Leathanach 9:
Níorbh’ ao’ dua dhom a chor a dtuiscint do lea-dhasaon dom’ chómh-scláirí gur chortham a’ riara é sin eir ár gcuid aimmsire, agus eir a’ slí sin chuireamair eir bun scéim deá-chóirithe do’n ní dá ngairimtar mitching agus d’eighrig lin, eir bhe’ dhúinn eir chuid dos na buachailí ba chliste sa’ scoil, fórlámhas a dh’fháilt eir aigine a’ mháistir unas nuair bhuailimís isteàch sa’ scoil a n-ao’ ghasara ’mháin, tréis lae do n-ár laehanta scuir, nárbh’ áil leis dol chuin ao’ spairine lé duin’ eir bith aguìn, ná scríobh eiread agus aon uair amháin chuin m’ahar chuin ólas a thúirt dò eir mo chúrsaí-se, agus gur muar is in-cháinte do n-a chiún sun é.
Ní muar dom a rá mar bhrehúntas cirt oram féin agus eir mo chómh-scláirí, bíoch go rabhamair go déistineach lé díobhuínteas, ná reibh ao’ dabháilce anuìn. B’é ár gcahabh aimmsire siúl amàch fé’n dtua, dol a’ snábh sa’ bhfaraige agus, thar gach ní eile, bheh a láthir lé lín gach lae thiospeántais, nú túirt amàch, nú léir-fhéuchana dá ndintí a chamóra eig’ an aram gbháltais a mBleá Cliath a bPáirc an Fhion-isce. Táim a’ tagairt go speisíalta dò sun, óir, a dtaobh amù do’n gcabhair a thug sé chuin béus a’ díobhuíntis a phréubhú anùm, rod is aithireach go muar lium, is léir gurbh é sáir-dheáramh an aramála agus puímp agus taighse a’ tiospeántais mhileata a chuir eir dtúis anùm a’ mian nár traochach ó shin riamh, chuin dol lé saighdiúireacht, mian nár thréig me riamh agus go bhfuil cead anìs agùm fé dheóig é shásabh tréis a sé bliana déug do chora a’ tsaoil a chor dom. Bhíos a’ drideam an uair sin lé hís a seacht déug agus ní scéul do-chreite oram é rá gur thaighsig mná dhom a bhe’ deas, agus tuigeach dom go fáigiúil go mba mhuar an cómhnabh dom cóta dearag agus cnota agus peighre d’epaulettí óir chuin dol a gcómhair na ngaithilean dá dtugas aghra.
Thug sun, agus na fátha eile eile do luas thuas, socarú cínte oram. Chramm sé eir dhol a bhfeighm oram ná reibh sa’ léan Ghréugach ach fastaím, agus a ngradam Fellow a gCláiste na Tríonóide ach díol trua, agus cheapas dar deimhin ná reibh fear sona eir bith àn ach meirigire eir cha’ coisithe eir slóga. Uafás agus úr-ghráin a bhí oram a’ feithabh leis an uair a bhí a’ drideam lium nuair a bhein a’ dol san Ol-scoil. Shéunain an scoil níos minice ná riamh óir b’fheár lium bheith a’ faire na n-earcach lé lín gleacaíocht eiges na Baraicí. Eir deire nuair a tuigeach do’n ide go bhfaighfuí easpathach me sa’ scrúdúchán lé dol sa’ Chláiste, agus go mbeifuí, dá dheascaibh sin, á thúirt féin ciúntach ’na chuid sin do’n aithis, cheap sé go mba cheart dò an rod a dhéunabh ba chóir a bhe’ déunta eigè lé trí bliana ruimis sin, agus scríbh sé chuin m’athar agus thug tuairisc umalán dò eir m’imeàchta-sa.
https://drive.google.com/file/d/1qm7Ie4 ... sp=sharing