It is currently Fri 29 Mar 2024 5:24 am

All times are UTC


Forum rules


This is a reference section. Please post questions and comments in the main forum.



Post new topic Reply to topic  [ 4 posts ] 
Author Message
PostPosted: Mon 14 May 2012 8:31 pm 
Offline

Joined: Sat 17 Sep 2011 11:52 pm
Posts: 460
From Gaelscéal 9 May 2012

An important issue coming up for us here in Ireland from which I have taken an extract for translation.


SOUNDFILE:
https://www.box.com/s/9233b3837c3d1ebc7ae1


ORIGINAL GAEILGE:
Tá sé i mbéal an phobail ach céard é an Conradh Fioscach i ndairíre?
le Katie McGreal
Beidh ar mhuintir na hÉireann vóta a chaitheamh ar Chonradh Fioscach an Aontais Eorpaigh ag deireadh na míosa seo, ar an 31 Bealtaine.
(Nóta : Is é 'Reifreann ar an gConradh Cobhsaíochta' an t-ainm oifigiúil atá ar an reifreann seo i nGaeilge)
Tá an rialtas agus Fianna Fáil ag iarraidh go vótálfaimis ‘Tá’ agus tá Sinn Féin agus Comhaontas na Clé Aontaithe ag iarraidh go vótálfaimis ‘Níl’.
Ach céard a chiallaíonn an Conradh Cobhsaíochta, go ginearálta, don tír, do limistéar an euro agus don Aontas Eorpach?
Tá ar 17 tír atá i limistéar an Euro cinneadh a dhéanamh mar gheall ar an gConradh seo agus is muidne an t-aon tír atá ag reáchtáil reifreann ar an gceist. Déanfaidh parlaimintí na dtíortha eile an cinneadh ar son a bpobal.
“Mhol an tArd-Aighne do rialtas na hÉireann gur cheart reifreann a bheith againn toisc go n-athróidh an Conradh seo cuspóir agus spriocanna an Aontais Eorpaigh,” a deir an Coimisiún Reifrinn.
Glaoitear reifreann ar vóta a athróidh bunreacht na tíre agus athróidh an Conradh Fioscach bunreacht na hÉireann. Má ghlacann 12 tír as an 17 atá i limistéar an euro leis an gconradh beidh iad in ann é a chur i bhfeidhm. Mura nglacaimid leis an gConradh, beimid fós san Aontas Eorpach agus beimid fós i gcóras an euro. Níl baint ag an gConradh seo leis an Aontas Eorpach. Baineann sé le limistéar an euro amháin.

An Conradh Fioscach:
An aidhm atá leis an gConradh Fioscach ná iarracht a dhéanamh an euro agus limistéar an euro a chur ina chóras airgeadra seasmhach agus smacht a choinneal ar thíortha na hEorpa ionas nach mbeadh siad in ann níos mó airgid a chaitheamh ná a bhfuil acu. Tá sé mar aidhm ag an gconradh a chinntiú nach dtarlóidh cúlú eacnamaíochta ná borradh réadmhaoine, macasamhail an chinn a tharla in Éirinn le déanaí. Déanfar é sin le rialacha nua a chur i bhfeidhm, a bheidh mar chuid de dhlíthe na dtíortha a ghlacann leis an gConradh as seo amach.





TRANSLATION:

Tá sé i mbéal an phobail ach céard é an Conradh Fioscach i ndairíre?
It is a topical issue but what is the Fiscal Treaty really?
Katie McGreal

Beidh ar mhuintir na hÉireann vóta a chaitheamh ar Chonradh Fioscach an Aontais Eorpaigh ag deireadh na míosa seo, ar an 31 Bealtaine.
The Irish people must vote on the Fiscal Treaty of the European Union at the end of this month, on the 31st May.

(Nóta : Is é 'Reifreann ar an gConradh Cobhsaíochta' an t-ainm oifigiúil atá ar an reifreann seo i nGaeilge)
(Note: This referendum is called ‘Reifreann ar an gConradh Cobhsaíochta’ in the Irish language)

Tá an rialtas agus Fianna Fáil ag iarraidh go vótálfaimis ‘Tá’ agus tá Sinn Féin agus Comhaontas na Clé Aontaithe ag iarraidh go vótálfaimis ‘Níl’.
The government and Fianna Fáil are asking that we vote ‘Yes’ and Sinn Féin and the United Left Alliance are asking us to vote ‘No’.

