An Lon Dubh wrote:
Is fuath liom é a rá ach bíonn Gaelainn lag ages na leanaí ins an Ghaeltacht anois. Léigh an cuntas in "An Chonair Chaoch" ar an dtaighde a dhein Ciarán Lenoach, Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin i nGaeltacht Chonamara agus Corca Dhuibhne. Chífir go bhfuil an teanga ag dul i laige le daichead blian, go bhfuil tréithe gramadaí á gcailliú agus focail á ndearúd.
Nílim deimhnitheach ina thaobh, ach tá baoghal mór ann go ngeobhaidh an Ghaelainn bás (an Ghaelainn nádurtha ach go áirithe) roimh dheireadh na haoise seo. Na rudaí a dh'éirigh don Ghaelainn i Ros Comáin, Cíll Chainnigh, Condae an Chláir agus Condaithe eile in Iarthar Éireann céad blian ó shoin, táid ag éirigh don theangain ins na paistí beaga Gaelainne atá ann inniu.
Sin an baol go deimhin, seans ana mhór go bhfaighidh an teanga dhúchais bás roim dheiradh na haoise seo cinnte. Agus sílim fhéin má tharlaíonn a leithéid ní fiú an athbheochaint 'thá ag tarlú ins na cathracha, truagh an scéal é.
Sílim go bhfuil an leathchéad seo, ós na 70idí anonn, aos ana thábhactach i saol na Gaoluinne sa Ghaeltacht, oir gurb é an t-aos céana gur stad muintear na Gaeltachta leis an nós seana-bhunaithe, is é sin an teanga a sheachadadh ó ghlúin amháín go glúin eile. Iompó teangan thá i gceist.
Bhíos ag féachaint ar dhaonáireamh/ mhóráireamh 1911 do líon na gcainteoirí im' bhaile dhúchais fhéinig (Eochaill), agus chífear na cosúlachtaí céanna; i ngach tigh beaganch bhí Gaoluinn agus Béalra aigesna daoine fásta ach ní raibh ach an Béarla amháín aigen aos óig (Ach mar sin fhén, bhí teanghlaigh ann agus iad go hiomlán dátheangach leis).
Gumbi wrote:
Sin é díreach an rud a tharla domsa. Bhí mo chuid Gaeilge i bhfad níos fearr ná mo chuid Béarla nuair a bhíos dhá bhlian d'aois srl. Nuair a thosnaigh mé ar an scoil (fiú má ba rud é gurbh Gaelscoil a bhí ann), thosnaigh éabhlóid na teanga agam ag dul in ísle agus thosnaigh mo chuid Béarla ag éirí i bhad níos fearr i bhfad níos tapúla (toisc go raibh orm é a bheith agam don saol mór).
Bhí níos measa aríst nuair a chríochnaigh mé leis an mbuncoil toisc nach ndeachaigh mé go meánscoil Gaeilge, agus anois táim sa choláiste agus gan an seans chéanna é a labhairt lem athair (ná éinne eile, dar ndóigh) chomh minic is a bhíos in ann.
Seo é an t-aon áit gur féidir liom í a labhairt agus a chleachtadh na laethanta seo, níl aon Ghaeltacht, ná Ghalltacht, fiú amháin, le fáil i lár cathair Luimnigh :P
Ná bíodh aon lagmhisneach ortsa a mhic, is léir go bhfuil bádh is cion agat dod' theanga, mairfidh an Ghaoluinn go deo i gcroí gach aoinne a thuigeann an luach is an tábhacht a bhaineann léithe.
Ach is dócha gurb í sin an fhadhb, caithfear a bheith báúil don teangain sara gcasfar uirthe (rogha leathpholaitiúil, rogha d'aon turas, d'aon ghnó) óir go bhfuil sé níos fusa Béarla a labhairt, óir go bhfuil an Béarla mórthimpeall orainn. Agus is dócha nách gcabhraíonn an dátheangachas leis an bhfadhb seo ach an oiread.
Ach, 'dé an rogha eile, an Ghaoluinn amháin ' bheith agat?
Beatha teanga í a labhairt!
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)