A' bhfuil a fhios ag éinne cá háit is féidir liom cóip de Tháin Bó Cúailnge do cheannach, nú cad é an leabhar is fearr? Tá na torthaí seo fachta agam ar Amazon:
https://www.amazon.com/s?k=t%C3%A1in+b% ... ops-rankerBa dhóigh liom gur'b iad na cinn do b'fhearr a chnuc féin ar an liosta ná
Táin Bó Cúailnge: The Cattle-Raid of Cooley (bilingual version Irish & English), nú
Tain Bo Cuailnge, from the Yellow Book of Lecan, with Variant Readings from the Lebor Na Huidre; Edited by John Strachan and J. G. O'Keeffe. 1912 Leather Bound. Tá cheithre chóip, leis, foilsithe aige DIAS (an foilsitheoir céanna atá bainteach le furmhór oibreacha Heinrich Wagner), ach níl a fhios agam peoca aca dob fhearr. Dar le wikipedia, tá cheithre cinn de atheagraibh (recensions), an chéad cheann scríofa sa tseana-Ghaelainn, an tarna ceann scríofa i nGaelainn clasaiceach, is an tríú ceann scríofa as Gaelainn. Dob fhearr go mbeadh leabhar éigint go mbeadh an trí theanga le fáilt ann, nú, sraith leabhar ina bhfuil na teangacha san le fáilt, .i. an chóip/cóipeanna ba thraidisiúnta. Go raibh míle maith agaibh roim ré!