Dia daoibh a chairde,
Tá súil agam go bhfuil sibh uile go maith. Nach iontach an rud é a bheith ag breathnú ar an nGaeilge ag dul i méid, mar gheall ar bhannaí ceoil cosúil le Kneecap. Fiú mura dtaitníonn an ceol libh.
Bhuel, ar aon nós. Chinn mé go raibh sé in am dom trí eipeasóid eile de 'An Grá Faoi Ghlas' a dhéanamh le fotheidil Ghaeilge. Tá eipeasóid 4 díreach déanta agam. Rinne mé mo dhícheall gach rud a d'fhéad mé a phiocadh amach, ach teastaíonn bhur gcabhair uaim chun a bheith cinnte.
Seo an nasc chuig uimhir 4, más féidir libh éisteacht leis le bhur dtoil:
(Is mistéir dom an rud a deir Darren ag 3:32)
https://www.youtube.com/watch?v=Q1FnyqJsV9MGo raibh maith agaibh,
Paideo (aka Asarlaí/Somhairle/Fearceoil)
An Gra faoi ghlas 4RéamhráAgus an Corcaíoch Conor imithe uathu, tá muintir an tí ag díriú ar lá nua. Inniu cuirfear iomaitheoir nua in aithne dóibh. Fear nó bean, duine deas nó duine gránna. Ach 's atá siad ag fanacht le teacht an iomaitheora nua, tá muintir an tí ag cur leis an aithne atá acu ar a chéile sa seomra gleacaíochta.
(it took me a while to figure out he was saying An Corcaíoch/the Corkman/native of Cork)
Aingeal: Dó dhéag a sé (12-6)
Stiofán: Dia daoibh
Aingeal agus Sorcha: Dia is Muire duit
Stíofán: (talking to 'Big Brother')
Is mise Stiofan, ta mé triocha cúig bliain d'aois, Is as cathair Cill Chainnigh mé agus tháinig mé anseo chun titim i ngrá.
Stiofán: Dia leat Aingeal
Aingeal: So, tá siopa éadaí agat.
Stiofán: Tá, is maith liom an obair sin
Aingeal: Is breá liomsa siopaí éadaí.
Stiofán: Bhuel, is siopa éadaí fear atá agam féin.
Aingeal: Agus is maith leat Cill Chainnigh.
Stiofán: Is breá liom é. So cén saghas post atá agat féin.
Aingeal: Is muinteoir bunscoile mé.
Stiofán: Oh sin obair an-spéisiúil.
Aingeal: Tá sé ceart go leor.
Stiofán: Is maith liom an léine sin.
Aingeal: Oh, sean rud é seo.
Stiofán: Tá an dath sin go halainn ort.
(Aingeal in the Big Brother room)
Big Brother: Bhuel Aingeal, céard dearfá le Stiofán?
Aingeal: Is maith liom Stiofán caithfidh mé a rá. Tá sé beasach agus tá sé suimiúil le labhairt leis.
Big Brother: Meas tú an maith leis siúd tusa?
(it sounds like 'leis siúd' to me)
Aingeal: Measaim é, tá súil agam mar ar aon nós.
Rita: Suígh síos anois Stiofán agus tar nua do phictiúr. (I'm not sure about this line).
Stiofán: Maith go leor.
Rita: An bhfuil tú compordach?
Stiofán: Tá.
Rita: So, cén fáth gur tháinig fear breá cósúil leatsa anseo?
Stiofán: an fáth céanna a dtáinig bean breá cósúil leatsa.
Rita: Fan socair.
Stiofán: An ealaíontóir thú?
Rita: Oh ní hea, níl ann ach caitheamh aimsire.
Breathnaigh. caithfidh tú fanacht socair. Ní bheidh mé in ann thú a tharraingt i gceart.
Aingeal: (as a table tennis ball accidently hits her in the face) Ouch!
Stiofán: Gabh mo leithscéal nóiméad Rita
Stiofán: An bhfuil tú ceart go leor Aingeal
Aingeal: Oh tá, ta mé go breá
Máirtín: Aingeal, tá brón orm faoi sin
Aingeal: Oh, is orm féin atá an locht
(in the Big Brother room)
Big Brother: Tá tú tar éis éirí cairdiúil le hAingeal, nach bhfuil?
Stiofán: Tá, is maith Aingeal. Tá sí cútháileach, ach is breá liomsa mná atá cútháileach
Big Brother: Cén fáth sin?
Siofán: Bhuel, b'fhéidir go bhfuilím beagainín cútháileach mé féin.
Big Brother: Céard faoi Rita?
Siofán: Rita? Bhuel, níl sí cútháileach ar aon nós.
- Darren (Rathcairn) and Sorcha (Dún na nGall) playing chess -
Darren: Hey, ní féidir 'sha Ree'ah sin 'een na'
(I can't make this out at all. He's telling Sorcha she can't move the King like that)
Sorcha: Ach shíl mé go raibh cead aige dul treo ar bith.
Darren: Spás amháin treo ar bith.
Sorcha: Tá sé iontach casta.
Darren: Ah níl, nuair a théann tú i dtaithí air.
Sorcha: Hey Stiofán, an bhfuil eolas ar bith agatsa ar an chluiche seo?
Stiofán: Ficheall?
Sorcha: 'Sea
Stiofán: Níl mé go maith aige. Níl an cineál sin intinn agam.
Sorcha: Nó agam féin ach oiread. Tá sé ag cur tinneas cinn orm.
Stiofán: Céard faoi cluiche leadóg bord.
Sorcha: Ba bhrea liom cluiche. An bhfuil spéis agat sa spórt?
Stiofán: Tá, go deimhin.
Sorcha: Chifídh mé níos moille thú. Ceart go leor?
Darren: Tá go maith.
Rita: Déan dearmad uirthi sin
Darren: Gabh mo leithscéal?
Rita: Ní sin as Dún na nGall
(Ní here the same as rud 'that thing from... I assume)
Darren: Sorcha is ainm di agus ní bhaineann sé leat.
Rita: Seo an Grá Faoi Ghlas Darren. Baineann gach rud le gach éinne anseo.
Darren: Dún do bhéal Rita
(in the Big Brother room)
Darren: Tchifídh mé níos moille thú x2