It is currently Mon 08 Jun 2026 9:28 am

All times are UTC

Forum rules

Please click here to view the forum rules

Post new topic Reply to topic  [ 21 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3  Next
Author Message
PostPosted: Tue 06 Nov 2012 11:44 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Breandán wrote:
An Cionnfhaolach wrote:
Cé a bhéarfaidh an buadh leis?, measann sibh?

Na daoine saibhre, ar ndóigh. :darklaugh:

:LOL: , cinnte, go háirithe má bheireann Romney an Uachtaránacht leis :darklaugh: ! Nín meas madraidh aige air bhochtánaibh na tíre, mo thuairim fhéinig dhe, ach ní' fheadair ' bhfuil cridhe an sgéil agamsa.

WeeFalorieMan wrote:
Dúirt mo liathróid fheasa: "Béarfaidh an bua le Obama." ;)

;) , le cúnamh Dé agus buidheachas le Dia má's eadh!

Ná náire an rud é go bhfuil níos mó suime aiges na Gaedhealaibh i dtodhchán na Meiriceánach siochas an reifreann athá á bhualadh linne ar an Satharn so (Athrughadh na Bunreachta air dhlighthibh ag baint le daoinibh óga), nín puinn eolais againne aires na hathruithibh, nú cad is brí leobhtha. Ach, mar sin fhéinig, Ba bheag an chabhair iad na díospóireachtaí a craoladh le déanaí, ' bhfuil solus ag aoinne agaibh air an sgiol nú air an reifrionn so?

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 08 Nov 2012 6:01 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2994

Is doiche go mbeadh neart le rá ag an rialtas marach nach bhfuil cead acub (McKenna judgement).
Feictear dom go bhfuil "cairde" liom ar Facebook ina aghaidh mar gheallt ar chomh dona is a bhí/atá and HSE ag tabhairt aire do ghaisúir faoina gcurám.
Beidh mise ag votáil ar a shon. Athrú mór amháin ná go mbeadh cead clann daoine atá pósta a bheith uchtaithe (adopted). Freisin thabharfeadh sé seans do dhaoine singil gasúir a uchtú, agus cúplaí aeracha amach anseo. Go búnasach bheadh níos mó ceartaí ag gasúir.

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________

Top
 Profile  
 
PostPosted: Thu 08 Nov 2012 11:33 pm 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Bríd Mhór wrote:

Do dh' áirigheas air an nuaidheacht seal ó shin, ná raibh ceart age riaghaltas méid san airgid a chaitheamh air shon fheachtais na n-athraithe agus gan puinn a chaitheamh ar fheachtios athá ina gcoinnibh alright, caithfeadsa ' rádh go bhfuil ciall le san, chun bac a chur air chaimiléireacht nú bolsgaireacht gan amhras! Ach sgéal eile ar fad é ná dé chúis nachar fheacadar go raibh an neamhchomthromas so, ó thaobh fhógraidhe dhe, mídhleathach air an gcéad dul síos?

'Sé mo thuairim air an sgiol ná dá mba rud é go mbeadh diabhlaidheacht nú dochracht nú contabhairt nú baoghal ins na hathruithibh so ná béidís na hairighe eile sásta glacadh leobhtha (na hathruithe) mar atháid, féach an reifreann air an gconradh Lisbóin bliadhan nú dhó ó shin, do bhí an feachtas ina choinnibh i bhfaid níos gníomhaighe.

Ach deireann daoine áirithe, 'sí an chúis go bhfuilid na hairighe sásta glacadh leobhtha ná go gcuirid níos mó cumhachta i lámha an riaghaltais. Níorbh chóra eagla, sgeon nú faitíos ' bheith air aon tuismitheoir dá dtabharfaidís an oiread san cion is grádh dá leanbhaighe.

Thá tuairisc mhaith agat ansan, go mbeadh cead aiges na haeraibh tabhairt fén altramais agus beidh leanbhaighe, gur theip a dtuistí phósta ortha, ' bheith ceangailte le muinntreachaibh eile, do bheadh sé sin go maith :) . Ach, is rud ana chruaidh é an t-altramas, agus leanbhaigh a cheangailt le daoinibh eile, go háirithe air an gcuid eile don mhuinntir- ar an máthair chríonna srl...

Thá meon maith ag an dtaobh eile chón maith, féach na daltaí (na haltramaigh) a dh'imthigh ar strae nú do chuireadar a mbásanna ina lámha fhéinig agus iad fé chosaint an riaghaltais!

Ach dála an sgeil, feictear dom é chón maith go mbeadh vóta "Tá" níos buntáistighe do chás na bpáistí leis!

