It is currently Wed 29 Apr 2026 6:40 am

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 
Author Message
PostPosted: Thu 26 Mar 2026 11:22 am 
Offline

Joined: Sat 12 Jul 2014 10:47 am
Posts: 2
Dia daoibh! Is foghlaimeoir Gaeilge Iodálach mé, is Learning Irish le hÓ Siadhail a d'úsáid mé, agus tá mé ag iarraidh an fhuaimnithe Conamaraigh a úsáid, ach tá fúm ní hamháin téacsanna i gcanúint Chonamara a léamh, ach freisin sa chaighdeán oifigiúil agus sa Ghaeilge liteartha as an am roimh an athleasú, agus i gcanúintí eile.
Le é seo a dhéanamh, is í an fhadhb is mó atá agam ná tuiscint cén chaoi a bhfuaimníonn Gaeilgeoirí as Conamara, nó Gaeilgeoirí as áit eile ar bith in Éirinn a úsáideann fuaimniú Conamarach, focail scríofa le deilbheolaíocht nó deirí nach bhfuil sa nádúr ag a gcanúint siadsan.
Mar shampla, is mar [-ə] a léitear an deireadh ainimnigh iolra -(a)igh de ghnáth i nGaeilge Chonamara ach... cén chaoi a léann cainteoirí Gaeilge Conamaraí an deireadh iolra -(a)igh i bhfocal mar Éireannaigh as an gcaighdeán, nó an ceann gairmigh i bhfocal as an gcaighdeán mar stócaigh, nach bhfuil an t-[-ə:] rialta acu i gcanúint Chonamara, ach [-i:]? ['e:ɾʲən̪ˠə] agus ['sˠtˠo:kˠə] "mar atá siad scríofa" nó ['e:ɾʲən̪ˠi:] agus ['sˠtˠo:kˠi:] mar a fhuaimnítear sa chanúint iad?
Sampla eile: cén chaoi a léann siad an deireadh ginidigh consan caol + -e (2a díochlaonadh, e.g. na súile) nuair is consan caol + -a ([n̪ˠə 'sˠu:l̪ˠə], 3ú díochlaonadh!) atá i nGaeilge Chonamara? ['sˠu:lʲə] nó ['sˠu:l̪ˠə]?
Nó, sna haidiachtaí briathartha a chríochnaíonn ar -mtha nó -rtha, an ndeir siad [-mˠtə] agus [-rˠtə] nó [-mˠ(h)ə] agus [-rˠ(h)ə]?
Go raibh míle maith agaibh!


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 03 Apr 2026 9:08 pm 
Offline

Joined: Wed 17 Jul 2024 5:15 pm
Posts: 37
Dé do bheatha-sa, a chara!
Is í an chanúint is fearr atá ar eolas agam ná Gaelainn na Mumhan, ach pé scéal é, i dtaobh do theachtaireachta, is dóigh liom nach deacair le freagairt í mar cheist, 'sea, a leath ar a leighead aon chuma.
Más Iodálach tú, b'fhéidir go bhfuil canúint éigin ón gcliabhán agat agus cúpla deifir a bheith idir í agus an Iodáilis chaighdeánaithe. Agus cuir i gcás gur i dtuaisceart na hIodáile a ruagadh thú agus is ann atá cónaí ort anois. Más ea, is ionann duit /é/ agus /è/ bíodh nách aon fhoghar amháin iad, ach dhá fhoghar, san Iodáilis chaighdeánaithe. Agus rud eile: dá mbeadh focal sa chanúint agus é baininscneach, ach focal an-chosúil firinscneach a bheith san Iodáilis 'standard' agus a mhalairt de dheilbh ar fad air san uimhir iolra seachas an focal id chanúint-se*… agus dá mbeadh téasc le léamh agat agus gan aimsir do dhóthain agat chun an focal nó an frása is canúnaí (mar a déarfá) dh'fháil láithreach, tá gach deallraibh go léifeá de réir an chaighdeáin an téics sin.
Is mar sin atá an scéal sa Ghaelainn, dar liom.
Níl léas eolais agam ar an gcúis leis na leaganacha do bheith mar atáid siad anois.
*mar shampla: 'deifir' b. (Mumhain) agus difear f. (FGB) nó téics (Dinneen) agus téacs (FGB).


Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 29 Apr 2026 12:43 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 6:15 pm
Posts: 3594
Location: An Astráil
Davide wrote:
Mar shampla, is mar [-ə] a léitear an deireadh ainimnigh iolra -(a)igh de ghnáth i nGaeilge Chonamara ach... cén chaoi a léann cainteoirí Gaeilge Conamaraí an deireadh iolra -(a)igh i bhfocal mar Éireannaigh as an gcaighdeán, nó an ceann gairmigh i bhfocal as an gcaighdeán mar stócaigh, nach bhfuil an t-[-ə:] rialta acu i gcanúint Chonamara, ach [-i:]? ['e:ɾʲən̪ˠə] agus ['sˠtˠo:kˠə] "mar atá siad scríofa" nó ['e:ɾʲən̪ˠi:] agus ['sˠtˠo:kˠi:] mar a fhuaimnítear sa chanúint iad?


Éireannach "an Irish person" (CO, GC)
Éireannaigh "Irish people" (CO) = Éireannaí (GC) nó Éireannachaí (GC)

stócach "a youth" (CO, GC)
stócaigh "youths" (CO) = stócaí (GC) nó stócachaí (GC)

Davide wrote:
Sampla eile: cén chaoi a léann siad an deireadh ginidigh consan caol + -e (2a díochlaonadh, e.g. na súile) nuair is consan caol + -a ([n̪ˠə 'sˠu:l̪ˠə], 3ú díochlaonadh!) atá i nGaeilge Chonamara? ['sˠu:lʲə] nó ['sˠu:l̪ˠə]?

súil "an eye" (CO, GC)
an tsúil "the eye" (CO, GC)
na súile "of the eye" (CO) = na súlach (GC)

Ach má tá súile scríofa, léitear mar ['sˠu:lʲə] /su:l´ı/ é, go hiondúil.

Davide wrote:
Nó, sna haidiachtaí briathartha a chríochnaíonn ar -mtha nó -rtha, an ndeir siad [-mˠtə] agus [-rˠtə] nó [-mˠ(h)ə] agus [-rˠ(h)ə]?
Go raibh míle maith agaibh!

Fuaimnítear mar [-mˠi:] agus [-rˠi:] iad.

_________________
Múinteoir Gaeilge - Irish Teacher
My "specialty" is Connemara Irish, particularly Cois Fhairrge dialect, but I can also speak Ulster and Munster Irish with native-level pronunciation.
Is fearr Gaeilge ḃriste ná Béarla cliste, cinnte, aċ i ḃfad níos fearr aríst í Gaeilge ḃinn ḃeo na nGaeltaċtaí.
Gaeilge Chonnacht (GC), go háraid Gaeilge Chois Fhairrge (GCF), Gaeilic Uladh (GU), Gaelainn na Mumhan (GM), agus Gaeilge an Chaighdeáin Oifigiúil (CO).


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Google [Bot] and 358 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group