This one is called "An Cat agus an Luichín", there are quite a few other versions of it in Irish, Scots Gaelic and Scots. It was written down and published in Béaloideas by An Craoibhín (Douglas Hyde).
BHÍ cat agus luichín ag súgradh lá, agus do sgiob an cat an t-earball ó'n luichín. "Tabhair m'earbaillín dam," ars an luichín. "Déanfaidh mé (sin)" ars an cat, "má thugann tú braon bainne ó'n mbadóig (heifer) chugam." "A bhadóig, tabhair 'm braon, go dtugaidh mé braon do'n chaitín, go dtugaidh an caitín m'earbaillín dam." "Déanfaidh mé," ars an bhadóg, "má thugann tú sop ó'n sgioból chugam." "A sgiobóil, tabhair 'm sop, go dtugaidh mé sop do'n bhadóig, go dtugaidh an bhadóg braon dam, go dtugaidh mé braon do'n chaitín, go dtugaidh an caitín mo hearbaillín (?) dam." "Déanfaidh mé ars an sgioból, "má thugann tú eochair ó'n gabha chugam." "A ghabha, tabhair 'm eochair, go dtugaidh mé eochair do'n sgioból, go dtugaidh an sgioból sop dam, go dtugaidh mé sop do'n bhadóig, go dtugaidh an bhadóg braon dam, go dtugaidh mé braon do'n chaitín, go dtugaidh an caitín m'earbaillín dam. "Déanfaidh mé ars an gabha, "má thugann tú ciste (sic) ó'n mnaoi- fuinte chugam." "A bhean-fuinte tabhair dham císte, go dtugaidh mé císte do'n ghabha, go dtugaidh an gabha eochair dham, go dtugaidh mé eochair do'n sgioból, go dtugaidh an sgioból sop dam, go dtugaidh mé sop do'n bhadóig, go dtugaidh an bhadóg braon dam, go dtugaidh mé braon do'n chaitín, go dtugaidh an caitín m'earbaillín dam." "Déanfaidh mé," ars an bean-fuinte, "má thugann tú criathar uisge ó'n abhainn chugam." Chuaidh sí (an luch) go dtí an abha, fuair sí an criathar, agus do sháith sí síos é agus do thóg sí aníos é, agus do rith an t-uisge tríd. Do chrois thairis spreóigín crón-dearg de mhuinntir Uí Súilleabháin "cuir cré bhuidhe agus marla i dtóin do chriathar," ar sise. Do dhem an luch mar adubhradh léi. ann sin do sháith sí an criathar síos san uisge agus do thóg sí aníos é lán d'uisge, agus do thug sí an t-uisge do'n mhnaoi-fuinte. Thug an bhean-fuinte císte do'n luichín, Tug (sic) an luichín císte do'n ghabhainn. Thug an gabha eochair do'n luichín, Thug sise eochair do'n sgioból, Thug an sgioból sop dí, Thug sise sop do'n bhadóig, Thug an bhadóg braon do'n luichín, Thug an luichín braon do'n chaitín. Agus nuair bhí an braon ólta ag an gcaitín d'ith sé an luichín.
Sin é mo sgéal agus má tá bréag ann, bíodh !
This is the question I have - all through this story for the subjuctive/modh foshuilteach in the 1st person singular, it's - go dtugaidh mé. In Teanglann, it's - go dtuga mé, which I assume must be in official standard, but on the CorkIrish wordpress website - it's - go dtugad, although in the 3rd person singular, it's - go dtugaidh sé. So is it a mistake, though I very doubt that, or is it just another variant form ? and what about - mo hearbaillín ? ( It was a pity about the mouse)
Last edited by franc 91 on Sun 10 Jun 2018 5:27 pm, edited 1 time in total.
|