It is currently Thu 18 Apr 2024 12:06 am

All times are UTC


Forum rules


This is a reference section. Please post questions and comments in the main forum.



Post new topic Reply to topic  [ 1 post ] 
Author Message
PostPosted: Tue 26 Jun 2012 2:38 am 
Offline

Joined: Sat 17 Sep 2011 11:52 pm
Posts: 460
Eagarfhocal Gaelsceal 20 Meith 2012


ORIGINAL IRISH:

Soundfile: https://www.box.com/s/50c54a15029dd66104fe

Anois cad a dhéanfaimis?

Sin é mar sin, vótáil na Gréagaigh ar son páirtithe a ghlacfaidh leis an déine agus le treoir eacnamaíochta ón mBruiséil.

Beidh an déine i bhfeidhm go mór sa Ghréig anois, na billiúin Euro níos lú sa chóras.

Beidh geilleagar na Gréige féin níos lú - i.e. beidh muintir na Gréige níos boichte ná mar atá inniu.

Tá gach seans go mbeidh fíorbhochtanas sa tír sin agus go mbeidh an Ghréig ar an tír is boichte san Eoraip - tá daoine ann nach bhfuil dóthain bia acu cheana féin.

Cé nach féidir go mbeidh an Ghréig ina tír den tríú domhan, beidh sí ina tír den dara domhan amach anseo.

An bhfuil muid á iarraidh sin i ndáiríre?

An bhfuil muid i mbád an euro le chéile nó nach bhfuil?

Rinne an Eoraip botún nuair a lig siad an Ghréig isteach san euro, rinne an Ghréig botún nuair a d’iarr siad dul isteach san euro.

Ba lochtach é an córas euro ón gcéad lá, agus tá na Gréagaigh ag íoc as na botúin a rinneadh sa Bhruiséil agus i mBeirlín.


xxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxx


TRANSLATION INTO ENGLISH:

Anois cad a dhéanfaimis?
Now what would we do?

Sin é mar sin, vótáil na Gréagaigh ar son páirtithe a ghlacfaidh leis an déine agus le treoir eacnamaíochta ón mBruiséil.
So that is it, the Greeks voted for parties which accept austerity and economic guidelines from Brussels.

Beidh an déine i bhfeidhm go mór sa Ghréig anois, na billiúin Euro níos lú sa chóras.
Austerity will be greatly in effect in Greece now, billions of Euro less in the system.

Beidh geilleagar na Gréige féin níos lú - i.e. beidh muintir na Gréige níos boichte ná mar atá inniu.
The economy of Greece itself will be less - i.e. the people of Greece will be poorer than they are today.

Tá gach seans go mbeidh fíorbhochtanas sa tír sin agus go mbeidh an Ghréig ar an tír is boichte san Eoraip - tá daoine ann nach bhfuil dóthain bia acu cheana féin.
There is every possibility that there will be dire poverty in that country and that Greece will be the poorest country in Europe - already there are people there who have not enough food.

Cé nach féidir go mbeidh an Ghréig ina tír den tríú domhan, beidh sí ina tír den dara domhan amach anseo.
Although it cannot be that Greece will become a third world country, it will become a second world country in the future.

An bhfuil muid á iarraidh sin i ndáiríre?
Do we really want that?

An bhfuil muid i mbád an euro le chéile nó nach bhfuil?
Are we or are we not together in the euro?

Rinne an Eoraip botún nuair a lig siad an Ghréig isteach san euro, rinne an Ghréig botún nuair a d’iarr siad dul isteach san euro.
Europe made a mistake when they let Greece join the euro; Greece made a mistake when they asked to join the euro.

Ba lochtach é an córas euro ón gcéad lá, agus tá na Gréagaigh ag íoc as na botúin a rinneadh sa Bhruiséil agus i mBeirlín.
The euro system was faulty from the beginning, and the Greeks are paying for the mistakes made in Brussels and in Berlin.




xxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxx



A LOOK AT PHRASES:

Anois = Now
cad a dhéanfaimis? = what would we do?

Sin é mar sin, vótáil na Gréagaigh ar son páirtithe a ghlacfaidh leis an déine agus le treoir eacnamaíochta ón mBruiséil.
Sin é = That is it
mar sin, = so,
vótáil na Gréagaigh = The Greeks voted
ar son = for
ar son an rúin = for the motion
páirtithe a ghlacfaidh leis an déine = parties that will accept the austerity
an páirtí = the party (political)
na páirtithe = the parties (political)
xxx a ghlacann le yyy = xxx which accepts/who accept yyy
an treoir = the guide (inanimate)
brí na treorach = the meaning of the guide
treoir eacnamaíochta = economic guide
an Bhruiséil = Brussels

