|
Tá insa leabhar so aistí agus dialanna do scríbh Theobald Wolfe Tone insna blianta idir 1791 agus 1798, ’na thaobh féin agus i dtaobh na n‑imeachtaí agus na ngnóthaí, idir phoiblí agus príobháideach1, go raibh sé páirteach iontu. Tá ann mar aon leó-san nithe do scríbh a mhac chun na mbeárthnacha2 ’3 líonadh a thárla i dtuairisc an athar nú de dheascaibh cuid de sna4 dialanna a scríbh sé ’ bheith caillthe5. An leabhar a chuir a mhac, William6, in eagar, agus a foílsíodh i Washington sa bhliain 1826, ’sé7 is bun údaráis leis an aistriúchán so. Níor bhacas leis na paimpléidí ná na meamraim pholaitíochta atá sa leabhar san de bhrí a fhaid agus a thruime a bhí an saothar so dá n‑iúnais, agus de bhrí ná fuil aon léiriú nua iontu ar thuairimí ná ar mheón an té a scríbh iad seochas mar atá cheana le fáil nú le tuiscint insna dialanna. Thugas Beatha mar theideal coiteann ar an meascra le chéile.
Níor leanas den órd a bhí ar na habhair sa8 bhun-leabhar9 ná in aon ath-eagrán de dár foílsíodh ó 1826. Tá ath-órd curtha orthu d’fhonn iad a bheith i ndiaidh ’10 chéile i gcómh-fhreagairt do ghluaiseacht na haimsire. Táid siad11 roinnte ’na rannaibh i bhfuirm caibidlí, fé theidil agus fo-theidil. D’fhonn cabhair a thabhairt don léitheóir chun nithe áirithe d’aimsiú, táid12 na nithe deiridh sin ar fad bailithe i dtosach an leabhair i bhfuirm cláir, in inead an index nárbh fiú, dar liom, a chur le haistriúchán mar seo. An tAistritheóir.
This is the text as I have re-edited it. The numbers refer to notes in my ODT file, but the notes haven't copied. If you want to know what I have in any of these notes, let me know.
|