Mick wrote:
Deirtear beann mar “bown” nó “baun,” agus gann mar “gown” i gcanúint na Mumhan.
Sin é ó thaobh na foghraíochta. Ó thaobh na fóineolaíochta de, ’sé an difear atá ann eadar an dá cheann ná go bhfuil an n dúbailte ‘fortis’ (níl a fhios agam an bhfuil téarma ar leith ins an Ghaeilig don fhocal sin), agus go bhfuil an n singilte ‘lenis’ (ná an ceann seo).
Is minic a dhéantar athrú ínteacht in aice le consain shonda (l, n, r) atá fortis. De ghnáth, bíonn an consan fortis féin níos ‘láidre’ agus níos teinne ná a leagan lenis, agus coinnítear guta a thagas roimhe giota beag níos faide ná guta a thagas roimh chonsan lenis. Sa deisceart, go háirid i nGaoluinn na Mumhan, défhoghraítear gutaí ísle (a, o) chomh maith, chuig [ɑʊ] nó rudaí mar sin.