It is currently Thu 18 Apr 2024 12:07 am

All times are UTC

Forum rules

This is a reference section. Please post questions and comments in the main forum.

Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 
Author Message
PostPosted: Tue 16 Oct 2012 8:01 pm 
Offline

Joined: Sat 17 Sep 2011 11:52 pm
Posts: 460
SOUNDFILE HERE

https://www.box.com/s/op80fq6frr8kvdy54ssb

THE IRISH LANGUAGE VERSION

Molaimis a misneach!

An tseachtain seo, tá alt in Gaelscéal scríofa ag Donncha Ó hÉallaithe maidir le ‘Teilifís na Gaeltachta’, an stáisiún bradach a bhunaigh gníomhairí teanga i gConamara in 1987.
Mar gheall ar an eachtra seo, sa deireadh thiar thall, tháinig TG4 ar an saol (Teilifís na Gaeilge a bhí air i dtús ama).
Chuir an grúpa seo a lámha ina bpócaí féin agus bhailigh siad airgead chun an eachtra seo a dhéanamh.
Is cinnte go rabhadar ag feachtasaíocht ar gach bealach roimhe seo agus gurb é seo an rogha dheireanach a bhí acu.
I ndeireadh na dála, is cumhachtaí gníomh ná focail agus chuaigh siad i mbun ghnímh, gníomh a bhí ‘bradach’.
Cinnte, bhí an gníomh seo mídhleathach, mar a bhí go leor rudaí a rinne Mahatma Gandhi agus mar a bhí gníomh Rosa Parks nuair a dhiúltaigh sí a suíochán a ghéilleadh do dhuine den chine geal.
In amanna, is riachtanach an rud é an dlí a bhriseadh chun cearta daonna a bhaint amach agus b’amhlaidh sin sa chás seo.
Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí i gcónaí ach faraor is róshéimh atá ár gcainteoirí dúchais.
Seans go bhfuil Gaeilgeoirí na Galltachta ‘níos radacaí’ agus ní cinnte sin, go fóill féin is í Gluaiseacht na Gaeilge an ghluaiseacht teanga is coimeádaí ar an saol.
Tá go leor le foghlaim ó mhuintir ‘Theilifís na Gaeltachta’ is léir. Molaimis a misneach.

SENTENCES TRANSLATED

Molaimis a misneach!
Let us praise their courage!

This week, there is an article by Donncha Ó hÉallaithe written in Gaelscéal regarding ‘Teilifís na Gaeltachta’ (‘The Television of the Irish Speaking District’), the pirate station that language activists founded in Conamara in 1987.

Because of this event, at long last, TG4 came about (Teilifís na Gaeilge = The Irish language television, it was called at the beginning).

(NB: an eachtra = the deed, event, adventure, happening, incident etc. - basically anything that went on - Go to http://www.potafocal.com - they do a great job of explaining this word with lots of examples.)

This group put their hands into their own pockets and collected money to do this deed/event.

It is certain that they were campaigning in every way before this and that this was the last choice they had.

In the end, an action is stronger/more powerful than words and they went into action, a ‘pirate’ action.

Certainly, this action was illegal, as were many things that Mahatma Gandhi did and as was the deed of Rosa Parks when she refused to yield her seat to a person of the white race.

Betimes, it is a necessary thing to break the law to achieve human rights and this was so in this case.

The Irish language is getting weaker in the Irish speaking districts and unfortunately/sadly our native speakers are too quiet/mellow.

(NB: See http://www.potafocal.com for the word ‘séimh’ - lots of examples and explanations there.)

Perhaps the Irish speakers of the English speaking area(s) are ‘more radical’ and this is not certain, even yet ‘Gluaiseacht na Gaeilge’ (The Irish Language Movement) is the most conservative language movement in the world.

(NB: coimeádach = conservative, níos coimeádaí = more conservative, is coimeádaí = most conservative. Again, have a look at potafocal.com under ‘coimeádach’)

There is a lot to learn from the folks of Teilifís na Gaeltachta (The Irish language television) it is clear. Let us praise their courage.