Ach céard a chiallaíonn an Conradh Cobhsaíochta, go ginearálta, don tír, do limistéar an euro agus don Aontas Eorpach?
But what does the Stability Treaty mean, in general, for the country, for the Euro zone and for the European Union?

Tá ar 17 tír atá i limistéar an Euro cinneadh a dhéanamh mar gheall ar an gConradh seo agus is muidne an t-aon tír atá ag reáchtáil reifreann ar an gceist. Déanfaidh parlaimintí na dtíortha eile an cinneadh ar son a bpobal.
17 countries that are in the Eurozone must make a decision regarding this Treaty and we are the only country holding a referendum on the issue. The parliaments of the other countries will make the decision on behalf of their peoples.

“Mhol an tArd-Aighne do rialtas na hÉireann gur cheart reifreann a bheith againn toisc go n-athróidh an Conradh seo cuspóir agus spriocanna an Aontais Eorpaigh,” a deir an Coimisiún Reifrinn.
‘The Attorney General recommended to the Irish government that we should have a referendum because this Treaty will change the objective and targets of the European Union,’ say the Referendum Commission.

Glaoitear reifreann ar vóta a athróidh bunreacht na tíre agus athróidh an Conradh Fioscach bunreacht na hÉireann. Má ghlacann 12 tír as an 17 atá i limistéar an euro leis an gconradh beidh siad in ann é a chur i bhfeidhm.
A referendum is called on a vote which changes the constitution of the country and the Fiscal Treaty will change the Irish constitution. If 12 of the 17 countries in the Eurozone accept the treaty they will be able to implement it.

Mura nglacaimid leis an gConradh, beimid fós san Aontas Eorpach agus beimid fós i gcóras an euro. Níl baint ag an gConradh seo leis an Aontas Eorpach. Baineann sé le limistéar an euro amháin.
If we do not accept the Treaty, we will still be in the European Union and will still be in the Euro system. This Treaty does not relate to the European Union. It relates to the Eurozone only.

An Conradh Fioscach:
The Fiscal Treaty:

An aidhm atá leis an gConradh Fioscach ná iarracht a dhéanamh an euro agus limistéar an euro a chur ina chóras airgeadra seasmhach (stable currency system) agus smacht a choinneal ar thíortha na hEorpa ionas nach mbeadh siad in ann níos mó airgid a chaitheamh ná a bhfuil acu.
The aim of the Fiscal Treaty is to attempt to place the Euro and the Eurozone into its stable currency system and to keep control of the European countries so that they should not be able to spend more money than they have.

Tá sé mar aidhm ag an gconradh a chinntiú nach dtarlóidh cúlú eacnamaíochta ná borradh réadmhaoine (property boom), macasamhail an chinn a tharla in Éirinn le déanaí. Déanfar é sin le rialacha nua a chur i bhfeidhm, a bheidh mar chuid de dhlíthe na dtíortha a ghlacann leis an gConradh as seo amach.
The treaty aims to ensure that a recession or a property boom like the one that happened in Ireland recently does not happen. This will be done by implementing new rules, that in the future will be as part of the laws of the countries accepting the Treaty.







A CLOSER LOOK AT SOME PHRASES:
Tá sé i mbéal an phobail ach céard é an Conradh Fioscach i ndairíre?
tá xx i mbéal an phobail = everyone is talking about xx / xx is a topical issue
céard é an xx/ cad é an xx = what is the xx?
Conradh = Treaty
Fioscach = Fiscal
i ndáiríre = seriously / really
tá mé i ndáiríre = I am serious

Beidh ar mhuintir na hÉireann vóta a chaitheamh ar Chonradh Fioscach an Aontais Eorpaigh ag deireadh na míosa seo, ar an 31 Bealtaine.
The Irish people must vote on the Fiscal Treaty of the European Union at the end of this month, on the 31st May.
Beidh orm vótáil = I will have to vote
mo vóta a chaitheamh = to cast my ballot
ag deireadh na míosa = at the end of the month
ar an 1 Bealtaine = on the 1st of May
ar an 31 Bealtaine = on the 31st of May

(Nóta : Is é 'Reifreann ar an gConradh Cobhsaíochta' an t-ainm oifigiúil atá ar an reifreann seo i nGaeilge)
(Note: This referendum is called ‘Reifreann ar an gConradh Cobhsaíochta’ in the Irish language)
reifreann = a referendum
ar an gconradh = on the treaty/contract
an chobsaíocht = the stability
an conradh cobhsaíochta = the stability treaty

