English version below
A chairde,
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh. Tá súil agam go raibh Nollaig dheas agaibh agus gur éirigh libh go leor léitheoireachta a dhéanamh cois tine. Tá na leabhair roghnaithe anois ag ClubLeabhar.com don dara cuid de shraith 2012–2013 agus, idir Eanáir agus Meitheamh, beifear ag díriú go hiomlán ar an bhficsean, idir úrscéalta agus ghearrscéalta, idir leabhair nua agus seanleabhair.
Eanáir
Gonta le hAlex Hijmans
Leabhar úrnua le tús a chur le bliain úrnua. Gonta, bailiúchán de chuid gearrscéalta an scríbhneora Ollannaigh Alex Hijmans, atá roghnaithe againn mar leabhar mhí Eanáir. Seoid cheart atá sa leabhar seo a thugann léargas grinn ar an saol in Salvador, príomhchathair stát Bahía sa Bhrasaíl. Tá Alex ag cur faoi ansin le roinnt blianta anuas agus sna scéalta seo léiríonn sé aicmí éagsúla de chuid na sochaí ar bhealach tuisceanach, fíordhaonna.
Is féidir Gonta a cheannach ar siopa.ie, ar €14.
Feabhra
An Litir le Liam Mac Cóil
Is é An Litir, úrscéal stairiúil a bhfuil eachtraí den chéad scoth ann, atá roghnaithe mar leabhar mhí Feabhra. Bhí an saothar seo de chuid Liam Mhic Cóil ar an ngearrliosta do Leabhar na Bliana 2012.
Seo an méid a bhí le rá ag an scoláire agus criticeoir Mícheál Mac Craith faoi An Litir san iris Comhar:
Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach.
Téigh go siopa.ie anois chun An Litir a cheannach ar €15.
Márta
An Bealach Cóir le Pól Ó Muirí
Ní bheidh ar bhaill an chlub mórán stró a chur orthu féin agus leabhar mhí an Mhárta, An Bealach Cóir le Pól Ó Muirí, á léamh acu de bhrí go bhfuil Gaeilge nádúrtha shimplí ann atá oiriúnach do léitheoirí ar gach leibhéal cumais.
Na leabhair Paloma, Dlíthe an Nádúir agus Croí na Ceiste ón tsraith mhóréilimh faoin nGarda Paloma Pettigrew atá sa leabhar seo, iad ar fáil le chéile den chéad uair faoi chlúdach amháin. Leanann an tsraith saol Pettigrew agus í ag feidhmiú mar gharda i mbaile beag Gaeltachta. Fad is atá sí lonnaithe ansin, téann sí i ngleic le coirpeach cogaidh agus le mangaire drugaí, i measc slíomadóirí eile.
Tá An Bealach Cóir ar díol ar siopa.ie anois ar €15.
Aibreán
Dúil le Liam Ó Flaithearta
Bhí cáil dhomhanda ar Liam Ó Flaithearta de bharr a chuid scríbhneoireachta Béarla ach níor foilsíodh ach leabhar amháin Gaeilge dá chuid lena bheo, Dúil, agus sin an saothar atá roghnaithe againn mar leabhar mhí Aibreáin. Scríobh Murchadh Mac an Aighnis an méid seo faoi Dúil san iris Feasta i mí na Nollag 2007:
An tseoid is gile i seodlann na litríochta Gaeilge … bhí na buanna go léir ag Ó Flaithearta. Taithí ar an saol mór. Aibíocht intinne. An teanga ar a thoil aige.
Is féidir Dúil a cheannach ar siopa.ie ar €12.
Bealtaine
Gealach le Seán Mac Mathúna
An t-úrscéal gearr Gealach le Seán Mac Mathúna, duine de na scríbhneoirí próis is fearr dá bhfuil ag saothrú sa Ghaeilge faoi láthair, atá roghnaithe againn mar leabhar mhí na Bealtaine. Tá an leabhar lán eachtraí drámata agus coinneoidh na cora atá sa phlota an léitheoir ar tinneall go dtí an deireadh. Seo an méid a bhí le rá ag roinnt criticeoirí faoin saothar:
Ropleabhar a rachaidh faoi chroí an léitheora, idir óg is aosta. Lasann chuile radharc ar an leathanach. (Aifric Mac Aodha)
Seo ceann de na leabhair is fearr dá bhfuil léite agam sa Ghaeilge. Meallfaidh sé idir óg agus aosta. (Ríona Nic Congáil)
Insint eipiciúil lán teannais. An-scéal ar fad. (Ciarán Ó Pronntaigh)
Máistir i mbun pinn. (Éilis Ní Anluain)
Tá Gealach ar díol ar siopa.ie ar €9.
Meitheamh
Gearrscéalta ár Linne (roghnaithe ag Brian Ó Conchubhair)
Cnuasach álainn gearrscéalta atá roghnaithe againn do mhí an Mheithimh le críoch a chur leis an tsraith seo de ClubLeabhar.com. Tá scéalta greanta ó roinnt de mhórscríbhneoirí na Gaeilge bailithe le chéile ag Brian Ó Conchubhair sa leabhar seo, Gearrscéalta ár Linne. Is measc na scríbhneoirí a bhfuil scéal dá gcuid sa chnuasach, tá: Pádraic Breathnach, Biddy Jenkinson, Séamas Mac Annaidh, Seán Mac Mathúna, Siobhán Ní Shúilleabháin, Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Siadhail, Gabriel Rosenstock agus Alan Titley. Tá cúig ghearrscéal is fiche sa leabhar a thabharfaidh blaiseadh don léitheoir den saibhreas atá le fáil sa ghearrscéal comhaimseartha Gaeilge.
