It is currently Fri 19 Apr 2024 2:48 am

All times are UTC


Forum rules


This is a reference section. Please post questions and comments in the main forum.



Post new topic Reply to topic  [ 1 post ] 
Author Message
PostPosted: Mon 18 Feb 2013 12:19 am 
Offline

Joined: Sat 17 Sep 2011 11:52 pm
Posts: 460
Aindrias Ó Cathasaigh
ar dhúnadh Gaelscéal

Is geall le óráid ó ghabhann na cúirte a bheith ag scríobh ar Gaelscéal anois. Cúirt gan ghiúiré atá ann, ar ndóigh, agus níl aon amhras faoi thoradh an cháis. Ach sula bhfógraíonn sé an bhreith chiontach, tugann an breitheamh cead don phríosúnach daortha cupla focal deiridh a rá.

Agus féadfaidh an páipéar seo cuid mhór a rá ar a shon féin, mar tá líomhaintí gan bhunús déanta ina aghaidh. Ní hé nár pheacaigh Gaelscéal ariamh nó nach bhfuil lochtanna air, ach is cinnte nach í an chroch atá tuillte aige.

Is léir sin d’fhinné macánta ar bith, áfach, agus ní call cur i gceann an chás cosanta anseo. Tá sé in am cor in aghaidh an chaim a thabhairt, méar a dhíriú ar ais ar an gcúisitheoir, ar an mbreitheamh úd thall faoin gcaidhp báis.

Is sraithmharfóir nuachtán é Foras na Gaeilge. Cá bhfios nach bhfuil pictiúir a chuid íobartach ar crochadh in íoslach 7 Cearnóg Mhuirfean aige? An modus operandi céanna a bhíonn aige: daoine muiníneacha a mhealladh chuige, súil dhrochamhrasach a choinneáil thar a ngualainn, agus an buille fill a thabhairt go sciobtha gan trua.

Is é an rud is suntasaí faoin gcúisiú a rinne an Foras ar Gaelscéal nach bhfuil aon phointe ann nár chóra go mór fada é a chur i leith an Fhorais féin. Cén luach atá le fáil ar na milliúin d’airgead cánach a chaitear ar an bhForas? Cé na spriocanna i dtaca le dul chun cinn na teangan atá bainte amach aige?

Níl i mbord an Fhorais ach buaic phoiblí na heagraíochta. As lompholaitíocht a cheaptar cuid acu, agus bíonn cuid mhaith díobh sáite in imeachtaí a mhaoiníonn an Foras. Bíonn cruinnithe an bhoird ina Lanigan’s Ball ceart, baill ag bogadh amach is isteach de réir mar a bhíonn a réimsí féin faoi chaibidil. B’fhéidir go méadaíonn an gá le ballaí fuaimdhíonacha costas na gcruinnithe, ach ní mhéadaíonn sé an dóchas go seachnófar coimhlintí leasa.

Ach is iondúil don bhord a stampa rubair a bhualadh ar na moltaí a chuireann ardfheidhmeannaigh an Fhorais faoina mbráid. Sraith bhreise maorlathais atá iontu seo, gan saineolas breise le brath dá bharr. Go deimhin, is ar éigean a chuireann siad cor díobh gan comhairleoirí a fhostú agus íoc go maith astu.

Cuangó atá i bhForas na Gaeilge, eagraíocht neamhthofa a fheidhmíonn polasaí stáit. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an créatúr is gaire i gcostúlacht dó. Agus díreach mar atá an earnáil sláinte i gcoitinne gráinithe ar an bhFeidhmeannact, is beag dea-fhocal don Fhoras atá ag lucht na Gaeilge, ach amháin ag na comhlachtaí caidreamh poiblí a íocann sé.

San am céanna, tá bundifríochtaí idir an Foras agus FSS. Ar an gcéad dul síos, tá FSS faoi réir ag rialtas, agus freagrach ar bhealach éicint don Dáil. Ach is eagraíocht trasteorann an Foras, agus níl aon rialtas trasteorann ná parlaimint trasteorann le smacht a choinneáil air. Ar an ábhar céanna, níl de dhualgas saorála faisnéise air ach a chód deonach féin.

Ar an dara dul síos, ní mhaoiníonn FSS irisí sláinte. Dá mbeadh tuairisceoireacht agus tráchtaireacht ar chúrsaí sláinte ag brath ar airgead ón eagraíocht atá i gceannas ar na cúrsaí sin, ba léir cén srian a bheadh i gceist. Ach sin é go díreach cás na hiriseoireachta i nGaeilge, nó an iriseoireacht chlóite ar aon nós.