A LITTLE MORE DETAIL

Molaimis a misneach!
Let us praise their courage!
Molaimis = let us praise
a misneach = their/her courage
a mhisneach = his courage

An tseachtain seo = this week
tá alt in Gaelscéal = there is an article in Gaelscéal
scríofa ag Donncha Ó hÉallaithe = written by Donncha Ó hÉallaithe
maidir le = regarding/with regard to
‘Teilifís na Gaeltachta’ = the television of the Irish speaking district
an stáisiún bradach = the pirate station
a bhunaigh xx = that xx established/founded
gníomhairí teanga = language activities
gníomhaire teanga = language activist
i gConamara in 1987 = in Connemara in 1987

Mar gheall ar xx = Because of xx / As a result of xx
an eachtra seo = this event/happening
sa deireadh thiar thall = finally / at last
tháinig TG4 ar an saol = TG4 came into being

(NB: an eachtra = the deed, event, adventure, happening, incident etc. - basically anything that went on - Go to http://www.potafocal.com - they do a great job of explaining this word with lots of examples.)

Chuir an grúpa seo a lámha ina bpócaí féin = This group put their hand into their own pocket
Chuir sé a lámh ina phóca = He put his hand in his pocket / He paid up
Chuir sí a lámh ina póca = She put her hand in her pocket
agus bhailigh siad airgead = and they collected money
Bhailigh mé airgead = I collected money
chun an eachtra seo a dhéanamh = to do this event
chun an rud seo a dhéanamh = to do this (thing) - (more usually said)

Is cinnte go xx = It is certain that xx
go rabhadar ag xx = that they were xxing
go raibh siad ag xx = that they were xxing
ag feachtasaíocht = campaigning
ar gach bealach = in every way
roimhe seo = before this / before now
agus gurb é seo an xx = and that this is the xx
rogha dheireanach = last choice
an xx a bhí acu = the xx they had.

I ndeireadh na dála = At the end of all / In the heel of the hunt
cumhachtach = powerful
níos cumhachtaí = more powerful
is cumhachtaí = most powerful
BUT...
is cumhachtaí gníomh ná focail = an action is more powerful than words
agus chuaigh siad i mbun xx = and they went about doing xx
tá siad i mbun gnímh = they are going about doing an action
tá siad i mbun ha hoibre = they are going about the work
an gníomh = the action
an obair = the work
gníomh a bhí ‘bradach’ = an action that was 'pirate'

Cinnte = Certainly
bhí an gníomh seo mídhleathach = this action was illegal
tá an gníomh seo mídhleathach = this action is illegal
mar a bhí go leor rudaí = as many things were
mar a bhí go leor daoine = as many people were
xx a rinne Mahatma Gandhi = xx that Mahatma Gandhi did
agus mar a bhí gníomh Rosa Parks = and as the action of Rosa Parks was
agus mar a bhí sé = and as it was / and how it was
agus mar atá sé = and as it is / and how it is
gníomh Sheáin = Seán's deed/action
gníomh Mhairéad = Mairéad's deed/action
nuair a dhiúltaigh sí = when she refused
a suíochán a ghéilleadh do xx = to relinquish/yield her/their seat to xx
a shuíochán a ghéilleadh do xx = to relinquish/yield his seat to xx
dhuine den chine geal = somebody of the white race
an cine geal = the white race

In amanna = at times/sometimes
Scaití = at times/sometimes
Uaireanta = at times/sometimes
is riachtanach an rud é = it is a necessary thing
ní riachtanach an rud é = it is not a necessary thing
an dlí a bhriseadh = to break the law
chun cearta daonna a bhaint amach = to achieve human rights
chun xx a bhaint amach = to achieve xx
xx a bhaint amach = to achieve xx
Rinne sé iarracht = he tried
rinne sé iarracht xx a bhaint amach = he tried to achieve/reach xx
Déan an obair = do the work
Déan an obair chun xx a bhaint amach = Do the work to achieve xx
agus b’amhlaidh sin = and that was so / and that would be so
agus is amhlaidh sin = and that is so
sa chás seo = in this case
sa gcás seo = in this case

