|
Something felt off to me about these two sentences and I wonder if someone with better Irish than me could offer an opinion on it. (Dá abairt a tháinig mé orthub in úrscéal le déanaí. Cheap mé go raibh cuma amscaí orthub):
"Thug an t-oifigeach ina gceann súil thapa ina thimpeall..." (Nár cheart "an t-oifigeach a bhí ina gceann" a scríobh anseo, nó an bhfuil dul amú orm?)
"Thit an mhias mhór ar an drisiúr ina smidiríní" (is cosúil ón gcomhthéacs go raibh sé i gceist ag an údar go raibh mias mhór ar an drisiúr agus gur thit sí: "the big dish on the dresser fell...", ach ar an gcéad dul síos, cheapfainn gur thit an mhias ar an drisiúr)
An bhfuil fadhbh ag baint leis an dá abairt seo, dár libh? Céard go baileach atá ag cur as dhom faoi na habairtí seo?
|