Ba shaonta an mhaise dúinn a cheapadh nach bhfuil cumhacht seo an sparáin le n-aireachtáil ar chinneadh an Fhorais bás anaibí a thabhairt do Gaelscéal. Ar feadh cupla bliain, ba é an tSamhail Nua Maoinithe úillín óir an Fhoras, córas a chuirfeadh le spleáchas na n-eagrais Gaeilge air.

Níor cheil leathanaigh an nuachtáin seo an mhíshástacht choiteann leis an tSamhail, agus ní dóigh liom gur lig na hardfheidhmeannaigh an méid sin i ndearmad.

Tá iris mhíosúil Gaeilge ann nár oscail a béal ar an ábhar céanna, agus is beag má lig sí focal cáinteach ar an bhForas i gcló leis na blianta. Cé go bhfuil díolaíocht na hirise sin an-íseal, áfach, níl aon bhagairt ar an E80,000 sa mbliain a fhaigheann sí ón bhForas.

Ach seo é an difríocht is cinniúnaí ar fad idir Foras na Gaeilge agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: táthar deireadh, dá chur leis an bhFeidhmeannacht. Tuigtear gur maorlathas mí-éifeachtach atá ann, a chuireann le costais riaracháin gan cur le feabhas na seirbhíse. Is fearr go mór go mbeadh freagracht dhaonlathach éicint as an gcaoi a riartar an córas sláinte.

Níl an Foras in ann ag an obair. Gan trácht ar an saothar uilig a bhaineann leis an nGaeilge a chur ar a cosa, ní fhéadfá cuimhniú ar bhealach ba mheasa le iriseoireacht na Gaeilge a chothú ná í a chur faoina choimirce siúd.

Ba cheart go gcaithfí beagáinín beag d’airgead an phobail le gur féidir cúrsaí an tsaoil a phlé sa teanga seo againne, ar ndóigh. Ach b’fhearr sin a fhágáil faoi choiste ilpháirtí Oireachtais nó a leithéid, seachas faoi chinsealacht atá teann teolaí ar a tairseach Seoirseach féin.

Idir an dá linn caithfidh muid fuirseadh linn, deiseanna a thapú anseo is ansiúd lenár gcion a rá d’ainneoin an Fhorais. An dream nach bhfuil láidir, ní mór dúinn a bheith glic.

Tá namhaid mhór dhaingnithe os ár gcomhair, ach tá baill laga go leor le n-aimsiú air. Treallchogaíocht atá ag teastáil anois.


xxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxx

TRANSLATION INTO ENGLISH

Aindreas Ó Cathasaigh
ar dhúnadh Gaelscéal
on the closure of Gaelscéal

Is geall le óráid ó ghabhann na cúirte a bheith ag scríobh ar Gaelscéal anois.
Writing on Gaelscéal now is like a speech from the court dock.
Cúirt gan ghiúiré atá ann, ar ndóigh, agus níl aon amhras faoi thoradh an cháis.
It is a court without a jury, and there is no doubt about the result of the case.
Ach sula bhfógraíonn sé an bhreith chiontach, tugann an breitheamh cead don phríosúnach daortha cupla focal deiridh a rá.
But before he announces the guilty verdict, the judge gives the condemned prisoner permission to say a couple of last words.

Agus féadfaidh an páipéar seo cuid mhór a rá ar a shon féin, mar tá líomhaintí gan bhunús déanta ina aghaidh.
And this paper can say a lot on its own behalf, because unfounded allegations have been made against it.
Ní hé nár pheacaigh Gaelscéal ariamh nó nach bhfuil lochtanna air, ach is cinnte nach í an chroch atá tuillte aige.
It is not that Gaelscéal has never sinned or that it is without faults, but it is certain that it does not deserve the gallows.

Is léir sin d’fhinné macánta ar bith, áfach, agus ní call cur i gceann an chás cosanta anseo.
It is obvious to any honest witness, however, that there is no need to go on with this defence case.
Tá sé in am cor in aghaidh an chaim a thabhairt, méar a dhíriú ar ais ar an gcúisitheoir, ar an mbreitheamh úd thall faoin gcaidhp báis.
It is payback time, to point a finger back at the accuser, at that judge over there under the death cap.

Is sraithmharfóir nuachtán é Foras na Gaeilge.
Foras na Gaeilge is a serial killer of newspapers.
Cá bhfios nach bhfuil pictiúir a chuid íobartach ar crochadh in íoslach 7 Cearnóg Mhuirfean aige?
Who knows that it does not have pictures of its victims hanging in the cellar of 7 Merrion Square?