Tá Gearrscéalta ár Linnear díol ar siopa.ie ar €15.
Arís i mbliana, tá tairiscint speisialta, lascaine de 10%, ag siopa.ie do léitheoirí ar mian leo na sé leabhar atá roghnaithe ag ClubLeabhar.com don tréimhse Eanáir go Meitheamh 2013 a cheannach le chéile. Leis an deis iontach seo a thapú, cliceáil anseo.
Cuirtear fáilte i gcónaí roimh thuairimí an phobail i dtaobh leabhair na míosa nó i dtaobh cúrsaí litríochta i gcoitinne ar fhóram ClubLeabhar.com.
Leagan Gaeilge thuas
I hope you had a nice Christmas and that you managed to do plenty of reading by the fireside. ClubLeabhar.com has chosen the books for the second part of the 2012–2013 series and between January and June the focus will be on fiction, with a mixture of novels and short stories, from new books to older works.
January
Gonta by hAlex Hijmans
A brand new book to start off a brand new year. Gonta is a collection of short stories by Dutch-born writer Alex Hijmans and all the events take place in the city of Salvador, the capital of Bahía state in Brazil. Alex has been living there for several years now and he portrays the lives of people from various strands of society with empathy and humaneness.
Gonta can be purchased on siopa.ie for €14.
February
An Litir by Liam Mac Cóil
The historic novel An Litir has been chosen as February’s book of the month. This work by Liam Mac Cóil was shortlisted for Leabhar na Bliana (Book of the Year) 2012.
This is what scholar and critic Mícheál Mac Craith had to say about An Litir in the monthly magazine Comhar:
This is the most focussed and adventurous work to date from Liam Mac Cóil. The story darts from one adventure to the next and the reader darts from one page to the next.
An Litir can be purchased for €15 on siopa.ie.
March
An Bealach Cóir by Pól Ó Muirí
ClubLeabhar.com members will find March’s book of the month, An Bealach Cóir by Pól Ó Muirí, extremely accessible as it contains language that suits readers at different levels of competency.
The book brings together, under one cover, the novels Paloma, Dlíthe an Nádúir and Croí na Ceiste from the highly popular series about Garda Paloma Pettigrew. This series follows the life of Pettigrew as she works as a garda in a small Gaeltacht village. While stationed there, she takes on a war criminal, a drug dealers and plenty of other unsavoury characters.
An Bealach Cóir is available on siopa.ie for €15.
April
Dúil by Liam Ó Flaithearta
Aran writer Liam Ó Flaithearta won international acclaim for his fiction but only one collection of stories in Irish, Dúil (desire), was published during his lifetime. This is what Murchadh Mac an Aighnis had to say about April’s book of the month in the magazine Feasta in December 2007:
The brightest jewel in the Irish literary treasure chest … Ó Flaithearta had all the talents. Experience of the world. A mature mind. An excellent grasp of the language.
Dúil is available for purchase on siopa.ie, price €12.
May
Gealach by Seán Mac Mathúna
Our May book of the month is the novella Gealach by Seán Mac Mathúna, one of the most accomplished contemporary Irish language writers. The book is full of dramatic adventures and the numerous twists in the storyline will have the reader on tenterhooks until the very end. This is what some of the critics had to say about Mac Mathúna’s latest work:
A ripping yarn that will go to the heart of readers, both young and old. Each scene is alive on the page. (Aifric Mac Aodha)
This is one of the best books I’ve read in Irish. It will appeal to both young and old. (Ríona Nic Congáil)
An epic telling, full of tension. A really great story. (Ciarán Ó Pronntaigh)
A master at work. (Éilis Ní Anluain)
Gealach is available on siopa.ie for €9.
June
Gearrscéalta ár Linne (chosen by Brian Ó Conchubhair)
The 2012–2013 ClubLeabhar.com series will end with a wonderful short story collection, Gearrscéalta ár Linne. This collection, edited by Brian Ó Conchubhair, features some of the best stories written in Irish in the past thirty years. Featured writers include Pádraic Breathnach, Biddy Jenkinson, Séamas Mac Annaidh, Seán Mac Mathúna, Siobhán Ní Shúilleabháin, Micheál Ó Conghaile, Pádraig Ó Siadhail, Gabriel Rosenstock and Alan Titley. The book contains twenty-five stories that will give the reader a taste of the richness of the contemporary short story in Irish.
Gearrscéalta ár Linne can be bought on siopa.ie for €15.
This year, once again, siopa.ie is offering a special 10% discount to readers wishing to buy all six books chosen by ClubLeabhar.com for the January to June period. To avail of this offer, please click here.
We’re always delighted to hear your opinions on the current series of books or on literature in general on the ClubLeabhar.com forum. There’s no need to worry about your grammar or standard of Irish. And, if you have any suggestions regarding the site, please let us know!
Bígí ag léamh, mar sin, agus bígí ag scríobh.
Le gach dea-ghuí,
Diarmuid Ó Mathúna
Riarthóir ClubLeabhar.com
Gaelchultúr Teoranta
Comhairleacht & oiliúint Ghaeilge / Cúrsaí teanga ar líne / Imeachtaí Cultúrtha
Irish language consultancy & training / Online language courses / Cultural events
eolas@gaelchultur.com /
www.gaelchultur.com /
www.ranganna.com /
www.siopa.ie (01) 484 5220 / (1890) 252 900