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 09 Nov 2012 12:33 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2994
An Cionnfhaolach wrote:
Ach deireann daoine áirithe, 'sí an chúis go bhfuilid na hairighe sásta glacadh leobhtha ná go gcuirid níos mó cumhachta i lámha an riaghaltais.

Bheadh níos mó cumhachtaí ag an rialtas, ach ní drochrud é sin i gcás cosaint gasúir.
Ní bheadh sé i gceist ach i gcás gasúir nach bhfuil a gcuid tuismitheoirí ag tabhairt a ndótháin aire dhóibh, nó atá atá ag tabhairt drochíde dhóibh.

An Cionnfhaolach wrote:
Níorbh chóra eagla, sgeon nú faitíos ' bheith air aon tuismitheoir dá dtabharfaidís an oiread san cion is grádh dá leanbhaighe.

Sea, má tá tuismitheoirí ag tabhairt aire ceart dona gcuid gasúir ní gá faitíos a bheith orub.

An Cionnfhaolach wrote:
Ach, is rud ana chruaidh é an t-altramas, agus leanbhaigh a cheangailt le daoinibh eile, go háirithe air an gcuid eile don mhuintir- ar an máthair chríonna srl...

Tá mé ag ceapadh go gcuirtear gasúir i fostercare lena muintir (seantuismitheoirí/aint/uncail) faoi láthair más féidir ar chorr ar bith é.

Faoi láthair is cuma cé chomh dona is atá tuismitheoirí na ngasúir ní féidir iad a uchtú (adopt) má tá a n'athair agua a máthair pósta lena chéile . So caithfidh siad fanacht i fostercare nó i gcarehome.

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________

Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 09 Nov 2012 1:37 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Bríd Mhór wrote:

Bheadh níos mó cumhachtaí ag an rialtas, ach ní drochrud é sin i gcás cosaint gasúir.
Ní bheadh sé i gceist ach i gcás gasúir nach bhfuil a gcuid tuismitheoirí ag tabhairt a ndótháin aire dhóibh, nó atá atá ag tabhairt drochíde dhóibh.

Aontaím leatsa!

Bríd Mhór wrote:
Tá mé ag ceapadh go gcuirtear gasúir i fostercare lena muintir (seantuismitheoirí/aint/uncail) faoi láthair más féidir ar chorr ar bith é.

Is maith é sin

Bríd Mhór wrote:
Faoi láthair is cuma cé chomh dona is atá tuismitheoirí na ngasúir ní féidir iad a uchtú (adopt) má tá a n'athair agua a máthair pósta lena chéile . So caithfidh siad fanacht i fostercare nó i gcarehome.

Cás ana thruamhéileach is brónach é sin!

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Fri 09 Nov 2012 8:01 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2994
http://www.thejournal.ie/readme/column- ... 6-Oct2012/

Sorry Redwolf we kinda took over your topic. :LOL:

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 10 Nov 2012 12:28 am 
Offline

Joined: Fri 09 Mar 2012 6:16 pm
Posts: 1527
Bríd Mhór wrote:
http://www.thejournal.ie/readme/column-for-foster-children-like-me-the-childrens-referendum-is-a-new-chance-645576-Oct2012/

:LOL:

Bríd Mhór wrote:
Sorry Redwolf we kinda took over your topic. :LOL:

:good: , :GRMA:

_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)

Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice

I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 10 Nov 2012 7:22 am 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:44 pm
Posts: 3512
Location: Santa Cruz Mountains, California, USA
;)

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 10 Nov 2012 4:51 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2994
Obama Abú ! :clap:

Will this make a difference for the economy worldwide or specifically Ireland ?

I think we can be fairly sure there won't be any new wars started for the next four years.

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________

Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 10 Nov 2012 5:06 pm 
Offline

Joined: Thu 15 Sep 2011 12:06 pm
Posts: 2436
Buíochas le Dia ní scriosfaidh siad an Iaráin láithreach mar a scrios siad an Iaráic... Tá na mílte rudaí iontacha ins an Iaráin agus tá 'n chuid is mó do na daoiní galánta. Níl ach aon rud amháin a chaithfear scrios ins an Iaráin: na hamadáin a bhfuil an tír faoina smacht.

_________________
Is fearr Gaeilg na Gaeltaċta ná Gaeilg ar biṫ eile
Agus is í Gaeilg Ġaoṫ Doḃair is binne
:)

Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 21 posts ]  Go to page Previous  1, 2, 3  Next

All times are UTC

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 528 guests

You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group