Lughaidh wrote:
Tá cead agad ach má úsáideann achan nduine eile roimhe Chríost srl, b'fhearr duid iad a dh'úsáid.
Bhail, tá CR agus RCR ann sa Ghaeilig fosta, agus baintear úsáid asta chomh maith. B’fhéidir nach bhfuil siad chomh coitianta agus AD nó BC, ach sin an scéal chéarna i mBéarla, agus úsáidim CE agus BCE ansin gan fadhb ar bith.
Quote:
Muna gcreideann tú i nDia, cad é a ghníos tú ag an Nollaig?

Na rudaí chearna a níos achan nduine eile. Ach ní féile Chríostaí í Nollaig ar aon nós, so is cuma faoi sin. :P
Quote:
Cad é an bhliain a bhfuil muid ann anois, do do réir-sa, muna ndéanann tú cuntas na mbliantach ó bhliain 1?
Toisíonn an CR sa bhliain chéarna agus AD.
Agus ní rugadh Críosta sa bhliain 1, so ba cheart go mbeadh muid sa bhliain 2044 nó rud mar sin más fíor don ainm é…
Quote:
Dé'n t-ainm a bheireas tú ar an Domhnach? (a thig as "dies dominici", lá an tiarna).
Søndag, de ghnáth—ainm a thagas as an Ghréin.

(Nó an Domhnach. Ach tá difear eadar buanainmneacha na teanga agus téarmaí oifigiúla mar AD agus BC. Bhí na hÉireannaigh ag labhart fán Domhnach míle bliain ó shin, ach ní raibh siad a labhart fá BhC ag an sin.)
Quote:
Thig leat gan creidbheáil i nDia ach tá sé deacair gan na rudaí sin uilig a dh'úsáid, ó úsáideann achan nduine eile é

Is cuma liom na focla nó na nathanna cainte a bhfuil Dia nó Críosta ionta go buan, agus gan mórán céille ann (ar nós ‘Dia duit’ nó ‘an Domhnach’). Ach ní maith liom focla nó frásaí a dh’úsáid a gcuireadh Dia nó Críosta isteach ionta gan chúis ar bith. BC, sin téarma Béarla a d’aistrigheadh go Gaeilig go díreach. Tháinig sé isteach sa Bhéarla ón Laidin san am nuair a chreideadh achan nduine i nDia (ní raibh an dara rogha agat), agus tá sé loighciúil go leor gur mar sin a d’éirigh an téarma, mar ba iad na heaglaisigh a raibh an cumas leobhtha, agus an litríocht.
Ach nuair a d’aistrigheadh an téarma go teangaithe eile an domhain i bhfad ina dhiaidh sin, is mar aistriúchán díreach a rinneadh é, chan mar mhodh nádúrtha forbartha fhocla na dteangaithe féin. Agus ní maith liom focla mar sin a dh’úsáid má tá leagan eile ann atá chomh maith agus chomh loighciúil agus gan na ‘hiarsmaí’ seo acu.
Tá sé mar a gcéarna san ‘fhíordhomhan’ domh: sa Danmhairgis, thiocfadh liom
f.Kr. (før Kristus) agus
e.Kr. (efter Kristus) a ráidht, ach ní déarfainn ariamh é sin. Níl sé nádúrtha domhsa, cé go bhfuil sé an-choitianta ar fad. Ach abraim féin
f.v.t. (før vor tidsregning) agus
e.v.t. (efter vor tidsregning) ‘roimh/iar ár gcuntas ama’.