Quote:
Sampla pianmhar é an ceann sin agat... Fair play don mhac léinn a cheistigh í, duine a smaoiníonn faoi rudaí go criticiúil ar a laghad.
bhail, chreid an mac léinn sin (agus na mic léinn eile uilig seachas mé féin: cha rabh mórán Gaeilg ag na mic léinn eile) an freagar a d'úrt an léachtóir.
Quote:
Seans maith nach labhrann an léactóir sin an teanga go minic, dá ndéanfadh sí ní cheapaim go ndéarfadh sí go gcuirfí "t" ansin.
níl's agam caidé 'n dioplóma a bhí aici. Níl's agam fosta caidé mar a thagh an ollscoil í. Nó is dócha gurb í a hollscoil Éireannach a thagh í. Ghníthear malairtí léachtóirí eadar m'ollscoil agus ollscoltacha Éireannacha, seoltar léachtóirí Fraincise go hÉirinn, agus seolann na hollscoltacha Éireannacha léachtóirí Béarla agus Gaeilg chuignár n-ollscoil. Ach bhail, níl's agam caidé mar a thaghadh 'n léachtóir sin. Is dócha gur cuireadh ceist orthaí "An bhfuil Gaeilg agat?" "- Tá." "Ceart go leor, beidh tú 'do léachtóir Gaeilg sa Fhrainc go cionn dheá bhliain, bhfuil sin ceart go leor?"