Tá xx ag dul i léig = xx is getting weaker / xx is weakening
Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí = The Irish language is growing weaker in the Irish speaking districts
i gcónaí = always / at the moment
ach faraor = but alas
is róshéimh atá xx = it is too soft / too quiet that xx is
ár gcainteoirí dúchais = our native speakers

Seans go bhfuil xx = Perhaps xx is
Seans! = Perhaps!
Gaeilgeoirí na Galltachta = the Irish speakers of the English speaking districts
‘níos radacaí’ = more radical
radacach = radical
agus ní cinnte sin = and that is not certain
go fóill féin = even yet
is í Gluaiseacht na Gaeilge = The Irish Language Movement is
is í xx an ceann is fearr = xx is the best one
an ghluaiseacht teanga = the language movement
is coimeádaí = most conservative
an ceann is coimeádaí = the most conservative one
ar an saol = in the world

Tá go leor le foghlaim = there is a lot to be learned
ó mhuintir xx = from the people of xx
Teilifís na Gaeltachta = the Television of the Irish Speaking District
muintir Theilifís na Gaeltachta = the 'people' the 'folks' of Teilifís na Gaeltachta
Molaimis a misneach = Let us praise their courage
Déanaimis an obair = Let us do the work
a mhisneach = his courage
a misneach = her/their courage

_________________
Bí cinnte de go nglacfaidh triúr le gach aistriúchán a thabharfar.
Be sure to get three in agreement with a translation given.

Last edited by Braoin on Mon 29 Oct 2012 9:15 pm, edited 12 times in total.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Tue 16 Oct 2012 8:28 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3446
Location: Cill Dara
Braoin wrote:
A little late with this one, but here it is anyway:

SOUNDFILE HERE

https://www.box.com/s/op80fq6frr8kvdy54ssb

THE IRISH LANGUAGE VERSION

Molaimis a misneach!

An tseachtain seo, tá alt in Gaelscéal scríofa ag Donncha Ó hÉallaithe maidir le ‘Teilifís na Gaeltachta’, an stáisiún bradach a bhunaigh gníomhairí teanga i gConamara in 1987.
Mar gheall ar an eachtra seo, sa deireadh thiar thall, tháinig TG4 ar an saol (Teilifís na Gaeilge a bhí air i dtús ama).
Chuir an grúpa seo a lámha ina bpócaí féin agus bhailigh siad airgead chun an eachtra seo a dhéanamh.
Is cinnte go rabhadar ag feachtasaíocht ar gach bealach roimhe seo agus gurb é seo an rogha dheireanach a bhí acu.
I ndeireadh na dála, is cumhachtaí gníomh ná focail agus chuaigh siad i mbun ghnímh, gníomh a bhí ‘bradach’.
Cinnte, bhí an gníomh seo mídhleathach, mar a bhí go leor rudaí a rinne Mahatma Gandhi agus mar a bhí gníomh Rosa Parks nuair a dhiúltaigh sí a suíochán a ghéilleadh do dhuine den chine geal.
In amanna, is riachtanach an rud é an dlí a bhriseadh chun cearta daonna a bhaint amach agus b’amhlaidh sin sa chás seo.
Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí i gcónaí ach faraor is róshéimh atá ár gcainteoirí dúchais.
Seans go bhfuil Gaeilgeoirí na Galltachta ‘níos radacaí’ agus ní cinnte sin, go fóill féin is í Gluaiseacht na Gaeilge an ghluaiseacht teanga is coimeádaí ar an saol.
Tá go leor le foghlaim ó mhuintir ‘Theilifís na Gaeltachta’ is léir. Molaimis a misneach.

SENTENCES TRANSLATED

Molaimis a misneach!
Let us praise their courage!

