Lughaidh wrote:
Cha rabh's agam go dtáinig an Sindarin ón Quenya... Tá duifear an domhain eatarthu, nach bhfuil?
Tá, cinnte. Ní thig sí go díreach ón Quenya, ach thig an dá cheann acu ón Ghnáth-Eldarin. Scaradh in dhá ghéaga é sin: Quenya agus Telerin.
Labhair na Vanyar agus na Ñoldor a leaganacha féin de Quenya in Valinor, ach an leagan is mó is eol dúinn ó na scéalta ná Quenya an Mhéan-Domhain, .i. Quenya na Ñoldor i ndiaidh daofa Valinor a fhágáilt agus a ríocht féin a bhunú ar an Mhéan-Domhan.
Tá leaganacha den Telerin ann chomh maith atá íontach gar leis an Quenya, mar shampla an teangaidh a labhair na Telerin a chuaigh thart go Valinor níos moille ná na Vanyar ’s na Ñoldor. Ach tháinig athraithe móra ar na teangacha a labhair na Telerin eile, iad siúd a d’fhan ar an Mheán-Domhan, agus is ceann de na teangacha udaí í Sindarin.