djwebb2021 wrote:
Fuair sé faill, fiú amháin, san inead úiríseal agus sa bhall uaigneach úd, chun a aigne ’ shaothrú roinnt, ionas gurbh iúnadh liom, nuair a casadh i Lúndain orm é, tar éis é ’ bheith scartha linn ocht mbliana, measaim, go bhfuaras iompar duine uasail ann, agus eólas cuíosach aige ar na ranna is feárr de litríocht an Bhéarla. Do bhí éirim filíochta ó dhúchas ann, agus bhí san saothraithe go maith aige agus tá agam, i measc mo chuid páipéar, leabhar dá chuid dánta, iad uile go deas agus cuid acu go snasta. Buachaill breá dea-dhéanaimh dob ea é, é dea-labhartha, agus taithneamh mór ag mnáibh do agus cion thar cuímse aige-sin orthu-san. Sháraigh sé Caesar i gcalmacht, agus bhí éileamh ar an arm aige. Ní fhéadfadh aon bheirt fhear cion níos dílse agus, mura miste dhom á rá, níos díograsaí a bheith ar a chéile acu ná mar ’ bhí ag beirt againn-na; agus, i láthair na huaire seo, níl [aon] ní is mó ’ ghoilleann orm ná sinn a bheith scartha ó chéile.
Tar éis a trí nú a ceathair de bhlianta ’ chaitheamh san Úróip, agus m’athair, mar aduart, go beó bocht tar éis na gcúrsaí dlí do bhí idir é féin agus a dhriotháir, bheartaigh William dul ag lorg a fhoirtiúin uair eile go hIndia agus, ó bheith dhom féin i ndeireadh na feide i gcúrsaí airgid, níor ghabhas orm a mhalairt a chómhairliú dho. Dá bhrí sin, chuaigh sé ar ais i seirbhís na Cuallachta i dtosach na bliana agus do shrois Madras tuairim deireadh na bliana san. Trí fheabhas a dhea-phearsan agus a dhea-labharthachta, mar aon leis na dea-thréithe eile d’áiríos a bheith ann, bhuaigh sé céim chómh hárd san i dtuairim Colonel an chatha ’na dtug sé seirbhís, go dtug súd cead scurtha dho, agus leitreacha chun a cháirde i gCalcutta, agus oifigeachas beag armála mar aon leis sin, ní a thug turas gan chostas do. Do sholáthraigh sé ’na theannta san do ón gCuallacht nuair a shrois ceann cúrsa, caogaid púnt airgid mar bhronntanas gradaim mar gheall ar a dhea-iompar ar an slí. B’é gníomh a dhein sé ná gur chuir sé fé chois ceannairc bhagarthach d’éirigh i measc na ndubh-shaighdiúirí féna réir go raibh rún ceilge ceapaithe acu chun na luinge ’ ghabháil agus imeacht léi.
Do cheap an mhuíntir go dtug sé na leitreacha aitheantais dóibh i gCalcutta tuairim chómh maith san do gur chuireadar in aithne é le mór-mholadh do Mr. Marigny, oifigeach Franncach, an tarna duine in uachtaránacht an airm ag an Nísam, agus a bhí an uair chéanna i gCalcutta ag ceannach stór armála don phriúnsa san. Thug Marigny, mar gheall air sin, inead oifigigh do i seirbhís an Nísaim agus do gheall ceannas a thabhairt do ar chath órdanáis (an tseirbhís ba rogha leis) chómh luath agus do shroisfidís an t-arm. Nuair a bhí na stóir, &rl, ceannaithe, ghluais William leis an gcéad roínn, féna cheannas féin, agus do bhain longphort an Nísaim amach gan óspairt. I gcionn tamaill tháinig Marigny, leis, chun cínn, ach, trí óspairt gan choinne, d’imigh leaghadh cúir na habhann ar an uile abhar dóchais dá raibh ageam dhriotháir. D’éirigh easaontas idir Mharigny agus an Franncach uachtaráin, agus ní leogfadh an mhí-dhiscréid onóra dom dhriotháir gan páirt a ghabháil ar thaobh a charad ann. B’é ’ tháinig as gur cuireadh Marigny i ngéibhinne, agus d’imeódh an íde chéanna ar William mura mbeadh é d’éileamh coimirce, i dtaobh bheith ’na ghéillsineach don Bhreatain, ar an gCómhnaitheach Sasanach i gcúirt an Nísaim.
Notes:
chun a aigne ' shaothrú roinnt: at its root this might possibly be Béarlachas. Ó Dónaill lists has it in his dictionary in the same context as it is used here:
chiúnaigh an aimsir roinntsaothrú: pronounced
saorthútar éis é ' bheith scartha linn ocht mbliana: original,
tar éis a bheith scartha linn ocht mbliana, both are correct, where the second one is using a possessive adjective construction rather than a noun phrase in the first one, i.e. 'after he was seperated from us for eight years' vs 'after his being seperated from us for eight years'
fuaras duine uasail ann: literally, 'I found the carrying of a gentleman in him', 'I found him to/I found that he carry/carried himself like a gentleman'
Do bhí éirim filíochta ó dhúchas ann: 'he had a natural talent/naturally had a talent for poetry'
saothraithe: pronounced
saoraithedea-dhéanaimh+dea-labhartha: normally
deá-dhéanaimh and
deá-labhartha in CDh
mór: most often pronounced
muar, though it is also transcribed pronounced /mu:r/ in Wagner's works, and Kenneth Jackson in his book Scéalta ón mBlascaod remarks that this is the only form found in Peig's speech.
