It is currently Fri 29 Mar 2024 5:16 am

All times are UTC


Forum rules


This is a reference section. Please post questions and comments in the main forum.



Post new topic Reply to topic  [ 4 posts ] 
Author Message
PostPosted: Wed 02 Oct 2013 1:27 am 
Offline

Joined: Sat 17 Sep 2011 11:52 pm
Posts: 460
Seachtain (25 September 2013)
Irish Language Supplement Free every Wednesday with the Irish Independent.
(The following article taken from page 1...)


SOUNDFILE:
https://app.box.com/s/a2ix609340mrkidy9a5i



Bródúil as ár dteanga, bródúil as ár dtír

Tá muid an-bhródúil an chéad chóip den nuachtán úr Seachtain a chur ar fáil inniu - agus tá súil againn go mbaineann sibh sult as.

Tá dúshlán roimh ár dteanga ach tá muid in ann aige mar phobal. Tá glúin úr ag labhairt na Gaeilge anois agus beidh Seachtain in éineacht leo ag gach céim den turas.

Bímis bródúil as ár dteanga agus beidh Seachtain mar chrann taca ag Gaeil na hÉireann agus muid ag cur na Gaeilge chun cinn le chéile.

Beidh scríbhneoirí mór le rá ar nós Dháithí Uí Shé agus Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh ag tabhairt léargais ar shaol an lae inniu agus ar na cluichí Gaelacha. Beidh ár n-iriseoirí ag bailiú nuachta ó cheann ceann na tíre.

Lena chois sin, beidh ár gcónuachtán Ar Fheabhas ar fáil go díreach i scoileanna ar fud na tíre. Beidh eagrán éagsúil ann gach seachtain lán leideanna agus cuidithe do na scrúduithe. Tabharfar seanfhocail, nathanna cainte, rialacha gramadaí - agus na freagraí leo!

Tá sraith pictiúr ann chun tú a réiteach don scrúdú béil, scileanna staidéir agus moltaí scríbhneoireachta. Beidh leideanna agus cuidiú do na haistí, dánta agus scéalta a d’fhéadfadh a bheith ar an scrúdú.

Tá a fhios againn nár chlúdaigh na ranganna na hábhair uile go dtí seo, mar sin beidh béim in Ar Fheabhas ar an léitheoireacht, scríbhneoireacht agus ar an teanga labhartha.

Tá ráta speisialta ar fáil do na scoileanna. Scairt ar 01 7055131 má tá tuilleadh eolais uait.



TRANSLATION INTO ENGLISH


Bródúil as ár dteanga, bródúil as ár dtír
Proud of our language, proud of our country


Tá muid an-bhródúil an chéad chóip den nuachtán úr Seachtain a chur ar fáil inniu - agus tá súil againn go mbaineann sibh sult as.
We are very proud to make the first copy of the newspaper Seachtain available today - and we hope that ye enjoy it.
Tá dúshlán roimh ár dteanga ach tá muid in ann aige mar phobal.
Our language is challenged, but we are able for it (the challenge) as a community.
Tá glúin úr ag labhairt na Gaeilge anois agus beidh Seachtain in éineacht leo ag gach céim den turas.
A new generation is speaking Irish now and Seachtain will be with them at every step of the journey.

Bímis bródúil as ár dteanga agus beidh Seachtain mar chrann taca ag Gaeil na hÉireann agus muid ag cur na Gaeilge chun cinn le chéile.
Let us be proud of our language and Seachtain will be as a support for the Gaeilge speakers of Ireland as we promote the Irish language together.

Beidh scríbhneoirí mór le rá ar nós Dháithí Uí Shé agus Mhíchíl Uí Mhuircheartaigh ag tabhairt léargais ar shaol an lae inniu agus ar na cluichí Gaelacha. Beidh ár n-iriseoirí ag bailiú nuachta ó cheann ceann na tíre.
Major writers such as Dáithí Ó Sé and Mícheál Ó Muircheartaigh will be giving insights on life today and on gaelic games. Our journalists will be collecting news from one end of the country to the other.

Lena chois sin, beidh ár gcónuachtán Ar Fheabhas ar fáil go díreach i scoileanna ar fud na tíre.
As well as this, our fellow newspaper Ar Fheabhas will be available directly in schools throughout the country.
Beidh eagrán éagsúil ann gach seachtain lán leideanna agus cuidithe do na scrúduithe.
There will be a different edition each week full of hints and help for the examinations.
Tabharfar seanfhocail, nathanna cainte, rialacha gramadaí - agus na freagraí leo!
Proverbs, sayings, rules of grammar - and the answers with them! - will be given.

Tá sraith pictiúr ann chun tú a réiteach don scrúdú béil, scileanna staidéir agus moltaí scríbhneoireachta.
There will be a series of pictures in it to prepare you for the oral examination, study skills and literary (writing) recommendations.
Beidh leideanna agus cuidiú ann do na haistí, dánta agus scéalta a d’fhéadfadh a bheith ar an scrúdú.
There will be hints and help for the essays, poems and stories that could come up on the examination.

Tá a fhios againn nár chlúdaigh na ranganna na hábhair uile go dtí seo, mar sin beidh béim in Ar Fheabhas ar an léitheoireacht, scríbhneoireacht agus ar an teanga labhartha.
We know that the classes did not cover all the subjects so far, thus Ar Fheabhas will place emphasis on reading, writing (literature) and on the spoken language.

Tá ráta speisialta ar fáil do na scoileanna. Scairt ar 01 7055131 má tá tuilleadh eolais uait.
There is a special rate available for the schools. Call 01 7055131 if you require more information.

_________________
Bí cinnte de go nglacfaidh triúr le gach aistriúchán a thabharfar.
Be sure to get three in agreement with a translation given.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 04 Oct 2013 7:56 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 30 Sep 2011 10:08 pm
Posts: 1323
:good: Maith thú, a Bhraoin!

An bhfuil Foinse imithe agus "Seachtain" tagtha ina inead?

_________________
The dialect I use is Cork Irish.
Ar sgáth a chéile a mhairid na daoine, lag agus láidir, uasal is íseal


Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 04 Oct 2013 7:52 pm 
Offline

Joined: Sat 17 Sep 2011 11:52 pm
Posts: 460
An Lon Dubh wrote:
:good: Maith thú, a Bhraoin!

An bhfuil Foinse imithe agus "Seachtain" tagtha ina inead?


GRMA a Lon Dubh. Tá deireadh tagtha le Foinse - mór an náire. Tá Seachtain ina háit - gan cabhair nó cuidiú ar bith ón Rialtas.
Trua dearmad déanta agam ceann na seachtaine seo a cheannach - ach beidh seachtain agus Seachtain eile ann ar ndó...

_________________
Bí cinnte de go nglacfaidh triúr le gach aistriúchán a thabharfar.
Be sure to get three in agreement with a translation given.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 23 Dec 2013 7:49 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3446
Location: Cill Dara
:clap: Beagánín mall, tá a fhios agam......

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 4 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 1 guest


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
cron
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group