It is currently Sat 18 May 2024 11:36 pm

All times are UTC


Forum rules


Please click here to view the forum rules



Post new topic Reply to topic  [ 11 posts ]  Go to page 1, 2  Next
Author Message
 Post subject: Conas atá sibh?
PostPosted: Sat 30 Mar 2024 10:49 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 79
Location: Luimneach
Haigh, a chairde,

Tá sé i bhfad rófhada ó tháinig mé chuig an suíomh seo. Bhíos gnóthach thart ar deich mbliana ó shin, go háirithe tar éis bhunú "Fóram na Gaeilge", fóram nár mhair i bhfad, faraor. Tá an saol agus an tIdirlíon tar éis athrú go mór idir an dá linn!

Cad é mar atá sibhse, ar aon nós?

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Sun 31 Mar 2024 12:04 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1148
Dia 's Muire dhuit. Ní fheadar ar mhaith leat go neósfainn do chách anso conas atá mo shaol agus mo shláinte, nuair ná beadh fhios agat cé hé me (bhuel, b'fhéidir gur thánaís orm i bhfóram nú dhó ar an Idirlíon, i dtaobh is gur aithnide dhom t'ainm). Líon daoine a bhainid úsáid as an bhfóram, níl sé chómh hárd agus a bhí sé cúpla bliain ó shin. Tá a dó nú a trí d'úsáideóríbh coitianta agus is dó' liom go ndeinid siad a ndóthain chun na gceisteanna go léir a réiteach do dhaoine. Is le Breandán an fóram so, agus is amhlaidh d'fhuilig sé tuile mhór, tuile mhór a tháinig anuas ar a chathair uile, in 2022. Tá súil agam go mbeidh tú ag féachaint isteach anso go minic, agus go mbeidh tú ag cimeád na gcómhráite ar siúl mar mhaithe le cách....


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Sun 31 Mar 2024 12:13 am 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1148
Cad a thárla le t'fhóram? B'fhéidir ná raibh aimsir agat chun é chimeád ar siúl???


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Sun 31 Mar 2024 8:59 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 79
Location: Luimneach
Beannachtaí!

Cuireadh tús le Fóram na Gaeilge i mí Iúil 2011. Tar éis tosnú ag caint leis an riarthóir óg ar Boards.ie, thosaigh mé ag cabhrú leis mar mhodhnóir agus mar riarthóir. Bhí ceachtanna maithe foghlamtha againn ó na fóraim ar Boards.ie, ó na Daltaí boards, agus ón suíomh a bhíodh ann roimh an gceann seo.

Ní raibh Facebook chomh mór go fóill ag an bpointe sin agus cheapamar go mbeadh rath ar an bhfóram nua (ar feadh tamaillín, ar aon nós). Mar chomhthéacs, bhí níos lú ná 1,000 ball ar Gaeilge Amháin ansin - tá thart ar 16,000 sa ghrúpa sin anois! Rinneamar iarracht nuacht agus spórt an lae a phlé, snáithe "Ar An Lá Seo Sa Stair" a bhumpáil gach lá, agus a leithéid, agus ceapaim go raibh alt faoin bhfóram sa nuachtán áitiúil anso i Luimneach freisin.

Faraor, rinne mo dhuine dearmad go mbeadh air íoc as an óstáil gach bliain, agus d'imigh Fóram na Gaeilge as go tobann tar éis 12 mí. Chuireasa ar ais le chéile é go luath ina dhiaidh sin, ach níor tháinig na húsáideoirí eile ar ais. Déarfainn go raibh job ní b'fhearr déanta againne ná mar a bhí ag Abair Leat! in 2012, fiú, ach níor mhair an suíomh sin i bhfad ach oiread!

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Sun 31 Mar 2024 9:02 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 79
Location: Luimneach
Lean mé ar aghaidh leis an nGaeilge ar mo bhealach féin tar éis sin ar aon nós, agus anois táim ar tí cnuasach filíochta a fhoilsiú. Ní bheidh mé saibhir choíche, ach táim bródúil as.

