntire atá ag cur orm.
D’úngais mo cheann le hola,
agus mo chailís shomheisciúil nách uasal í!
6 Agus beidh do thrócaire ’om leanúint,
gach aon lá dem shaol.
Agus gur im chónaí i dtigh an Tiarna ’ bhead an fhaid a leanfaidh laethanta.