Beidh an déine i bhfeidhm go mór sa Ghréig anois, na billiúin Euro níos lú sa chóras.
an déine = the austerity
i bhfeidhm = in effect
go mór = greatly
An Ghréig = Greece
muintir na Gréige = the people of Greece
an billiún = the billion
níos lú = less
tá níos mó agam = I have more
tá níos lú agam = I have less
anois = now
an córas = the system
sa chóras = in the system
na córais = the systems


Beidh geilleagar na Gréige féin níos lú - i.e. beidh muintir na Gréige níos boichte ná mar atá inniu.
An geilleagar = the economy
An eacnamaíocht = the economy
bocht = poor
níos boichte = poorer
ná mar atá xxx inniu = than xxx is today
níos lú ná mar atá xxx inniu = less than xxx is today
níos mó ná mar atá xxx inniu = greater than xxx is today
níos boichte ná mar atá inniu = poorer than today


Tá gach seans go mbeidh fíorbhochtanas sa tír sin agus go mbeidh an Ghréig ar an tír is boichte san Eoraip - tá daoine ann nach bhfuil dóthain bia acu cheana féin.
Tá gach seans ann = there is every chance
Tá gach seans ann go = there is every chance that
fíorbhochtanas = real poverty / dire poverty
Beidh xxx ar an yyy is boichte = xxx will be the poorest yyy
Tá dóthain bia acu = they have enough food
Níl dóthan bia acu = they have not enough food
Nach bhfuil dóthain bia acu? = Do they not have enough food?
Daoine nach bhfuil dóthain bia acu = people who have not enough food
cheana féin = already

Cé nach féidir go mbeidh an Ghréig ina tír den tríú domhan, beidh sí ina tír den dara domhan amach anseo.
Ní féidir go bhfuil xxx anseo = it cannot be that xxx is here
Cé nach féidir go bhfuil xxx ... = Though it cannot be that xxx is ...
Cé nach bhfuil tú sa teach = Though you are not in the house
Beidh an Ghréig ina tír bhocht = Greece will be a poor country / will become a poor country
tríú domhan = third world
dara domhan = second world
beidh sí ina tír xxx = it (‘she’ referring to Greece - feminine) will be a xxx country
amach anseo = in the future


An bhfuil muid á iarraidh sin i ndáiríre?
An bhfuil muid? = Are we?
An bhfuilimid? = Are we?
á iarraidh sin = wanting that
tá mé á iarraidh sin = I am wanting that / I want that
tá (sé) sin á iarraidh agam = I want that
i ndáiríre = seriously
níl tú i ndáiríre? = you’re not serious?
dáiríre píre! = really! / seriously! (in phrase)

An bhfuil muid i mbád an euro le chéile nó nach bhfuil?
an bád = the boat
sa mbád céanna = in the same boat
le chéile = together
i mbád an euro = in the euro boat
An bhfuil muid xxx nó nach bhfuil? = Are we xxx or aren’t we? (referring to us doing something or being somewhere)
An xxx muid nó an ea nach xxx muid? = Are we xxx or are we not xxx? (referring to our being something ourselves... e.g. people, human, Irish people, people with freckles, etc...)

Rinne an Eoraip botún nuair a lig siad an Ghréig isteach san euro, rinne an Ghréig botún nuair a d’iarr siad dul isteach san euro.
Rinne mé botún = I made a mistake
nuair = when
nuair a lig siad = when they let
Lig siad an Ghréig isteach = They let Greece in
An Ghréig = Greece
muintir na Gréige = the people of Greece
san euro = in the euro
d’iarr siad dul = they asked to go
d’iarr siad dul isteach = they asked to go in / to enter

Ba lochtach é an córas euro ón gcéad lá, agus tá na Gréagaigh ag íoc as na botúin a rinneadh sa Bhruiséil agus i mBeirlín.
Tá sé lochtach = it is faulty
Is córas lochtach é = It is a faulty system
Is lochtach an córas é = Faulty the system it is (terrible English but music to the Irish speaker’s ear)
ón gcéad lá = from the first day
an chéad lá = the first day
Tá na Gréagaigh ag íoc = The Greeks are paying
Tá mé ag íoc as = I am paying for it
an botún = the mistake
na botúin = the mistakes
na botúin a rinneadh = the mistakes that were made
Rinneadh easpag de = He was made a bishop
Rinneadh botúin = mistakes were made
An Bhruiséil = Brussels
muintir na Bruiséile = the people of Brussels
Beirlín = Berlin
muintir Bheirlín = the people of Berlin
sa mBruiséil = in Brussels
i mBeirlín = in Berlin

_________________
Bí cinnte de go nglacfaidh triúr le gach aistriúchán a thabharfar.
Be sure to get three in agreement with a translation given.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 1 post ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 5 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group