|
agus bheartaigh sé, dá bhrí sin, filleadh thar n-ais go Calcutta. Ar an mbóthar do, tar éis cheithre chéad míle ’ chur de agus dhá chéad míle fós le dul aige, thúirlig sé dá chapall agus chuaigh ag lámhach sa mhothar ar thaobh na slí. Nuair d’fhíll, is amhlaidh a bhí ná a sheirbhíseach agus na capaill gofa ag cúigear cneamhairí agus iad ag déanamh foghla ar a chuid bagáiste. Do phreab sé chúthu agus scaoil leó agus chuir pileár i mbolg duine acu. Do scaoil duine acu-san leis thar n-ais le ceann dá phiostail féin, gur ghuin sa truigh é. Do bhailíodar leó ansan leis an sluid, agus b’éigin dom dhriotháir dhá chéad míle ’ chur de sa riocht san, é gunta go holc, gan fáil ar chúnamh aige sa dúthaigh bhrothallach san, agus tosach saosúir na báistí ann fairis sin. Do sheasaimh an misneach agus an corp sláintiúil do agus do shrois sé Calcutta fé dheireadh, mar a bhfuair sé leigheas gan mhoíll. Ní raibh sé dearúdta ag á cháirde ansúd agus tar éis tamaill, ó thárla go caothúil Major Palmer ag dul suas go Poonah ’na Chómhnaitheach ag cúirt Peshwa na Mahrattas, sholáthraíodar leitreacha adhmholtha dho le breith ag triall ar an gcúirt sin agus ghluais sé i bhfochair Major Palmer fé mhór-shláinte agus fé mheanmnain, agus súil aige go mbeadh, ar a laíghead, ceannas catha órdanáis aige. Ó shin i leith, ní bhfuaras tásc ná tuairisc ar an gcrích d’imigh air, ach tá mo mhuinín agus mo dhóchas as gur crích fhónta é. Do bhí corp sláintiúil aige agus misneach seasmhach, bhí sé dea-labhartha agus tá, ní foláir, aibiú tagaithe fén am so ar a mheón, agus eólas ar chúrsaí saeil, ó éagsamhlacht na n‑eachtraithe ’ thárla dho. Táim ag brath le dóchas go mbuailfead arís leis agus is me ’ bheidh áthasach de chionn na teangmhála san. An tarna driotháir do bhí agam, Matthew, níorbh ionann meón do in aon chor agus do William; ba lú teasaí é agus ba mhó go mór an stuaim a bhí ann; ba thostach é agus ba thugtha do mhachnamh. ’Nár measc féin thugaimís an Spectator air, ó ghiorracht a aghaidh agus ón dtost a chleachtadh sé; ach bíodh ná raibh chómh ré‑bhriathrach le Will agus ná tagadh leis, a dháltha-súd, suaithinseacht mhór, a bhíodh go minic ar bheagán brí, a dhéanamh, agus bíodh go raibh sé támáilthe do-ghluaiste ’na mheón i slí go mbíodh sé go minic seachmallach i láthair cuideachtan, do bhí sprid fáin agus díscire ann ba threise ná éinne againn. Ba mhór aige taisteal, agus eachtraithe, ar a son féin. Dá dheascaibh sin, sara raibh sé na chúig bliana fichead slán, bhí cuaird Shasana tugtha fé dhó nú trí aige, agus bliain caite in America aige, agus an fhaid chéanna in sna hÍndiatha Thiar. Ar fhilleadh ón áit dheiridh sin do, duairt sé liom go raibh beartaithe aige dul anonn sa bhFrainnc agus dul in’ óglach i seirbhís na Poblachta. Thugas mo chómhairle agus mo chúnamh do chuige sin. Thárla san i Mí Lúnasa den bhliain . Do ghluais sé anonn, más ea, go Hamburg, chuaigh as san go Dunkirk agus, arna thairiscint féin dóibh in’ Éireannach gur mhór aige d’onóir cead seirbhíse d’fháil in armála na Frainnce, do cuireadh láithreach i bpríosún ar amhras é. D’fhan ansan go Beallthaine, , nuair a scaoileadh é ar órdú Choiste an Chaomhnaithe Phoiblí, agus, ar dhul go Havre de Grâce do, chuaigh sé ar bórd luinge go hAmerica, mar a dtáinig sé slán an tarna huair um Nollaig le línn dom féin bheith, leis, ann ag feitheamh le luíng a bhéarfadh sa bhFrainnc me, i dtreó go rabhamair araon in America i ganfhios dá chéile, ní is oth liom féin go mór, mar ón gcuma atá ar mo chúrsaí‑se fé láthair, níor chuid ba lú ná an baol atá ann ná teangmhóimís choíche arís le chéile; ach ní dual dom an mí-dhóchas.
|