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Sun 31 Mar 2024 9:20 pm 
Offline

Joined: Thu 27 May 2021 3:22 am
Posts: 1148
Do bheadh sé go hana-mhaith snáithe do cruthú anso i gcómhair plé nuachtáin an lae.... Cad í an fhilíocht atá idir lámhaibh agat agus tu ar tí a chur amach???


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Mon 01 Apr 2024 9:18 am 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 79
Location: Luimneach
djwebb2021 wrote:
Do bheadh sé go hana-mhaith snáithe do cruthú anso i gcómhair plé nuachtáin an lae.... Cad í an fhilíocht atá idir lámhaibh agat agus tu ar tí a chur amach???


Ní an fhilíocht seo, ar aon chaoi!

https://tuairisc.ie/an-chead-chnuasach- ... e-foilsiu/

:LOL:

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Mon 01 Apr 2024 8:55 pm 
Offline
User avatar

Joined: Fri 16 Sep 2011 10:17 pm
Posts: 79
Location: Luimneach
Cnuasach dátheangach is ea é. "Ar An Leoithne". 40 dán i nGaeilge agus aistriúcháin i mBéarla in aice leo. Fuaireas cupla nóta ó Ghabriel Rosenstock maidir le hearráidí éagsúla a bhí sa lámhscríbhinn, agus scríobh sé blurba don chlúdach dom chomh maith. Seachas sin, bhí sé fíor-dheacair profléitheoirí a aimsiú!

_________________
Ag lorg cómhra as Gaeilge? Bígí linn - http://www.foramnagaeilge.com :)


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Tue 02 Apr 2024 4:03 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 11:36 pm
Posts: 679
Insect Overlord wrote:
Lean mé ar aghaidh leis an nGaeilge ar mo bhealach féin tar éis sin ar aon nós, agus anois táim ar tí cnuasach filíochta a fhoilsiú. Ní bheidh mé saibhir choíche, ach táim bródúil as.


:darklaugh:

Mar an gcéanna anseo. Déanaim mo chuid oibre féin agus ar an ábhar sin ní bheidh mé saibhir ach an oiread.


Top
 Profile  
 
 Post subject: Re: Conas atá sibh?
PostPosted: Tue 02 Apr 2024 4:11 am 
Offline

Joined: Thu 01 Sep 2011 11:36 pm
Posts: 679
Insect Overlord wrote:
Cnuasach dátheangach is ea é. "Ar An Leoithne". 40 dán i nGaeilge agus aistriúcháin i mBéarla in aice leo. Fuaireas cupla nóta ó Ghabriel Rosenstock maidir le hearráidí éagsúla a bhí sa lámhscríbhinn, agus scríobh sé blurba don chlúdach dom chomh maith. Seachas sin, bhí sé fíor-dheacair profléitheoirí a aimsiú!


Ba mhaith liom do chuid filíochta a fheiceáil. Is féidir liom beagán a íoc as. :razz: Chuir mé haiku chuig Gabriel do chomórtas thart ar 10 mbliana ó shin ach níor chuala mé ar ais riamh. Caithfidh go raibh sé an-dona. :rofl:

Ar fhóram IGTF, ba ghnách linn haiku a scríobh. Bhí sé an-spraoi ar ais sna laethanta sin. Bhí suim ag an oiread sin daoine sa Ghaeilge ansin.


Top
 Profile  
 
Display posts from previous:  Sort by  
Post new topic Reply to topic  [ 11 posts ]  Go to page 1, 2  Next

All times are UTC


Who is online

Users browsing this forum: Ade, Bing [Bot], Google [Bot] and 21 guests


You cannot post new topics in this forum
You cannot reply to topics in this forum
You cannot edit your posts in this forum
You cannot delete your posts in this forum

Search for:
Jump to:  
Powered by phpBB® Forum Software © phpBB Group