Tá an rialtas agus Fianna Fáil ag iarraidh go vótálfaimis ‘Tá’ agus tá Sinn Féin agus Comhaontas na Clé Aontaithe ag iarraidh go vótálfaimis ‘Níl’.
The government and Fianna Fáil are asking that we vote ‘Yes’ and Sinn Féin and the United Left Alliance are asking us to vote ‘No’.
an rialtas = the government
Fianna Fáil = a political party which was in government during the boom
ag iarraidh = asking
go vótálfaimis = that we would/should vote
Sinn Féin = the political party of the ‘republican’ movement

Ach céard a chiallaíonn an Conradh Cobhsaíochta, go ginearálta, don tír, do limistéar an euro agus don Aontas Eorpach?
But what does the Stability Treaty mean, in general, for the country, for the Euro zone and for the European Union?
céard/cad a chiallaíonn xx? = what does xx mean?
go ginearálta = in general
don tír = for the country
do limistéar an euro = for the district of the euro
an tAontas Eorpach = the European Union

Tá ar 17 tír atá i limistéar an Euro cinneadh a dhéanamh mar gheall ar an gConradh seo agus is muidne an t-aon tír atá ag reáchtáil reifreann ar an gceist. Déanfaidh parlaimintí na dtíortha eile an cinneadh ar son a bpobal.
17 countries that are in the Eurozone must make a decision regarding this Treaty and we are the only country holding a referendum on the issue. The parliaments of the other countries will make the decision on behalf of their peoples.
17 tír = 17 countries
cinneadh a dhéanamh = to make a decision
mar gheall ar xx = regarding xx / because of xx
is muidne na xx = we (emphasised) are the xx
muid = we
ag reáchtáil an reifrinn = running the referendum
ar an gceist = on the question / issue
parlaimintí na dtíortha eile = the parliaments of the other countries
ar son an phobail = on behalf of the community/public/people
ar son a bpobal = on behalf of their communities/people


“Mhol an tArd-Aighne do rialtas na hÉireann gur cheart reifreann a bheith againn toisc go n-athróidh an Conradh seo cuspóir agus spriocanna an Aontais Eorpaigh,” a deir an Coimisiún Reifrinn.
‘The Attorney General recommended to the Irish government that we should have a referendum because this Treaty will change the objective and targets of the European Union,’ say the Referendum Commission.
Molann xx dom = xx advises me to
toisc = because
athróidh xx = xx will change
an cuspóir = the goal/target/objective
spriocanna = target
Not a lot between cuspóir and sprioc - but Irish often uses two words of similar meaning together for emphasis or effect.
an coimisiún = the commission

Glaoitear reifreann ar vóta a athróidh bunreacht na tíre agus athróidh an Conradh Fioscach bunreacht na hÉireann. Má ghlacann 12 tír as an 17 atá i limistéar an euro leis an gconradh beidh siad in ann é a chur i bhfeidhm.
A referendum is called on a vote which changes the constitution of the country and the Fiscal Treaty will change the Irish constitution. If 12 of the 17 countries in the Eurozone accept the treaty they will be able to implement it.
Glaoitear xx = xx is called
an bunreacht = the constitution
má ghlacann 4 as 5 le xx = if 4 out of 5 accept xx
beidh siad in ann = they will be able
é a chur i bhfeidhm = to put it into effect


Mura nglacaimid leis an gConradh, beimid fós san Aontas Eorpach agus beimid fós i gcóras an euro. Níl baint ag an gConradh seo leis an Aontas Eorpach. Baineann sé le limistéar an euro amháin.
If we do not accept the Treaty, we will still be in the European Union and will still be in the Euro system. This Treaty does not relate to the European Union. It relates to the Eurozone only.
beimid fós san Aontas Eorpach = we will still be in the European Union
táimid fós ag fanacht = we are still waiting
Níl baint ag Y le X = Y has no bearing on X / Y has nothing to do with X



An Conradh Fioscach:
The Fiscal Treaty:

An aidhm atá leis an gConradh Fioscach ná iarracht a dhéanamh an euro agus limistéar an euro a chur ina chóras airgeadra seasmhach (stable currency system) agus smacht a choinneal ar thíortha na hEorpa ionas nach mbeadh siad in ann níos mó airgid a chaitheamh ná a bhfuil acu.
The aim of the Fiscal Treaty is to attempt to place the Euro and the Eurozone into its stable currency system and to keep control of the European countries so that they should not be able to spend more money than they have.
an aidhm atá le x ná ... = the aim of x is ...
an iarracht = the effort
iarracht a dhéanamh = to make an effort
córas airgeadra = currency system
seasmhach = stable
smacht a choinneáil ar xx = to keep a control on xx
ionas = so that
ionas nach mbeadh siad in ann = so that they would not be able
níos mó airgid = more money
a chaitheamh = to spend
ná a bhfuil acu = than all that they have

Tá sé mar aidhm ag an gconradh a chinntiú nach dtarlóidh cúlú eacnamaíochta ná borradh réadmhaoine (property boom), macasamhail an chinn a tharla in Éirinn le déanaí. Déanfar é sin le rialacha nua a chur i bhfeidhm, a bheidh mar chuid de dhlíthe na dtíortha a ghlacann leis an gConradh as seo amach.
The treaty aims to ensure that a recession or a property boom like the one that happened in Ireland recently does not happen. This will be done by implementing new rules, that in the future will be as part of the laws of the countries accepting the Treaty.
tá sé mar aidhm ag xx = it is xx’s objective
a chinntiú = to ensure
cúlú = a regression/backing/withdrawal
an eacnamaíocht = the economy
cúlú eacnamaíochta = a recession
an borradh = the growth/surge
réadmhaoin = property
an mhaoin = the possessions/property/pieces you have playing chess or draughts
borradh réadmhaoine = property boom
a mhacasamhail = the likes of it
le déanaí = recently
déanfar é sin = that will be done
rialacha nua a chur i bhfeidhm = to implement new rules
mar chuid de xx = as part of xx
de dhlíthe na dtíortha = of the laws of the countries
as seo amach = in the future



NB: grma a Shaoirse. Ní fheicim mórán gá le rud den chineál seo ar ILF, bhuel go fóillín ar aon chaoi! Tá rudaí mar 'focal an lae' a bhíonns á dhéanamh ag Bríd togha ar fad agus i bhfad Éireann níos úsáidí. Cuirfidh mé rud eicint eile le chéile amach anseo. grma arís, a chara.

_________________
Bí cinnte de go nglacfaidh triúr le gach aistriúchán a thabharfar.
Be sure to get three in agreement with a translation given.


Last edited by Braoin on Tue 29 May 2012 11:37 pm, edited 7 times in total.

Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 14 May 2012 8:59 pm 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 9:55 am
Posts: 2114
Location: 91 - France
We were graciously given the option of voting on a European treaty here in France a few years back and the result was 'No' - the politicians carried on regardless as if nothing had happened and didn't take a blind bit of notice. I was particularly horrified by N Sarkozy's arrogance when he went over to Ireland and told the people to change their mind, after they had voted 'No' the last time round. Mind you, he was outraged by the cheek of a Greek prime minister who wanted to put to a vote by the Greek people, the terms he and Merkel were demanding of him.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Mon 14 May 2012 9:25 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 4:54 pm
Posts: 3446
Location: Cill Dara
Go raibh maith agat, a Bhraoin, a chara. An-obair arís! :clap:

_________________
Is foghlaimeoir mé. I am a learner. DEFINITELY wait for others to confirm and/or improve.
Beatha teanga í a labhairt.


Top
 Profile  
 
PostPosted: Sat 23 Jun 2012 2:03 pm 
Offline
User avatar

Joined: Mon 29 Aug 2011 3:36 am
Posts: 247
Braoin wrote:
Ní fheicim mórán gá le rud den chineál seo ar ILF, bhuel go fóillín ar aon chaoi! Tá rudaí mar 'focal an lae' a bhíonns á dhéanamh ag Bríd togha ar fad agus i bhfad Éireann níos úsáidí.

Braitheann sé ar an leibheal Gaeilge atá ag an duine. Tá rudaí mar seo níos úsáidí domhsa mar tá a lán leagan cainte le foghlaim.

_________________
賢いふくろぐま Image
Seans Eile - free software to help you practice your Irish
Scéala na Wombait - Muddle-headed Memes and Musings


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 4 posts ] 

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: No registered users and 8 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
cron
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group