An tseachtain seo, tá alt in Gaelscéal scríofa ag Donncha Ó hÉallaithe maidir le ‘Teilifís na Gaeltachta’, an stáisiún bradach a bhunaigh gníomhairí teanga i gConamara in 1987.
This week, there is an article by Donncha Ó hÉallaithe written in Gaelscéal regarding ‘Teilifís na Gaeltachta’ (‘The Television of the Irish Speaking District’), the pirate station that language activists founded in Conamara in 1987.

Mar gheall ar an eachtra seo, sa deireadh thiar thall, tháinig TG4 ar an saol (Teilifís na Gaeilge a bhí air i dtús ama).
Because of this event, at long last, TG4 came about (Teilifís na Gaeilge = The Irish language television, it was called at the beginning).

(NB: an eachtra = the deed, event, adventure, happening, incident etc. - basically anything that went on - Go to http://www.potafocal.com - they do a great job of explaining this word with lots of examples.)

Chuir an grúpa seo a lámha ina bpócaí féin agus bhailigh siad airgead chun an eachtra seo a dhéanamh.
This group put their hands into their own pockets and collected money to do this deed/event.

Is cinnte go rabhadar ag feachtasaíocht ar gach bealach roimhe seo agus gurb é seo an rogha dheireanach a bhí acu.
It is certain that they were campaigning in every way before this and that this was the last choice they had.

I ndeireadh na dála, is cumhachtaí gníomh ná focail agus chuaigh siad i mbun ghnímh, gníomh a bhí ‘bradach’.
In the end, an action is stronger/more powerful than words and they went into action, a ‘pirate’ action.

Cinnte, bhí an gníomh seo mídhleathach, mar a bhí go leor rudaí a rinne Mahatma Gandhi agus mar a bhí gníomh Rosa Parks nuair a dhiúltaigh sí a suíochán a ghéilleadh do dhuine den chine geal.
Certainly, this action was illegal, as were many things that Mahatma Gandhi did and as was the deed of Rosa Parks when she refused to yield her seat to a person of the white race.

In amanna, is riachtanach an rud é an dlí a bhriseadh chun cearta daonna a bhaint amach agus b’amhlaidh sin sa chás seo.
Betimes, it is a necessary thing to break the law to achieve human rights and this was so in this case.

Tá an Ghaeilge ag dul i léig sna Gaeltachtaí i gcónaí ach faraor is róshéimh atá ár gcainteoirí dúchais.
The Irish language is getting weaker in the Irish speaking districts and unfortunately/sadly our native speakers are too quiet/mellow.

(NB: See http://www.potafocal.com for the word ‘séimh’ - lots of examples and explanations there.)

Seans go bhfuil Gaeilgeoirí na Galltachta ‘níos radacaí’ agus ní cinnte sin, go fóill féin is í Gluaiseacht na Gaeilge an ghluaiseacht teanga is coimeádaí ar an saol.
Perhaps the Irish speakers of the English speaking area(s) are ‘more radical’ and this is not certain, even yet ‘Gluaiseacht na Gaeilge’ (The Irish Language Movement) is the most conservative language movement in the world.

(NB: coimeádach = conservative, níos coimeádaí = more conservative, is coimeádaí = most conservative. Again, have a look at potafocal.com under ‘coimeádach’)

Tá go leor le foghlaim ó mhuintir ‘Theilifís na Gaeltachta’ is léir. Molaimis a misneach.
There is a lot to learn from the folks of Teilifís na Gaeltachta (The Irish language television) it is clear. Let us praise their courage.
:clap: A Bhraoin, a chara, nuair a chonaic mé teidil an snáithe, bhí sé cosúil le bheith ag féachaint ar chara ag teacht abhaile! :GRMA:

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Wed 17 Oct 2012 11:48 pm 
Offline
User avatar

Joined: Sun 28 Aug 2011 8:29 pm
Posts: 2982
Tá sé go deas thú a fheiceáil ar ais a Bhraoin.

:clap: :GRMA:

_________________
___________________________________________________________

It is recommended that you always wait for three to agree on a translation.
I speak Connemara Irish, and my input will often reflect that.
I will do an mp3 file on request for short translations.

___________________________________________________________

Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 3 posts ] 

All times are UTC

Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 5 guests

You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group