ag: pronounced (and often spelled)
aige, with the stress on the first syllable as opposed to
aige with the stress on the second syllable (i.e. the third person masculine form of the pronoun). Can be shortened to
'ge especially following vowels and preceding articles
Sháraigh sé Caesar i gcalmacht: I believe
ar chalmacht, as it has in the original, would work in this context
díograsaí:
díoghraisighe in the original
againn-na: this would be
againn-ne in CDh Irish
i láthair na huaire seo:
ar an uair seo in the original also works. It seems that PÓS uses
ar as a temporal preposition more than I am used to seeing in CDh Irish, e.g.
ar an am san,
ar an uair seo vs
ag an am/san am/etc. as would be expected in the Caighdeán
tar éis na gcúrsaí dlí: how would one look at bracketing of genitives in the plural? This is not a clear example since
cúrsa has the same plural in both the nominative and genitive, but what if there one were to bracket off a noun phrase where the first plural noun had a different genitive plural? I would assume it would take the same mutation (i.e. eclipsis) as would be expected from the genitive plural article normally (e.g.
obair na bhfir dhlí), but what if there was no article? Would it take lenition as does the singular genitive dual (e.g.
hataí fhir dhlí)?
ag lorg a fhoirtiúin:
ag cuardach a fhortúna in the original. The latter (
fortúna) genitive form is used in CDh
níor ghabhas: in both David's edition and the original. A more proper spelling in accordance to the dialect is
níor ghaibheas, pronounced /n´i:r ɣais/ (
gaibh is an irregular verb in CDh Irish)
ar ais:
thar n-ais in CDh
do shrois: used instead of
sroich in CDh and (I assume) throughout the rest of Munster
tuairim: as a preposition 'about'
trí:
tré in the original. Both are found in CDh
deigh-: for of
deagh- used before slender consonants. Now superceded,
deá- is found before both broad and slender consonants
d'áiríos:
d'áirmhigheas in the original
i dtuairim Colonel an chatha:
i dtuairim Cholonel an chatha in the original. Grammatically it is often stated to be incorrect to lenite foreign titles/names, but I find it quite common in the casual speech of the dialect (though it is somewhat unfitting in this context). This is also another bracketed genitive construction:
i dtuairim [C(h)olonel an chatha]scurtha: =
scortha (Caighdeánaithe)
sholáthraigh: pronounced /ho'la:rhəg´/ in CDh
caogaid púnt:
caoga púnt in the original, neither are used commonly among native speakers. A more correct native form to CDh Irish would be
deich bpúnt is daichead (even though the former forms are considered more native to the Irish language, whereas the latter, vigesimal system came from the French influence on the Irish language).
mar gheall ar a dhea-iompar:
as ucht a dheighiomchuir (= deá-iúmpar) as is found in the original would work too
b'é gníomh a dhein sé: the lack of the definite article before
gníomh is talked about by Pádraig Ó Laoghaire in his book Notes on Irish Words and Usages. To summarise,
gníomh is already defined by the following verb, therefor erasing the need for the article
féna réir: would
fé 'na riar as given in the original not be more correct here?
chun na luinge ' ghabháil:
chun an long a ghabháil in the original. Prepositional verbal noun clauses such as this one often treat the noun + verb construction as one unit, bracketing it off (as in the latter), but this is not a set rule.
gabháil: pronounced /gva:l´/ ~ /gwa:l´/, also exists the form
gabháilt (/gva:l´t´/ ~ /gwa:l´t´/)
dara:
tarna is used in Munster (including CDh)
ag ceannach stór armála: another bracketed construction
don phriúnsa: more often
don bpriúnsa in modern CDh Irish. Older texts have both, often favouring the former.
'on, however (preposition of direction) takes lenition.
&rl.: abbreviation of
agus araile 'et cetera'. The Gaelic script uses the tironian et instead of the ampersand of the latin script (i.e.
⁊rl.). However, as this symbol was very rarely found on type writers, it was often substituted with the number 7, as they are both similar in appearance, giving
7rl. in the original.
bain: pronounced /bin´/ in Munster Irish
i gcionn: dative form of
ceann, one of the few masculine nouns with a distinct dative form. The dative form is not functional, and only exists in modern day CDh Irish in set phrases.
gan choinne: 'unexpected(ly)'
d'imigh leaghadh cúir na habhann ar ...: literally: 'the melting of the foam on the river befell ...'. An unbracketed construction (
d'imigh leaghadh [cúir] [na habhann] ar .... (I apologise if it is confusing calling it an unbracketed construction, then using brackets to illustrate the grammar

Each unit following
leaghadh is in the genitive, thus signaling that they are not being bracketed together as one unit, another way to illustrate it is simply
d'imigh leaghadh cúir na habhann ar ..., without brackets.)
carad: genitive of
cara treated as a fifth declension noun. Both
cara and
carad are found as genitive forms in modern day CDh
b'é ' tháinig as gur cuireadh Marigny i ngéibhinne: one could also say
b'é ' tháinig as ná gur cuireadh Marigny i ngéibhinnemuna mbeadh é d'éileamh comairce: is this
do the same grammatically and functionally as the one as in
téir a chodladh, etc.??