Bríd Mhór wrote:
Is doiche go mbeadh neart le rá ag an rialtas marach nach bhfuil cead acub (McKenna judgement).
Feictear dom go bhfuil "cairde" liom ar Facebook ina aghaidh mar gheallt ar chomh dona is a bhí/atá and HSE ag tabhairt aire do ghaisúir faoina gcurám.
Beidh mise ag votáil ar a shon. Athrú mór amháin ná go mbeadh cead clann daoine atá pósta a bheith uchtaithe (adopted). Freisin thabharfeadh sé seans do dhaoine singil gasúir a uchtú, agus cúplaí aeracha amach anseo. Go búnasach bheadh níos mó ceartaí ag gasúir.
Do dh' áirigheas air an nuaidheacht seal ó shin, ná raibh ceart age riaghaltas méid san airgid a chaitheamh air shon fheachtais na n-athraithe agus gan puinn a chaitheamh ar fheachtios athá ina gcoinnibh alright, caithfeadsa ' rádh go bhfuil ciall le san, chun bac a chur air chaimiléireacht nú bolsgaireacht gan amhras! Ach sgéal eile ar fad é ná dé chúis nachar fheacadar go raibh an neamhchomthromas so, ó thaobh fhógraidhe dhe, mídhleathach air an gcéad dul síos?
'Sé mo thuairim air an sgiol ná dá mba rud é go mbeadh diabhlaidheacht nú dochracht nú contabhairt nú baoghal ins na hathruithibh so ná béidís na hairighe eile sásta glacadh leobhtha (na hathruithe) mar atháid, féach an reifreann air an gconradh Lisbóin bliadhan nú dhó ó shin, do bhí an feachtas ina choinnibh i bhfaid níos gníomhaighe.
Ach deireann daoine áirithe, 'sí an chúis go bhfuilid na hairighe sásta glacadh leobhtha ná go gcuirid níos mó cumhachta i lámha an riaghaltais. Níorbh chóra eagla, sgeon nú faitíos ' bheith air aon tuismitheoir dá dtabharfaidís an oiread san cion is grádh dá leanbhaighe.
Thá tuairisc mhaith agat ansan, go mbeadh cead aiges na haeraibh tabhairt fén altramais agus beidh leanbhaighe, gur theip a dtuistí phósta ortha, ' bheith ceangailte le muinntreachaibh eile, do bheadh sé sin go maith

. Ach, is rud ana chruaidh é an t-altramas, agus leanbhaigh a cheangailt le daoinibh eile, go háirithe air an gcuid eile don mhuinntir- ar an máthair chríonna srl...
Thá meon maith ag an dtaobh eile chón maith, féach na daltaí (na haltramaigh) a dh'imthigh ar strae nú do chuireadar a mbásanna ina lámha fhéinig agus iad fé chosaint an riaghaltais!
Ach dála an sgeil, feictear dom é chón maith go mbeadh vóta "Tá" níos buntáistighe do chás na bpáistí leis!
_________________
Is Fearr súil romhainn ná ḋá ṡúil inár ndiaiḋ
(Amhlaoibh Ó Súilleabháin)
Please wait for corrections/ more input from other forum members before acting on advice
I'm familiar with Munster Irish/ Gaolainn na Mumhan (GM) and the Official Standard/an Caighdeán Oifigiúil (CO)