An Lon Dubh wrote:
It's kind of:
1929: Pre-Caighdeán "proper" Irish, I don't know if others are familiar with what this is, you see it in several older books.
1973: Dialectal, but modern dialect.
2002: What Tomás actually wrote and sounded like, which is significantly more difficult to understand than the two above, for reasons I can elaborate on if anybody wishes.
Bhíos ag smaoineamh ar an leabhar so a cheannach le fada. Ach bíonn drogall orm fiolsiúchán núa a cheannach óir is minic a tharraingnítear an caighdeán ortha sa mheid is go lobhtar iad agus mar sin ní bhíonn aon tsuim agam ionta 'na dhia' san.
Nuair adeir tú gurb é leagan Sheáin níosa fheárr ó thaobh "What Tomás actually wrote and sounded like" cad go díreach thá i gceist agat? An é thá á rá agat ná go bhfuil sé níos feárr ó thaobh riothaim na cainte is leithéid a thaispeáint? Ar threabh Seán an caighdeán ar chaint an Chriomhthanaigh, nú a' raibh an meas aige gan cur isteach ar a' gcaint aige?
Ag tógaint an téacs so thuas mar shampla, an bhfágann Seán an t-úrú a bhíonn ann i ndiaidh
gach nú an scaoileann sé leis an urú. Agus an gcuireann sé seimhiú ar an p? Óir, is dócha gur eol duitse chón maith, seana-thréith 'sea é sin gan séimhiú a leagadh ar
p-.
Chun sgéal fada a chur ina ghairid, Cioca is dílse ó thaobh Chanúna dhe abair. Nú Cioca ceann is feárr leat fhéinig?
Is cuimhin liom an lagmhisneach agus an t-ísliú meanaman do tháinig orm tr'éis dhom
An Gleann agus a raibh ann a phriocadh i n-áirde agus ch'noc dom an léirscrios a bhí déanta aige'n eagarthóir air.
PS. agus ' bhfuil an leagan ó 1973 ró-dhifriúil i gcompáráid leis an seana-leagan dhe; cad iad na difríochtaí is mó a ruitheann leat? An litriú amháin an ea?
Agus nuair adeirir chón maith gurb é an chéad fhoilsiúchán de i "proper Irish", an é sin go raibh an seana-litriú air srl... nú an raibh saghas bréag-chaighdeán ann fadó sarar tháinig an caighdeán féin chun solais agus chuireag an caighdeán sin air? Cuirimse an cheist sin ort toisc go bhfuil Seanachas Ó Chairbre (Seán Ó hAo) á léamh agam fé láthair agus thá réamhrá aige Donncha Ó Cróinín ann agus tagraíonn sé do dhaoinibh áirithe ag gearán mar gheall ar an nGaoluinn a bhí aige Seán - ná raibh sé ar chomhchaighdeán Uí Luínse abair, ach nín aoinne a chomhchaighdeán an Loinnsigh

- á rá go raibh sé lochtach ó thaobh athraithe tosaigh dhe (ar uairibh tháid aige) agus ó thaobh úsáid chorraitheach an ghinidigh leis. Ach is iomaí ná raibh an ginideach aige Stiofán Ó hEalaoire ach an oiread, agus 'sé adubhairt an Duilleargach i leith Stiofáin ná go raibh an Ghaoluinn is feárr aige súid ná aon chainnteoir eile a tháinig féna bhráid aige. Do bhí an ginideach go corraitheach aige Amhlaoibh Ó Suilleabháin chón maith insan ochtú haois déag. Deirimse é seo leat ar eagla gur dheineag caighdeánú (nú ceartú) ar shaothar Uí Luínse agus Mhaidhc Dháith toisc go bhfuil an chaint thá aca chomh cruinn is chomh beacht san go gcuirid an méid sin ioghantais orm.
Cian
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)