Errigal wrote:
Cliathach wrote:
Dia daoibh 'chuile dhuine. An bhfuil sé seo ceart?
"Is minic a aimseoidh tú sa chistin mé" It is often you will find me in the kitchen
Míle buíochas
Aistriúchán ceart ó thaobh na gramadaí de, ach sílim go mbeadh sé rud beag níba chuí 'tar ar' a úsáid:
'Is minic a thiocfas(=thiocfaidh) tú orm...', nó mar a deir Gumbi, is féidir an saorbhriathar a úsáid chomh maith - 'a thiocfar orm'.
(a bheidh fáil orm/a bheidh mé le fáil?)
(Fronting - 'Is minic gur sa chistin a thiocfas tú orm').
Gumbi wrote:
Looks fine, or rendered more normally in English "You'll often find me in the kitchen" :P
If you want to be a bit impersonal (we often say "you" instead of "one" in English), you can also say
Is minic a aimseofaí sa chistin mé You'll often find me in the kitchen/One will often find me in the kitchen/I'm often found in the kitchen
Might want to have someone double check of "aimeofaí" though, but I think it's correct.
'aimseofaí' = 'modh coinníollach'; 'aimseofar'=aimsir fháistineach

Ah Errigal, léiríonn sé seo an difríocht idir an dá theanga. 'Sé "aimseofaí" an modh coinníollach, agus sa tslí inar úsáid mé é as Gaeilge, is minic a úsáidfaí an aimsir fháistineach as Béarla - sé sin le rá, i mBéarla is minic go n-úsáitear "you'll often find me in the kitchen" agus "you'd often find me in the kitchen" le díreach an míniú chéana. Mar sin, go "liteartha" níor deineadh aistriúcháin cruinn, ach ó thaobh brí de bhí sé ceart go leor :P Ar aon nós, tá an ceart agat, 'sé an modh coinníollach atá i gceist, ach oibríonn an aistriúcháin fós.
Tá cuma níos fearr ar "Is minic a tiocfar orm" mar a scríobh tú thuas, measaim, ar aon nós.