An modus operandi céanna a bhíonn aige: daoine muiníneacha a mhealladh chuige, súil dhrochamhrasach a choinneáil thar a ngualainn, agus an buille fill a thabhairt go sciobtha gan trua.
It has the same modus operandi: to entice trustworthy people to it, to keep a distrustful eye over their shoulders, and to deliver the treacherous blow quickly without compassion.

Is é an rud is suntasaí faoin gcúisiú a rinne an Foras ar Gaelscéal nach bhfuil aon phointe ann nár chóra go mór fada é a chur i leith an Fhorais féin. Cén luach atá le fáil ar na milliúin d’airgead cánach a chaitear ar an bhForas? Cé na spriocanna i dtaca le dul chun cinn na teangan atá bainte amach aige?
The most remarkable thing about the accusation levelled by the Foras at Gaelscéal that there is no point to it is that it should much more be levelled at the Foras itself. What value is there for the millions in taxation money that is spent on the Foras? What are the targets it has achieved regarding the promotion of the language?

Níl i mbord an Fhorais ach buaic phoiblí na heagraíochta.
The board of the Foras is but the public tip of the organisation.

As lompholaitíocht a cheaptar cuid acu, agus bíonn cuid mhaith díobh sáite in imeachtaí a mhaoiníonn an Foras.
Some of them are appointed from direct politics, and a good few of them are involved in events that the Foras funds.

Bíonn cruinnithe an bhoird ina Lanigan’s Ball ceart, baill ag bogadh amach is isteach de réir mar a bhíonn a réimsí féin faoi chaibidil.
The meetings of the board are a proper Lanigan’s Ball, members moving in and out as their own fields are under discussion.

B’fhéidir go méadaíonn an gá le ballaí fuaimdhíonacha costas na gcruinnithe, ach ní mhéadaíonn sé an dóchas go seachnófar coimhlintí leasa.
Perhaps the need for soundproofed walls increases the cost of the meetings, but it does not increase the hope that conflicts of interest are avoided.

Ach is iondúil don bhord a stampa rubair a bhualadh ar na moltaí a chuireann ardfheidhmeannaigh an Fhorais faoina mbráid.
But it is usual for the board to rubber stamp the proposals put before them by the Foras senior executives.

Sraith bhreise maorlathais atá iontu seo, gan saineolas breise le brath dá bharr.
These are an extra layer of bureaucracy, without any extra expertise perceived as a result of it.

Go deimhin, is ar éigean a chuireann siad cor díobh gan comhairleoirí a fhostú agus íoc go maith astu.
Certainly, they hardly stir without employing advisers and paying them well.

Cuangó atá i bhForas na Gaeilge, eagraíocht neamhthofa a fheidhmíonn polasaí stáit.
Foras na Gaeilge is a quango, an unelected organisation that implements state policy.

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an créatúr is gaire i gcosúlacht dó.
The Health Service Executive is the nearest similar creature to it.

Agus díreach mar atá an earnáil sláinte i gcoitinne gráinithe ar an bhFeidhmeannact, is beag dea-fhocal don Fhoras atá ag lucht na Gaeilge, ach amháin ag na comhlachtaí caidreamh poiblí a íocann sé.
And just as the health sector in general hates the Executive, Irish language users have little good to say of the Foras, except the public relations companies that it pays.

San am céanna, tá bundifríochtaí idir an Foras agus FSS.
At the same time, there are fundamental differences between the Foras and the HSE.

Ar an gcéad dul síos, tá FSS faoi réir ag rialtas, agus freagrach ar bhealach éicint don Dáil.
Firstly, the HSE is made available by government, and is accountable in some way to the Dáil (the Parliament).

Ach is eagraíocht trasteorann an Foras, agus níl aon rialtas trasteorann ná parlaimint trasteorann le smacht a choinneáil air.
But the Foras is a cross-border organisation, and there is no cross-border government or cross-border parliament to keep control of it.

Ar an ábhar céanna, níl de dhualgas saorála faisnéise air ach a chód deonach féin.
For the same reason, it has no freedom of information obligation but its own voluntary code.

Ar an dara dul síos, ní mhaoiníonn FSS irisí sláinte.
Secondly, the HSE does not fund health journals.

..more to come

_________________
Bí cinnte de go nglacfaidh triúr le gach aistriúchán a thabharfar.
Be sure to get three in agreement with a translation given.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 1 post ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 3 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group