Bonsoir a chara,
Si vous habitez pas trop loin de Paris, il y a le Centre Culturel Irlandais dans la Rue des Irlandais dans le 5e (
https://www.centreculturelirlandais.com) - Avant c'était le Collège des Irlandais et un des prêtres qui y logeait s'appelait Breandán Ó Doibhlin. Il a fait un travail énorme de traduction pendant le temps qu'il était là. Par exemple vous trouverez dans la Médiathèque 'ón fhraincis Aistriúcháin' (en bilingue) ISBN 978 1 873687 50 8 - il s'agit d'une anthologie de poésie française traduite en irlandais.
Voici sa version de -
'Le Chat, La Belette et Le Petit Lapin' de Jean de la Fontaine
An Cat, An Easóg agus An Coinín Óg
Bhí cónaí rí ag coinín óg;
Cad a dhéanfadh lá Máistreás Easóg
Ach dul ina sheilbh, an slíbhín.
Agus Fear a' Tí as baile, níor dheacair é puinn.
Bhg sí isteach ann le moch maidne idir chlár a's cuinneog
Agus é amuigh i mbun a umhlóide don Bhaindia Áróir
Ar fud an drúchta a's an tseamair mhín.
Tar éis a chíor a chogaint, agus sodar dó, agus cleachtú a chleas,
Siar abhaile le Jeaic Ó Coinín chun a pháláis faoin scraith.
Bhí an Easóg ann roimhe agus a smut ag an bhfuinneog.
Óró, a Dhéithe an tinteáin, cad é seo a fheicim romham?
Arsa an míol bocht agus é ruaigthe as áitreabh a shean:
Hóigh ansin, a Mháistreás Easóg,
Bí amuigh gan aon agó,
Nó gairmfead gach francach i bhfad a's i ngar.
B'é freagra Bhean an ghoibín an talamh a's an chré
Bheith ag dul don chéad shealbhóir.
Nach breá, ar sí, an t-ábhar plé
An bothán seo gan dul isteach ann ach ar lorg do thóin.
Agus fiú dá mba ríocht é mar chró,
Níl fhios agam, ar sise, cén dlí nó cén reacht,
A d'fhág an áit go deo a's go brách
Ag Jeaic mac Sheáin mhic Liaim mhic Eoin
Seachas ag Tadhg, nó agamsa, mar atá.
Thagair Seán Ó Coinín an nós agus an úsáid.
Na dlíthe úd, adúirt sé, is ea d'fhág mé sa teach
I mo mháistir a's mo thiarna, ó athair go mac,
Ó oheadar go Síomón agus chugamsa, Seán, mar is ceart.
An chéad shealbhóir, arbh féidir dlí níos críonna a fháil?
Go maith, ar sí, gan a thuilleadh gáir
Cuirimis an cás faoi bhreithiúnas Shaoi Mór na gCat.
Cat a b'ea é ag maireachtáil ina dhíthreabhach naomh,
Cat ag caitheamh a shaoil ina fhimíneach séimh,
Naomh ceart de chat, ramhar beathaithe breá,
Moltóir oilte i ngach sort cás,
Ghlac Seán Ó Coinín leis mar eadránaí.
Siúd leo beirt mar sin ag teacht
I láthair a Shoilse, é clúmhach groí.
Deir Crúbachán leo: Gabhaigí chugham i leith, a leanaí,
Gabhaigí i leith, tá mé bodhar, na blianta atá mo chrá.
Dhruid siad leis, an bheirt acu, gan eagla orthu gan scáth.
A luaithe a chonaic an dá pháirtí faoina bhois,
Sháigh Crúbachán, go cráifeach caoin,
A dhá chrág go pras ar gach taobh de d'aon rois,
D'fhág ár ngearánaithe ar aon intinn trína n-alpadh araoin.
Is é a mheabhródh sé seo dhuit ná na conspóidí fás
Ag flatha beaga faoi bhráid ríthe d'fhonn réiteach a gcás.